There were 1,863 press releases posted in the last 24 hours and 399,162 in the last 365 days.

Gan glacadh ag Coveney ná ag Creed le bagairt aontaobhach ó Rialtas na hAlban maidir le ¿gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin¿ in aghaidh shoithí iascaireachta na hÉireann a bheith ag iascaireacht laistigh de 12 mhíle ó Rocal

Tá fógra foirmiúil i bhfoirm litreach faighte ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D, agus ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. ó Rúnaí Comh-aireachta do Ghnóthaí Seachtracha na hAlban, Fiona Hyslop MSP inar cuireadh in iúl go n-imscarfar soithí i limistéar Rocal chun “gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin” a ghlacadh in aghaidh shoithí na hÉireann a aimsítear a bheith i mbun iascaireachta laistigh de 12 míle ó Rocal ón deireadh seachtaine seo chugainn ar aghaidh.  

 

Tá aighneas ann le fada maidir leis an limistéar 12 mhíle thart ar Rocal.  Ba é seasamh Rialtas na hÉireann riamh go bhfuil na huiscí thart ar Rocal ina gcuid d'Uiscí an Aontais faoin gComhbheartas Iascaigh, a mbaineann prionsabal na rochtana comhionainne leo do gach soitheach de chuid Bhallstát an AE.  Tá soithí na hÉireann ag oibriú gan bhac i limistéar Rocal le blianta fada agus iad ag iascach cadóige agus scuid, chomh maith le speicis eile.

 

D'ardaigh Rialtas na hAlban an cheist maidir le rochtain a bheith ar an limistéar 12 mhíle timpeall Rocal den chéad uair in 2017 i ndiaidh Reifreann an Bhreatimeachta. Tá cainteanna agus malartuithe ar bun idir an Tánaiste, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus a gcuid oifigeach lena gcuid macasamhlacha in Albain le dhá bhliain anuas.  Cuireadh seasamh na hÉireann in iúl go láidir, is é sin nach bhfuil aon bhunús le soithí na hÉireann a choinneáil amach as uiscí Rocal toisc go bhfuil siad ag tabhairt faoi dheiseanna iascaigh san AE sna huiscí seo ar bhealach dlisteanach agus go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh gan bhac le blianta fada.

 

Dúirt an tAire Creed inniu “d'oibrigh an Tánaiste agus mé féin go dlúth lena chéile ionas nach dtarlódh sé go mbeadh soithí iascaireachta na hÉireann a bheadh ag iascach cadóige, scuid agus speicis eile sa limistéar 12 mhíle thart ar Rocal agus atá fós ag iascaireacht ansin, faoi bhagairt ag “gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin” gan údar ó Rialtas na hAlban. Ach mar sin féin, mar gheall ar an ngníomhú aontaobhach leanúnach seo, níl de rogha agam ach foláireamh a thabhairt do thionscal iascaireachta na tíre seo maidir le rún sonraithe Rialtas na hAlban.”

 

Dúirt an Tánaiste inniu “seasamh Rialtas na hÉireann le fada is ea go bhfuil soithí na hÉireann i dteideal rochtain a fháil ar uiscí Rocal.  Níor thugamar aitheantas riamh do cheannas na RA ar Rocal agus dá bharr sin níor aithníomar go bhfuil farraigí teorann thart air ach an oiread.   D’fhéachamar oibriú leis na hÚdaráis in Albain chun dul i ngleic le fadhbanna íogaire ar bhonn comhbhá agus comhoibriú.   Is trua linn go mór go bhfuil cúinsí mar atá faoi láthair agus tá sé i gceist againn gach rud is féidir a dhéanamh d'fhonn réiteach sásúil a bhaint amach.”

 

Chas an tAire Creed inniu le hionadaithe ó thionscal na hiascaireachta chun an cás a mhíniú dóibh agus comhairle a chur orthu maidir leis an mbagairt a bhaineann le gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin ó údaráis na hAlban in aghaidh shoithí iascaireachta na tíre seo. 

 

Dúirt an tAire Creed “Reáchtáil mé cruinniú inniu le hionadaithe ó thionscal na hiascaireachta a bhí crua ach riachtanach.  Tá an-díomá orm go raibh orm iad a chur ar an eolas faoin mbaol a bhaineann le gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin a bheith á cur ina n-aghaidh maidir le hiascaireacht dhlisteanach a dhéanamh sna huiscí thart ar Rocal.   Thuig na hionadaithe tionscail an cás ina bhfuil soithí na hÉireann ach is údar imní dóibh an gníomh seo a bheith á ghlacadh ag comh-Bhallstát nuair atá dlúthnasc idir na tionscail atá againn.”

 

 

CRÍOCH

Date Released: 07 June 2019