Ceannaireacht dhomhanda na hÉireann i leith forbairt inbhuanaithe aigéan agus dul i ngleic le hathrú aeráide ar taispeáint ag Cruinniú Mullaigh Shaibhreas ár nAigéan agus ag Seafest i gCorcaigh
Glacfaidh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D. agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. páirt, thar ceann rialtas na hÉireann, i Seafest 2019 agus i gCruinniú Mullaigh Shaibhreas ár nAigéan i gCorcaigh.
'Guth i gcomhar ag náisiúin bheaga oileánda' príomhthéama an chruinnithe mullaigh i mbliana agus díreofar ar an tábhacht a bhaineann le haigéin an domhain a chosaint ó thionchair a bhaineann le hathrú aeráide, do náisiúin oileánda ach go háirithe, chun todhchaí fhadtéarmach inbhuanaithe a chinntiú don gheilleagar muirí tríd is tríd.
Mar fhianaise ar cheannaireacht dhomhanda na hÉireann sa réimse seo, glacfaidh réimse saineolaithe idirnáisiúnta páirt ann, lena n-áirítear:
- Iar-Státrúnaí Mheiriceá, John Kerry
- Uachtarán na Séiséal, H.E. Danny Faure
- Peter Thomson, Toscaire Speisialta Ard-Rúnaí na NA le haghaidh na nAigéan
- Aire Gnóthaí Eachtracha Mhálta, H.E. Carmelo Abela
- Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Mairead McGuinness, FPE
- Buanionadaithe de chuid na NA ó líon tíortha lena n-áirítear Iamáice, Vanuatú, Antigua agus Barbúda, Oileáin Marshall agus Palau
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D, “Is oileán beag í Éire agus tuigimid na baoil a bhaineann leis an athrú aeráide dár gcairde san Aigéan Ciúin, i muir Chairib, san Atlantach agus san Aigéan Indiach. Tá siad i mbaol mór mar gheall air.
Is tionóil faoi leith de ghuthanna ó stáit bheaga oileánda atá i mbun forbartha atá i gCruinniú Mullaigh Shaibhreas ár nAigéan 2019, atá ag teacht le chéile anseo i gCorcaigh ar an gcúis go dteastaíonn réitigh dhomhanda chun dul i ngleic le fadhbanna domhanda. Creidimid go láidir in Éirinn nach féidir dul i ngleic le dúshlán mór na linne seo ach trí chur chuige a ghlacadh i leith ceartais aeráide. Gné lárnach dár gcur chuige i gcónaí is ea go leagfar béim ar riachtanais agus cásanna na ndaoine is mó a bheadh siar leis na fadhbanna ach arb iad is lú a chuir leis na fadhbanna céanna sin”.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., “Is é príomhdhúshlán na linne seo an baol a bhaineann le hathrú aeráide, baol atá linn cheana féin, agus ní mór dúinn pleanáil do thodhchaí inbhuanaithe na hearnála muirí i gcomhthéacs dúshláin dhomhanda a bhaineann leis an aigéan. Is iad na farraigí agus na haigéin bunús na hearnála muirí agus díreofar ag an gcruinniú mullaigh i mbliana ar an gcomhthéacs níos leithne maidir lenár n-acmhainn dhomhanda mhuirí agus ar an mbealach ar féidir linn í a chosaint chun todhchaí fhadtéarmach inbhuanaithe a chinntiú don fharraige.”
Foilseofar na staitisticí nuashonraithe geilleagracha muirí Dé Luain an 10 Meitheamh fad a bheidh an cruinniú mullaigh ar siúl agus táthar ag súil go léireofar go bhfuil fás suntasach tagtha ar gheilleagar aigéan na hÉireann ar bhonn leanúnach. Dúirt an tAire Creed:
“Tá ár gcuid spriocanna á mbaint amach againn maidir leis na huaillmhianta a bhí againn ar dtús don gheilleagar muirí a leagadh amach inár bplean comhtháite forbartha inbhuanaithe don earnáil muirí ‘Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin' in 2012. Cuireadh taca faoi thiomantas an Rialtais don earnáil le gairid trí Ráiteas Beartais Pleanála Muirí a cheadú ina leagtar amach na hathchóirithe a bhfuiltear ag tabhairt fúthu chun córas pleanála muirí atá nua-aimseartha agus comhtháite a chur ar fáil. Tá Bille um Pleanáil agus Forbairt Mhuirí á ullmhú, a bheidh in éineacht leis an mBille um Dhlínse Mhuirí agus an Creat Náisiúnta Pleanála Muirí. Cuirfidh siad sin ar fad creat nua ar fáil atá oiriúnach don fheidhm do na blianta amach romhainn”.
Fógróidh an tAire Creed freisin go bhfuil an Tuarascáil bhliantúil ar Dhul Chun Cinn ar Phlean Comhtháite Muirí d'Éirinn - Feidhm a bhaint as Saibhreas ár nAigéin, 2018” á foilsiú ag an gcruinniú mullaigh. Sa tuarascáil, a raibh baint ag ranna agus gníomhaireachtaí ar fud an Stáit léi, cuirtear neart eolais ar fáil faoi ábhair lena n-áirítear rialachas, taighde, oideachas, comhoibriú idirnáisiúnta, forbairt ghnó, agus inbhuanaitheacht chomh maith le héiceachórais mhuirí a chosaint agus a chaomhnú. Tá 'Cruinniú Mullaigh Shaibhreas ár nAigéin' a bhíonn ar siúl gach bliain ina dhlúthchuid de phlean comhtháite an Rialtais d'earnáil mara na hÉireann a thugann saineolaithe agus cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ceannairí tionscail, gníomhaireachtaí forbartha gnó, pobal gnó na hÉireann agus an pobal taighde mara le chéile.
Nóta d'eagarthóirí:
Is tionscnaimh de chuid an Ghrúpa Idir-Rannach Comhordaithe Mara iad an Cruinniú Mullaigh Shaibhreas ár nAigéin agus SeaFest (Féile Náisiúnta Mhuirí), a bhfuil an tAire Creed ina chathaoirleach orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil féach www.seafest.ie agus www.ouroceanwealth.ie
Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar chruinniú mullaigh OOW agus ar Seafest faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh don earnáil bia mara.
CRÍOCH
Date Released: 08 June 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
