There were 1,822 press releases posted in the last 24 hours and 399,408 in the last 365 days.

Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil Monarcha Eile Ceadaithe chun Mairteoil a Onnmhairiú chuig Daon-Phoblacht na Síne

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go bhfuil monarcha eile mairteola in Éirinn ceadaithe ag údaráis na Síne agus liostaithe ag an GACC, Údarás Ginearálta Custam na Síne.

In 2018 a d'oscail an margadh mairteola agus bhí sé mhonarcha mairteola in Éirinn ceadaithe roimhe seo chun mairteoil a onnmhairiú. Tarlaíonn seo díreach roimh mhisean trádála an Aire chun na Síne i mí Bealtaine. 

Thug an tAire ar aird “Tá mé thar a bheith sásta go raibh oifigigh na Síne sa GACC ábalta an chuid seo den phróiseas clárúcháin a thabhairt chun críche.”

Dúirt an tAire “Is léiriú é seo ar an obair a rinne mo Roinnse chun rochtain a fháil ar an margadh trí bhealaí teicniúla, taidhleoireachta agus polaitiúla. Is príomhghné de chuid straitéis Food Wise 2025 agus den fhreagra atá againn ar an mBreatimeacht deiseanna margaidh a chruthú dár gcuid onnmhaireoirí.

Dúirt an tAire freisin “Beidh dhá cheann déag de mhonarchana feola in Éirinn, gan Fuarstórais san áireamh, ceadaithe anois le bheith ag onnmhairiú chun na Síne – seacht monarcha mairteola agus cúig mhonarcha muiceola.  Díol suntais chomh maith na háiteanna ina bhfuil na monarchana seo lonnaithe go tíreolaíoch agus beidh sin ina bhuntáiste ag feirmeoirí ar fud na tíre. Táimse dírithe anois ar a chinntiú go ndéantar tuilleadh monarchana mairteola a cheadú agus féachfaidh mé le dul chun cinn a dhéanamh freisin le linn an Mhisin Trádála chun na Síne an mhí seo chugainn ar rochtain a fháil ar mhargadh caoireola na Síne."

Nóta d'eagarthóirí:

B'ionann líon iomlán onnmhairí trádála agraibhia na hÉireann chun na Síne agus beagnach €795 mhilliún anuraidh.  Faoi láthair, tá an tSín ar an gcúigiú margadh is mó againn ar an iomlán. Bhí an tSín ar an tríú margadh is mó d'onnmhairí déiríochta agus ar an dara margadh is mó d'onnmhairí muiceola. Tá fás ag teacht freisin ar mhargadh na Síne maidir le bia mara agus le honnmhairí bia agus dí eile.  (Staitisticí trádála CSO)

In 2018 cuireadh tús le mairteoil a onnmhairiú agus b'fhiú thart ar €2.8 milliún (1,400 tonna) (Staitisticí trádála CSO) na honnmhairí sin. Tá scóip shuntasach ann i leith leibhéil níos airde onnmhairíochta agus i leith monarchana breise a cheadú.  

De réir réamhaisnéisí an USDA, táthar ag súil go n-ídeoidh an tSín breis is 8.5 milliún tonna mairteola in 2018. Tá sin níos mó ná aon tír eile lasmuigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beagnach 4% níos mó ná na leibhéil a ídíodh in 2017.

Is féidir teacht ar Liosta de na Monarchana atá ceadaithe ag GACC tríd an nasc seo.

Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil Monarcha Eile Ceadaithe chun Mairteoil a Onnmhairiú chuig Daon-Phoblacht na Síne 

CRÍOCH

Date Released: 16 April 2019