There were 1,834 press releases posted in the last 24 hours and 399,937 in the last 365 days.

EIP/faoi threoir áitiúil in Éirinn seolta ag an Aire Creed

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., taispeántas agus foilseachán inniu ina leagtar béim ar an réimse leathan tionscadal atáthar ina mbun faoi scéimeanna EIP/faoi threoir áitiúil in Éirinn na Roinne. Tá an DAFM le €59m a infheistiú i 23 de na cineálacha nua scéimeanna seo. Bhí an seoladh ar siúl i dTeach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath agus tá sé leagtha amach chun an nuálaíocht a rabhthas ina bun sna 23 scéim a roghnaíodh ó ar fud na tíre a chur os comhair an phobail.

 

Dúirt an tAire Creed ag an seoladh: "Táimid tiomanta do chóras talmhaíochta inbhuanaithe a bhfuil meas aige ar an timpeallacht a fhorbairt. Tá earnáil na talmhaíochta meáite ar a cuid féin a dhéanamh chun freagra a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn a bhaineann le cúrsaí aeráide, cáilíocht uisce agus leis an mbithéagsúlacht.  Táimid chun €59m a infheistiú sna scéimeanna faoi threoir áitiúil seo chun na spriocanna sin a bhaint amach ag an leibhéal áitiúil trí chuir chuige nuálacha nua a spreagadh agus a fhorbairt le dul i ngleic le dúshláin timpeallachta ar bhealach spriocdhírithe. Is féidir leis an gcur chuige spriocdhírithe ar dhúshláin shonracha i réimsí sonracha cur leis na scéimeanna agra-chomhshaoil náisiúnta níos mó atá againn".

 

Leagtar béim sa taispeántas ar an obair éagsúil a ndeachaigh grúpaí Tionscadail EIP ina bun lena n-áirítear tionscadail ar bhithéagsúlacht, táirgeadh orgánach, pailneoirí, cáilíocht uisce, bainistiú tuilte, ithreacha, feirmeoireacht i dtírdhreach seandálaíochta agus díriú ar bhithmhais talmhaíochta nach bhfuil in úsáid.

 

Is féidir leis an bpobal an taispeántas a fheiceáil i dTeach na Talmhaíochta sula gcuirfear ar taispeántas in oifigí DAFM eile é ar fud na tíre.  Nuair a bheidh an taispeántas i mBaile Átha Cliath thart, cuirfear an taispeántas ar siúl in oifig na Roinne in Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach i Loch Garman.

 

Mar focal scoir dúirt an tAire: "Tá na buntáistí a bhaineann le scéimeanna faoi threoir áitiúil soiléir, agus tosaíonn na buntáistí sin ag céim an dearaidh. Is ag an gcéim sin a dtagann feirmeoirí, lucht taighde, eolaithe agus comhairleoirí le chéile i nGrúpaí Oibriúcháin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist áitiúil shonraithe a bhaineann leis an timpeallacht. Tá an 23 thionscadal deiridh atá roghnaithe ar an gcaighdeán is airde agus bhí an próiseas roghnaithe thar a bheith dian. Anois agus na tionscadail sin i mbun oibriúcháin, táimid ag iarraidh an nuálaíocht a bhain leo a chur os comhair lucht spéise níos mó. Níl aon dabht ann ach go mbeidh cur i bhfeidhm níos leithne i gceist de bharr na gceachtanna a foghlaimíodh le linn an phróisis seo, gan trácht ar an leagan amach a bheidh ar an gcéad CAP eile". 

 

Nótaí d'Eagarthóirí

 

Is beart nua comhoibre faoi Airteagal 35(1) den rialachán é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP). Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibriúcháin a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm trí a bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil.   

 

Is iad an Dr Shane Conway, an Dr Maura Farrell agus an Dr Aisling Murtagh as OÉ Gaillimh a leag amach an leabhrán EIP-ARGI thar ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Líonra Náisiúnta Tuaithe.

 

Cuireadh tús le Glao 1 de phróiseas iomaíoch an EIP i mí na Nollag 2016 nuair a tionóladh glao oscailte ar dtús chun smaointe a fháil agus tugadh cuireadh do dhaoine tograí a chur isteach. Eisíodh Glao 2 faoin tionscnamh seo i mí Lúnasa 2017. I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na tograí sin, roghnaíodh 21 thionscadal.

 

Ina theannta sin, tá dhá mhórthionscadal faoin tionscnamh EIP i gceist a bhaineann le speicis atá i mbaol -  scéim Chromán na gCearc (ar fiú €10m í) agus clár an Diúilicín Péarla (ar fiú €25m é).

 

Is féidir eolas faoi thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar láithreán gréasán na Roinne nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eip@agriculture.gov.ie

 

Is féidir teacht ar an nasc chuig an bhfoilseachán a seoladh inniu anseo

 

Is liosta iomlán é seo a leanas de na 23 EIP:

Tionscadal Chromán na gCearc

Tionscadal an Diúilicín Péarla

Tionscadal Allow – Feirmeoireacht Dhúiche Ealla d'Abhantraí Blue Dot

Athghiniúint na Bithéagsúlachta i dTimpeallacht Déiríochta (BRIDE)

Bithmhais go dtí Bithghualach do Bhithgheilleagar Feirme (BBFB)

Biorefinery Glas

Todhchaí Feirmeoireachta an Staighre Dhuibh

Caomhnú Árann

Cúlra Créafóige – Clár Athghiniúna Saothraithe

Grúpa Feirmeoireachta DANÚ

Curaíocht Caomhnaithe a Chumasú

Tionscadal Fheirmeoireacht Ráth Cruachan

Tionscadal Fheirmeoirí Thalamh Ard Inis Eoghain

Córais Táirgthe Orgánaigh a Uasmhéadú (MOPS)

EIP na Maoilchearna

Scéim Agra-Chomhshaoil faoi Threoir Áitiúil Thuaisceart Chonamara

Sonraí Ovi

Pailneoirí Thalamh Feirme a Chosaint

Clár Taispeántais Small Biogas

Plean Talmhaíochta Inbhuanaithe do na Cruacha Dubha

Scéim Agra-Chomhshaoil Inbhuanaithe do Thalamh Ard (SUAS)

An Crotach Pórúcháin in Éirinn a Chaomhnú

Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann

 

EIP Launch

CRÍOCH

Date Released: 17 April 2019