Ráiteas an DAFM maidir le Imscrúdú an Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil maidir le cionta líomhnaithe a bhaineann le meabhlaireacht i gcleachtais chalaoiseacha maidir le cur isteach ar phasanna céannachta agus micrishliseanna capa…
Bíonn tréidlia oifigiúil agus foireann theicniúil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcónaí ag gach ceann dá cuid ionad seamlais ceadaithe lena n-áirítear 2 ionad seamlais capall ceadaithe de chuid na Roinne. Ní mór do gach seamlas, a mbíonn an fheoil a thagann astu le hithe ag an duine, na ceanglais a leagtar amach sna rialacháin sábháilteachta bia ón AE, dá dtagraítear go ginearálta mar an ‘Pacáiste Sláinteachais’, a chomhlíonadh. Déantar na rialacháin sin a chur i bhfeidhm in Éirinn faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Sláinteachas Bia agus Beatha) 2009, I.R. Uimh 432 de 2009.
I measc na réimsí seiceálacha a dtugtar fúthu, tá ainmhithe beo a aithint agus a n-úinéirí, seiceálacha sláinteachais bia, leas agus iompar ainmhithe, leigheasanna ainmhithe agus seiceálacha maidir le seachtáirgí ainmhithe a dhiúscairt.
Ba chóir a thabhairt ar aird gur ar na hoibreoirí gnó bia, ar an gcéad ásc, atá an cúram a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh rialacháin sábháilteachta bia AE lena n-áirítear ceanglais inrianaitheachta. I gcás monarchana feola a fheidhmíonn faoi mhaoirsiú na Roinne, tugtar faoi rialuithe oifigiúla ar na seiceálacha sin le chomh héifeachtach is atá siad a fhíorú.
Maidir le heachaithe a mharú, ní féidir aon eachaí a mharú mura bhfuil taifead de ar an lár-bhunachar sonraí eachaithe atá mar chuid de chóras Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe (AIM) na Roinne. Nuair a thugtar eachaí i láthair lena marú, seiceáiltear an córas lena chinntiú go bhfuil an t-ainmhí taifeadta sa bhunachar sonraí mar ainmhí atá incháilithe don slabhra bia. Sa chás nach bhfuil sin amhlaidh nó go bhfuil an fhaisnéis sa bhunachar sonraí éagsúil ón bhfaisnéis ar an bpas ina leith sin, baintear an t-eachaí amach as an slabhra bia agus ní féidir í a mharú.
Ní mór dearbhú comhlánaithe maidir le Faisnéis Slabhra Bia a bheith ag dul le gach eachaí a thugtar i láthair lena marú agus an dearbhú a bheith sínithe ag an gcoimeádaí reatha. Tugann an Roinn faoi scrúdú roimh bháis ar gach eachaí a thugtar i láthair ag na seamlais lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach lena marú. Déantar comparáid idir an t-eachaí féin agus an fhaisnéis atá tugtha ar an bpas lena n-áirítear an chairt marcála a líon an tréidlia nuair a aithníodh ar dtús í.
Déantar gach eachaí a scanadh féachaint an bhfuil micrishlis inti agus déantar na sonraí a bhaineann le haon mhicrishlis a aimsítear a chur i gcomparáid leis na sonraí ar an bpas agus déanann pearsanra de chuid an DAFM sin a thaifeadadh.
Sa chás nach bhfuil an mhicrishlis ag teacht leis an uimhir atá taifeadta ar an bpas nó go dtagtar ar mhicishliseanna eile nach bhfuil taifeadta ar an bpas, baintear an t-eachaí amach as an slabhra bia. Déanann an DAFM pasanna a scrúdú freisin go bhféachfar an bhfuil aon fhianaise ann gur baineadh dó.
Tugtar faoi scrúdú iarbháis freisin ar gach eachaí a mharaítear. Déanann pearsanra den DAFM maoirsiú ar mhicrishliseanna á mbaint as conablaigh lena chinntiú nach bhfuil san ainmhí ach an mhicrishlis/na micrishliseanna atá taifeadta ar an bpas. Sa chás go dtagtar ar mhicrishliseanna eile, déantar an t-ainmhí a bhaint amach go huathoibríoch as an slabhra bia.
Sa chás go n-aimsítear cásanna de neamhchomhlíonadh, gníomhaíonn an DAFM mar is cuí. Maidir le marú capall, má chinneann an DAFM nach bhfuil capaill incháilithe don slabhra bia, baintear na hainmhithe sin amach as an slabhra bia. Léiríonn sin chomh dian is atá rialuithe oifigiúla na Roinne.
Tá an DAFM agus an FSAI ag tacú le himscrúdú leanúnach de chuid Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil faoi chionta a bhaineann le meabhlaireacht de bhua Alt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) maidir le cleachtais chalaoiseacha líomhnaithe a bhaineann le cur isteach ar phasanna céannachta agus micrishliseanna capall a thugtar i láthair lena marú sa dlínse seo.
Ní bheadh sé cuí aon ní eile a rá maidir leis an imscrúdú seo ag an tráth seo.
CRÍOCH
Date Released: 06 June 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
