There were 1,914 press releases posted in the last 24 hours and 399,226 in the last 365 days.

Íocaíocht bhreise €15.4 milliún maidir le préimheanna foraoise d'úinéirí talún fógartha ag Doyle

D'fhógair Andrew Doyle T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go bhfuair 4,248 úinéir foraoise a gcuid íocaíochtaí préimhe, €15.4 milliún san iomlán, ina gcuntas bainc an tseachtain seo. Rinneadh na híocaíochtaí sin le húinéirí foraoise a rinneadh iarratas ar íocaíocht tríd an gcóras iarratais páipéarbhunaithe. Tá íocaíochtaí faighte ag breis agus 6,000 úinéir foraoise a rinne iarratas ar phréimheanna ar líne ó mhí Eanáir 2019 cheana féin.

 

Maidir leis na híocaíochtaí sin, dúirt an tAire "tá mo Roinn ag íoc nach mór €70 milliún amach i bpréimheanna foraoise le húinéirí Éireannacha i mbliana agus tá 88% den fhigiúir sin ag dul díreach chuig na feirmeoirí, le meán-íocaíocht €3,500 in aghaidh an fheirmeora. Is sruth ioncaim breise é seo d'fheirmeoirí a chuidíonn leis an ioncam atá acu a éagsúlú agus mholfainn do gach feirmeoir féachaint ar fhoraoiseacht más mian leo leas a bhaint as seo. Is préimh ráthaithe do 15 bhliana é seo faoina gclúdófar na costais bunaithe uile agus cuirfidh sin leis an mbeostoc atá ann cheana féin ar fheirm ar bith".

 

Thug an tAire le fios freisin go bhféadfaidh úinéirí foraoise cur isteach ar phréimheanna foraoise ar líne trí thairseach ar líne an IFORIS atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne maidir le Seirbhísí Ar Líne (www.agfood.ie). I gcomhréir le beartas na Roinne maidir le scéimeanna agus seirbhísí a chur ar fáil ar líne, tá an DAFM ag féachaint le córas a bheidh go hiomlán ar líne a shocrú don bhliain seo chugainn. Dúirt an tAire “Tá níos mó agus níos mó úinéirí talún ag féachaint le hiarratas ar líne ar phréimheanna a dhéanamh chuile bhliain. Is amhlaidh sin toisc go bhfeiceann siad go príomha go bhfaigheann siad a gcuid íocaíochtaí níos luaithe sa bhliain. Déanfaidh muid fógraí eile maidir le pleananna don bhliain seo chugainn sna míonna atá amach romhainn nuair a bheidh an córas reatha athbhreithnithe agam.

 

D'fhógair an tAire scéim athchuir freisin d'úinéirí foraoise a raibh tionchar ag an triomach mór ar a gcuid plandálacha le linn na bliana 2018. Dúirt an tAire, “Tuigim go maith an cruatan airgeadais a d'fhulaing úinéirí nuair a theip ar a gcuid crann de bharr an triomaigh mhóir sa samhradh 2018.  Chomh maith leis na bearta maidir leis na húinéirí sin atá fógartha agam cheana féin, tá an scéim athchuir seo á fógairt agam anois a chuireann córas íocaíochta cisealaithe ar fáil d'úinéirí príobháideacha foraoise a chuireann crainn nua in ionad na gcrann marbh sin.

 

Nótaí d'eagarthóirí

  • Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil d'úinéirí talún faoin gClár Foraoiseachta a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:

www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2014-2020/

 

  • Tá físeán oiliúna ar fáil ag:

www.agriculture.gov.ie/agfoodiehelpvideos/applyingforaforestrypremiumonline/ ina dtaispeántar mar a chuirtear iarratas ar phréimh isteach ar líne

 

  • Baineann an t-athchur le crainn a cuireadh idir an 1 Samhain 2017 agus an 30 Meitheamh 2018, faoi Scéim Foraoiseachta na Roinne, Scéim na gCoillte Dúchasacha, an scéim NeighbourWood agus an Scéim Chalara - Ash Dieback. Le bheith incháilithe don scéim, ní mór don limistéar plandála 30% nó níos mó a bheith caillte. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.

 Doyle announces further payment of forest premiums to landowners of €15.4 million

 

CRÍOCH

Date Released: 28 April 2019