There were 1,663 press releases posted in the last 24 hours and 401,869 in the last 365 days.

Socrú déanta sa phróiseas eadrána maidir le scéim fostaíochta d¿iascairí neamh-EEA atá ag obair i gcoda de fhlít iascaireachta farraige na hÉireann

Tá socrú déanta agus comhaontú sínithe ag na páirtithe ar fad a bhí páirteach i bpróiseas eadrána le déanaí idir roinnt Ranna Rialtais agus an Cónaidhm Idirnáisiúnta na nOibrithe Iompair a bhaineann le scéim fostaíochta d’iascairí Neamh- EEA (lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) atá ag obair i gcoda de fhlít iascaireachta farraige na hÉireann.  Tugadh faoin bpróiseas eadrána i gcomhthéacs imeachtaí a ghlac Cónaidhm Idirnáisiúnta na nOibrithe Iompair i gcoinne Ranna Rialtais iomchuí maidir leis an Scéim agus breithiúnas Ard-Chúirte le déanaí maidir le faoiseamh urghaire den dáta an 7 Nollaig 2018. Caitheadh an cás amach san Ard-Chúirt inniu (30 Aibreán 2019).

Is iad na Ranna Rialtais iomchuí a bhí páirteach sa Scéim ná an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta; An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Seo a leanas príomhthéarmaí an chomhaontaithe:

  • Gheobhaidh gach rannpháirtí beartaithe sa Scéim a gconradh fostaíochta ina dteanga dhúchais chomh maith le leagan Béarla de. Beidh an fhoclaíocht sa chonradh soiléir maidir lena bhfuil an t-iascaire ina theideal i dtaobh pá, uaireanta oibre agus tréimhsí sosa.  Beidh an litir cheadaithe i dteanga dhúchais an iascaire, chomh maith le bheith i mBéarla, de réir mar is cuí.
  • Cuirfear nasc ar fáil do gach rannpháirtí sa Scéim sa litir cheadaithe chuig leathanach gréasáin ina dtabharfar míniú ar chearta an iascaire mar fhostaí agus a mbeidh iascaire in ann gearáin a dhéanamh maidir le haon sárú ar na cearta sin. 
  • Mar ab amhlaidh roimhe seo, ní féidir na costais a bhaineann le hiarratais faoi Scéim na nOibrithe Neamhthipiciúla a fhorchúiteamh as pá iascaire.
  • Ní dheonaítear cead fostaíochta ar aon náisiúnach neamh-EEA chun dul ag obair sa Stát gan conradh le fostóir sonrach. Forchoimeádann iascairí neamh-EEA an ceart fostaíocht a aistriú laistigh den Scéim; féadfaidh aistriú d’fhostaíocht den chineál sin tarlú gan cead ó fhostóir reatha nó ó fhostóir roimhe seo. 
  • Sa chás go mbíonn an Roinn Dlí & Cirt ar an eolas go bhfuil iascaire imithe as a gcuid fostaíochta, ar aon chúis, sula dtiocfaidh deireadh lena gconradh 12 mhí, eiseofar litir chuig an iascaire neamh-EEA ag iarraidh air mionsonraí a thabhairt don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir lena gconradh nua fostaíochta laistigh de 28 lá.
  • Déanfar Treoir AE 2017/159 a thrasuí i ndlí na hÉireann faoin 15 Samhain lena ndéanfar uaslíon uaireanta oibre a rialú chomh maith le híosuaireanta scíthe agus riachtanais líon forine ar bord soithí iascaigh tráchtála
  • Beidh na comhlachtaí iomchuí, i.e. an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC), Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO), agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mbun idirchaidrimh lena chéile maidir le I.R. 709 de 2003 (a bhaineann le huaireanta oibre agus scíthe ar bord soithí iascaigh) a chur i bhfeidhm.
  • Tiocfaidh Coiste Maoirseachta, faoi chathaoirleacht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, le chéile gach dhá mhí sna chéad sé mhí, ag tosú i mí Bealtaine agus gach ráithe ina dhiaidh sin chun monatóireacht a dhéanamh ar an Scéim agus a chinntiú go bhfuil sí ag feidhmiú mar ba cheart. 

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

An 15 Feabhra 2016 a sheol na hAirí Dlí agus Cirt agus Comhionannais; Talmhaíochta Bia gaus Mara; agus Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta ag an am an Scéim chun iascairí neamh-EEA a fhostú in gcoda de fhlít iascaigh farraige tráchtála na hÉireann.

Is síneadh atá sa Scéim ar an Scéim um Obair Neamhthipiciúil a riar an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann), agus a tugadh isteach bunaithe ar mholtaí a rinne Tascfhórsa Rialtais maidir le hoibrithe Neamh-EEA a bheith ag obair i bhFlít Iascaireachta na hÉireann i mí na Nollag 2015. Rinneadh an Tascfhórsa seo a bhunú mar thoradh ar thuairiscí go raibh mí-úsáid á baint as oibrithe imirceacha ar bord shoithí iascaireachta na hÉireann. Rinneadh roinnt páirtithe leasmhara cuir i láthair agus chuir aighneachtaí ar aghaidh, Ionad Chearta na nImirceach in Éirinn agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na nOibrithe Iompair ina measc.

Foráiltear den chéad uair sa Scéim do chreat struchtúrtha, trédhearcach chun oibrithe neamh-EEA a fhostú laistigh de dheighleog sonraithe de fhlít iascaireachta na hÉireann. Leagtar amach sa Scéim na híostéarmaí agus coinníollacha fostaíochta mar a bhaineann leis na hoibrithe seo de réir na dtéarmaí agus coinníollacha reachtúla ginearálta a bhaineann le hoibrithe trí chéile sa Stát. Chuir Airí fáilte roimh an Scéim mar réiteach ar an mbaol a bhaineann le dúshaothrú agus chun cearta fostaíochta agus cosaint d’iascairí neamh-EEA a bhaineann leas as an Scéim a chinntiú.

Tá eolas mionsonraithe ar an Scéim le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann, www.inis.gov.ie, nó ar thairseach líonra iascaireacht farraige ar, www.fishingnet.ie

 

CRÍOCH

 

Date Released: 30 April 2019