There were 1,608 press releases posted in the last 24 hours and 392,715 in the last 365 days.

Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta á ceiliúradh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. roimh sheachtain ina ndírítear aird ar bhithéagsúlacht agus aitheantas tugtha aige d'éileamh a rinneadh le gairid maidir leis an bpráinn atá le bithéagsúlacht a chosaint. Dúirt an tAire “tá ról suntasach ag Talmhaíocht maidir le cosc a chur le treochtaí diúltacha leanúnacha i mbithéagsúlacht de réir mar a tuairiscíodh sa mheasúnú Domhanda ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a d'fhoilsigh Clár Oibre Idir-Rialtasach um Beartas Eolaíochta ar Bhithéagsúlacht agus Seirbhísí Éiceachórais na Náisiún Aontaithe (IPBES) i dtús mhí Bealtaine.

“Tugann mo Roinnse ardtosaíocht do staid náisiúnta na bithéagsúlachta agus léirítear é seo san infheistíocht shuntasach a rinneadh i dtacaíochtaí bithéagsúlachta ar fud an Chláir Forbartha Tuaithe agus sa réimse scéimeanna agus bearta a bhaineann leis” a dúirt an tAire. Trí GLAS (An Scéim Ghlas, Íseal-Charbóin, Agra-chomhshaoil) tacaítear le thart ar 50,000 feirmeoir chun gníomhartha agus bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le bithéagsúlacht ar thalamh feirme ar nós na ngníomhartha i dtaca le hÉanlaith Talaimh Feirme, Féarach Buan Ionchuir Ísil, Móinéar Féir Traidisiúnta agus Pleananna Bainistíochta Coimíneachta. Tháinig Éire chun tosaigh i gcur chuige faoi cheannas áitiúil a fhorbairt mar chuid de chlár Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta na hEorpa (EIPanna) de chuid an DAFM, rud a thacaíonn le pobail feirmeoireachta ón mbun aníos. Dámhadh €59 milliún san iomlán ar 23 thionscadal lena n-áirítear tionscadal Chromán na gCearc agus tionscadal an Diúilicín Péarla. Sheol an tAire taispeántas agus leabhrán ar an 17 Aibreán chun aird a tharraingt ar an obair nuálach a bhí á déanamh ag na grúpaí faoi stiúir áitiúil seo.

Chomh maith leis sin, tá cur chuige réamhghníomhach glactha ag DAFM chun tacú le réimse leathan tionscadal caomhnaithe bithéagsúlachta lena n-áirítear maoiniú bliantúil €15,000 don Phlean um Pailneoirí Uile-Éireann, €15,000 do Léarscáil na bhFéileacán arna reáchtáil ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus €10,000 chuig 'Tionscadal an Philibín' de chuid Chairde Éanlaith Éireann chomh maith le tacú le roinnt tionscadal LIFE. 

Reáchtálfaidh an Roinn sraith imeachtaí an tseachtain seo an 20 Bealtaine chun Lá Domhanda na mBeach a cheiliúradh. Mar chuid de na himeachtaí áireofar seimineár maidir le pailneoirí a chosaint, taispeántas de ghrianghraif a ghlac baill foirne de phailneoirí, agus nuachtlitir arna foilsiú ag Líonra Pailneora DAFM, chun aird a dhíriú ar an réimse gníomhaíochtaí atá á gcur i gcrích ag an Roinn chun tacú le beacha agus le pailneoirí eile.

An Chomhdháil Náisiúnta um Bithéagsúlacht: Reáchtáladh 'Ionchais Nua don Dúlra', arna óstáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i mí Feabhra seo caite. Thug DAFM cúnamh láidir don chairt ‘Seeds for Nature’ leis na gealltanais seo a leanas:

Gealltanais i leith na Talmhaíochta:

1. Cómhaoiniú a dhéanamh in éineacht le NPWS ar acmhainní a fhorbairt don tionscadal “Feirmeoireacht don Dúlra”, arna fhorbairt ag BurrenBeo.

Gealltanais i leith na Foraoiseachta:

2. Díriú níos láidre ar an Scéim um Chaomhnú Coillearnaí Dúchasaí a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm agus gealltanas a thabhairt chun méadú faoi chúig a chur leis an nglacadh atá leis an scéim le linn shaolré an Chláir Náisiúnta Foraoiseachta reatha.

Gealltanais i leith na Mara:

3. Go mbeadh 100% de fhlít trálaeireachta na hÉireann ag glacadh páirte i dTionscnamh na nAigéan Glan chun dramhaíl agus smionagar ar muir a bhailiú agus a thabhairt i dtír lena ndiúscairt mar is cuí.

Oibreoidh DAFM, agus aghaidh á tabhairt ar an gcéad tréimhse maoinithe eile,  le ranna eile, le heolaithe agus le NGOnna lena chinntiú go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe ar bheartas maidir le bithéagsúlacht agus dúlra sa tírdhreach saibhir atá againn.  

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim GLAS ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/glas/

Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an bPlean um Pailneoirí Uile-Éireann a fháil ag:

http://www.biodiversityireland.ie/projects/irish-pollinator-initiative/all-ireland-pollinator-plan/

Is féidir tuilleadh sonraí maidir le ‘Feirmeoireacht don Dúlra ’ a fháil ag:

https://www.farmingfornature.ie/

 

The Department of Agriculture Food and the Marine celebrates National Biodiversity Week

CRÍOCH

Date Released: 20 May 2019