There were 1,758 press releases posted in the last 24 hours and 400,372 in the last 365 days.

An 9ú bliain fáis as a chéile ar onnmhairithe agraibhia an tráth céanna a bhfuil teacht ag tionscal mairteola agus muiceola na hÉireann ar mhargadh na hÚcráine á fhógairt ag an Aire Creed

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go bhfuil margadh na hÚcráine oscailte do mhairteoil agus do mhuiceoil na hÉireann, agus é ag labhairt ag 21ú cruinniú Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025  (HLIC);

Thángthas ar an gcomhaontú seo mar thoradh ar idirbheartaíocht dhéthaobhach idir mo Roinn agus údaráis na hÚcráine, le cúnamh ó Ambasáid na hÉireann i bPrág. “Is léiriú é seo ar an muinín atá ag údaráis na hÚcráine as na hardchaighdeáin maidir le sábháilteacht bia agus as na rialacháin dhiana atá i bhfeidhm ag Éirinn an margadh seo a bheith oscailte. Is céim thábhachtach eile í chun na naisc agraibhia atá ag Éirinn leis an Úcráin a fhorbairt.

Tá sonraí maidir leis na socruithe nua seo chun dul i mbun trádála leis an Úcráin á gcur le tairseach rochtana margaidh na roinne agus eiseofar fógra do lucht trádála agus d'onnmhaireoirí go luath.

Chomh maith leis sin bhí an tAire i gceannas ar chainteanna ar ullmhúcháin na roinne agus Ghníomhaireachtaí Stáit ábhartha don Bhreatimeacht, ar mhargaí nua a fhorbairt do tháirgí agraibhia, agus ar dheiseanna nua a fhorbairt chun luach a chur le táirgeacht agraibhia, trí thionscnaimh sa bhithgheilleagar.  

Is ceann de phríomhthéamaí Foodwise 2025 é deiseanna a fhorbairt do mhargaí nua d'earnáil agraibhia na hÉireann agus is cuid lárnach é de straitéis maolaithe na hÉireann é maidir leis an mBreatimeacht. Trí na struchtúir mhaoirseachta a bunaíodh faoi Foodwise, comhordaíonn an tAire obair na Roinne agus na ngníomhaireachtaí, lena chinntiú go mbeidh teacht ag onnmhairithe bia agus dí na hÉireann ar mhargaí ríthábhachtacha, agus go mbeidh táirgí dírithe ar na margaí cearta agus ar na réimsí cearta laistigh de na margaí sin.  Maidir leis na hiarrachtaí sin, dúirt an tAire Creed:

Cuireann an margadh bia domhanda deiseanna suntasacha fáis ar fáil d'earnáil agraibhia na hÉireann. Tá sé seo ríthábhachtach i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Is é sin an fáth a bhfuil mo Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí ag díriú go leor ama agus acmhainní ar mhargaí nua a oscailt d'onnmhaireoirí na hÉireann.”

In 2018, stiúir an tAire Creed misin thrádála chuig an Tuirc, SAM & Ceanada, an tSín agus an Mhalaeisia & an Indinéis. Ceann de bhuaicphointí na bliana sin ab ea teacht a bheith ag tionscal mairteola na hÉireann ar mhargadh na Síne.  Cuireadh níos mó ná 1,400 tonna mairteola ó Éirinn chun na Síne in 2018, agus tá acmhainneacht shuntasach ann chun cur leis sin. Chomh maith leis sin, sheol an Roinn Tairseach Eolais Onnmhairithe Rochtana Margaidh ar líne, atá ina ionad ilfhreastail d'onnmhaireoirí chun eolas sonraithe a fháil faoi rochtain margaidh agus onnmhairí ar mhargaí agraibhia ar fud an domhain atá oscailte.

