There were 1,622 press releases posted in the last 24 hours and 413,570 in the last 365 days.

Treoirlínte maidir le Leas Ainmhithe do Thréada Déiríochta seolta ag an Aire

Tá leabhrán nua seolta go hoifigiúil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. dar teideal 'Treoirlínte maidir le Leas Ainmhithe do Thréada Déiríochta' arna chur i láthair ag an gComhairle Chomhairleach Leas Ainmhithe Feirme (FAWAC).

Tríd an leabhrán seo tabharfar cúnamh d'fheirmeoirí na hÉireann na caighdeáin is airde maidir le leas ainmhithe a chothabháil le linn méadú a bheith ag teacht ar an Tréad Déiríochta sa tír.  Maidir le haitheantas a thabhairt d'obair FAWAC, dúirt an tAire; “Tá ríthábhacht ag baint leis an obair atá déanta ag an ngrúpa seo chun ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chothabháil in Éirinn”.

Dúirt an tAire freisin; “Tá sé riachtanach chomh maith go gcinnteoidh gach duine atá i mbun feirmeoireacht déiríochta go bhfuil siad tiomanta do chleachtais mhaithe maidir le leas ainmhithe chun an cháil mhaith atá ar an tír seo i leith leas ainmhithe a choinneáil.  Tá an-tábhacht ag baint leis seo mar gheall ar an stádas atá againn mar ghlan-allmhaireoir táirgí talmhaíochta. Tá dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí maidir le leas ainmhithe agus tá glactha le hiarrachtaí leanúnacha chun tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh”.

Ghlac an tAire Creed a bhuíochas leis an Ollamh Patrick Fottrell, cathaoirleach FAWAC, agus le baill na Comhairle, go háirithe le baill an Fho-Ghrúpa Oideachais, ina gcuimsítear ionadaithe ó Thréidliacht Éireann, an  ICMSA, agus an IFA chomh maith le hoifigigh na Roinne as a gcuid oibre chun an leabhrán seo a chur le chéile. Chomh maith leis sin léirigh an tAire a bhuíochas as an obair leanúnach agus luachmhar a dhéanann an Chomhairle agus as an gcomhairle a chuirtear ar fáil sa réimse leasa ainmhithe. 

Tá an leabhrán ar fáil ar láithreán gréasáin FAWAC ag www.fawac.ie nó ó Rúnaíocht FAWAC - ríomhphost FAWAC@agriculture.gov.ie

Minister Launches Animal Welfare Guidelines for Dairy Herds 

CRÍOCH

Date Released: 10 April 2019