There were 1,847 press releases posted in the last 24 hours and 399,963 in the last 365 days.

Comhaontú i bprionsabal faighte ag an Aire Creed maidir le teacht a bheith ag Éirinn ar mhargadh caoireola na Seapáine

An chéad bhua ag 'Foireann na hÉireann' i dtír óstach Chorn an Domhain sa Rugbaí agus tosaíochtaí i leith teacht a bheith ar mhargadh na Seapáine bainte amach

 

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu, (Dé Céadaoin) go bhfuil comhaontú i bprionsabal déanta chun go mbeidh teacht ag earnáil caoireola na hÉireann ar mhargadh na Seapáine agus deireadh ag teacht leis an gcéad chuid de mhisean trádála na seachtaine seo a  raibh cruinnithe idir an dá Rialtas i dTóiceo mar chuid de.

Ar dtús chas an tAire Creed lena mhacasamhail, Takamori Yoshikawa, Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Iascaigh (MAFF) na Seapáine; agus Masayoshi Shintani, an Leas-Aire Sláinte, Oibre agus Leasa (MHLW). Reáchtáladh na cruinnithe Aireachta sin i ndiaidh cruinnithe teicniúla mionsonraithe ar fhreastail oifigigh shinsearacha ón dá Aireacht  agus ó Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann orthu, a fuair tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann atá lonnaithe i dTóiceo.

Dúirt an tAire Creed i ndiaidh na gcruinnithe  “Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil comhaontú i bprionsabal bainte amach againn chun go mbeidh teacht ag earnáil caoireola na hÉireann ar an margadh. Déanfar na mionsonraí a thabhairt chun críche trí litreacha idir mo Roinnse agus na hoifigigh cuí sa tSeapáin.  Bhí na cruinnithe  a bhí agam leis an dá Aire thar a bheith dearfach, agus is léir sin ón gcomhoibriú teicniúil mionsonraithe agus ó na cruinnithe a bhí idir na hoifigigh agus ar mar gheall air sin a bhfuil fógra an lae inniu á dhéanamh. Nuair a dhéanfar an doiciméad seo a thabhairt chun críche, beidh monarchana a bhfuil spéis acu sa mhargadh sin, agus a mbeidh na coinníollacha ábhartha bainte amach acu, ábalta iarratas a dhéanamh chuig mo Roinnse lena gceadú chun onnmhairiú a dhéanamh.”

Gné thábhachtach de na cainteanna ab ea inrianaitheacht. Ar an mbunús sainaithint leictreonach a thabhairt isteach i leith caorach, bhí údaráis na Seapáine sásta gur chuir sin le hinrianaitheacht níos fearr i leith chaoireoil na hÉireann a bheadh ag teacht lena gcuid critéar féin chun go mbeadh teacht againn ar an margadh.  Cuireann comhaontú an lae inniu  le beart na míosa seo caite nuair a cuireadh deireadh leis an srian faoi 30 mí ar onnmhairí mairteola na hÉireann chuig an tSeapáin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil mairteoil uile na hÉireann incháilithe lena honnmhairiú chuig an margadh fíorluachmhar seo.

Dúirt an tAire Creed chomh maith,  “Is léiriú atá san éacht seo ar an mbéim níos  mó atá mo Roinnse a leagan ar  theacht a bheith againn ar mhargaí barrthábhachtacha a bhaint amach agus a fheabhsú. Bhí obair mhionsonraithe le déanamh ag  ár saineolaithe i ndáil le teacht a bheith ar mhargaí; chomh maith le hiniúchadh agus cuairteanna cigireachta ó údaráis inniúla ó mhargaí idirnáisiúnta; agus clár oibre níos géire  maidir le misin trádála agraibhia. Cuirtear eolas agus tacaíocht ar fáil don obair seo faoi chlár maidir le léargais mhargaidh agus margaíocht straitéiseach agus cur chun cinn Bord Bia.  Faoin dianchlár oibre seo, léirítear an straitéis chomhroinnte Food Wise atá againn, chomh maith le freagra bunúsach ar na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Bord Bia, Tara McCarthy fáilte roimh an bhfógra, agus dúirt, “Tá sé deimhnithe mar thoradh ar thaighde Bord Bia sa tSeapáin gur tosaíochtaí móra do thomhaltóirí na Seapáine is ea sábháilteacht bia agus muinín as córais sábháilteachta bia. Cuirfidh fógra an lae inniu ar chumas Bord Bia, in éineacht le tionscal,  an íomhá dhearfach d'Éirinn atá sa tSeapáin cheana féin a fhorbairt. Chomh maith leis sin, cuirfear le réimse na dtáirgí atá á meas le go n-áireofaí uaineoil na hÉireann a chur ar fáil d'allmhaireoirí na Seapáine, do mhórdhíoltóirí agus do thomhaltóirí ina dhiaidh sin.”

 Minister Creed secures agreement in principle on Irish sheepmeat access to Japan

 

CRÍOCH

                        

Date Released: 12 June 2019