Chomh maith leis sin, labhair an tAire faoi chlár trádála na roinne do 2019. Reachtáladh misean trádála chun na Tuirce faoi stiúir an Aire i mí Márta a bhí dírithe ar thrádáil bheo.  Tá misin eile beartaithe chun na Síne i mí Bealtaine, chun na Seapáine & na Cóiré Theas i mí Meithimh agus chun na hAilgéire & na hÉigipte i mí Samhna. Dúirt an tAire:

Agus muid ag féachaint chun cinn, léiríonn léargais mhargaidh agus thrádála go bhfanfaidh an t-éileamh ar bhia agus deochanna na hÉireann dearfach i rith 2019. Is údar misnigh dom é an teacht aniar atá léirithe ag earnáil agraibhia na hÉireann i rith 2018 in éadan imeachtaí suntasacha aimsire agus in éadan na héiginnteachta leanúnaí maidir leis an mBreatimeacht. Táim muiníneach go leanfaidh an teacht aniar seo ar aghaidh le linn 2019. Idir an dá linn beimid ag déanamh gach is féidir linn chun bia na hÉireann a chur chun cinn sna margaí idirnáisiúnta.  ”

Reáchtáladh cruinniú an lae inniu an t-am céanna a d'fhoilsigh an Roinn staitisticí trádála uasdátaithe don earnáil agraibhia in 2018.  Dúirt an tAire Creed; “Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach is tábhachtaí de chuid na hÉireann agus tá ról fíorthábhachtach aici i ngeilleagar na hÉireann. Rinneadh bia agus deochanna na hÉireann a onnmhairiú chuig níos mó ná 180 margadh ar fud an domhain in 2018.  Tá 173,000 duine fostaithe san earnáil, arb ionann é agus beagnach 8% d'fhostaíocht, agus tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gceantair faoin tuath agus le cósta. In 2018 arís chonacthas an bhliain ba shuntasaí go dtí seo maidir le luach na n-onnmhairithe agus méid na n-onnmhairithe, arbh fhiú €13.9 billiún iad. Is í seo an naoú bliain as a chéile a bhfuil méadú tagtha ar luach onnmhairithe na hearnála.

Chomh maith leis sin, rinne an Coiste na naisc a d'fhéadfadh a bheith idir an earnáil agraibhia agus an bithgheilleagar a mheas. Is é cuspóir na hoibre seo deiseanna gnó a fhorbairt d'fhiontair feirme agus d'fhiontair bia eile, trí sreafaí luacha a fhorbairt d'fhotháirgí agraibhia.   Trí nuálaíocht sa réimse seo tá an poitéinseal ann feabhas a chur le hinmharthanacht feirmeacha agus gnónna eile ar feadh an tslabhra soláthair, agus cur go dearfach le hiarrachtaí na hÉireann maidir le dul in oiriúint don athrú aeráide agus maidir le maolú. Maidir le Beartas an Rialtais sa réimse seo, dúirt an tAire:

“Tá acmhainneacht bhithgheilleagair na hÉireann feicthe agam féin, mar shampla, an bhithscaglann ardleibhéil atá forbartha ag Glanbia sa Lisín, Co. Thiobraid Árann.  Tríd an tionscadal seo tógfar fotháirgí ón earnáil déiríochta, agus cuirfear luach leo trí aigéad lachtach a dhéanamh díobh ar féidir a thiontú ina bplaistigh in-bhithmhillte, leasacháin bhithbhunaithe agus mianraí eile. Is sampla den scoth é den chomhoibriú láidir atá idir ár gcuid iarrachtaí feabhas a chur le brabúsacht na hearnála agus aire a thabhairt don phláinéad do na glúnta atá le teacht.  Léirítear sa tuarascáil a fuair mé inniu iarrachtaí an Rialtais chun dul i ngleic leis na dúshláin agus feasacht a ardú faoi na deiseanna atá ar fáil sa réimse seo. Is gné thábhachtach de chuid bheartas an Rialtais agus an AE anois é bithgheilleagar láidir a fhorbairt agus cuirfidh sin deiseanna suntasacha ar fáil d'Éirinn ó thaobh ghníomhú ar son na haeráide de, ó thaobh tionscail de agus ó thaobh táirgeadh príomhúil de.

 

Nótaí d'eagarthóirí

Oscailt Mhargadh na hÚcráine

Óstáladh cuairt ó oifigigh na hÚcráine chun na hÉireann i mí Meithimh 2018, inar cuireadh rialúcháin agus córas rianaithe na Roinne (AIM) i láthair na n-oifigeach, rud a chuidigh leis na hidirbheartaíochtaí a bhrú chun cinn.  Chomh maith leis sin chas Ambasadóir na hÉireann chun na hÚcráine le Ceannaire an SSUFCP, an Dr Volodymyr Lapa, i lár mhí na Samhna 2018 chun deimhnithe sláinte tréidliachta a phlé. 

Osclófar an margadh anois do mhairteoil agus do mhuiceoil chomh maith le táirgí muiceola. Tuigeann an DAFM go bhfuil scairteach clúdaithe faoi théarmaí na ndeimhnithe. 

B'ionann onnmhairí agraibhia na hÉireann chun na hÚcráine agus €10.5 milliún in 2018, arbh onnmhairí éisc dhá thrian díobh. Allmhairíodh thart ar luach €53 milliún de tháirgí agraibhia chun na hÉireann ón Úcráin, agus ba Ghránaigh agus ullmhóidí gránaigh 90% díobh.  

Faoi láthair tá Ambasáid na hÉireann i bPrág creidiúnaithe don Úcráin ach tá sé i gceist ag an DFAT Ambasáid a oscailt i gCív roimh dheireadh 2020 mar chuid de straitéis Global Ireland 2025.

Is féidir teacht ar an tairseach gréasáin rochtana margaidh a seoladh mar chuid de Ghníomhphlean Rochtana Margaidh agus onnmhairí ag http://www.marketaccess.agriculture.gov.ie/

Staitisticí Trádála Agraibhia

Mar thoradh ar athbhreithniú ar staitisticí trádála agraibhia ar thug an CSO faoi le gairid.

  • B'ionann luach onnmhairí agraibhia agus €13.9 billiún, níos mó ná an figiúr ba shuntasaí €13.8 billiún in 2017.  Lean líon na dtáirgí agraibhia a onnmhairíodh in 2018 ag fás don naoú bliain as a cheile, suas 7.2% i gcomparáid le 2017.
  • Tá táirgí déiríochta fós ar an táirge agraibhia is mó de chuid na hÉireann a ndéantar a onnmhairiú agus luach €4.65 leo, agus atá síos de bheagán níos lú na 1% i gcomparáid le 2017. Tá onnmhairí mairteola sa dara háit ag €2.44 billiún, suas 1%. Is fiú €1.45 billiún onnmhairithe deochanna, lena n-airítear uisce beatha, atá suas 7% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
  • Cé go bhfuil luach iomlán na n-onnmhairithe suas de bheagán in 2018, tá fás láidir léirithe i leith roinnt táirgí ar nós: onnmhairí ime nádúrtha chun na hÍsiltíre, atá suas 71% go dtí €301 milliún, SAM, atá suas 85% go dtí €157 milliún; uisce beatha chuig SAM, atá suas 13% go dtí €385 milliún agus feoil bhuaibheach reoite nach bhfuil aon chnámha inti chuig an Bhreatain Mhór, atá suas  45% go dtí €160 milliún.
  • B'ionann luach onnmhairithe Bia Ullmhaithe do Thomhaltóirí agus €2.7 billiún in 2018. B'ionann ullmhóidí feola agus beagán níos mó ná €1 billiún, atá suas 9% beagnach i gcomparáid le 2017. D'éirigh go maith le táirgí seacláide chomh maith le fás 6% chun luach onnmhairithe €273 milliún a bhaint amach.
  • Tá an Ríocht Aontaithe fós ar an gcomhpháirtí trádála is láidre atá againn agus onnmhairithe €5.6 billiún in 2018, ina dhiaidh sin tá an Ísiltír, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Fhrainc agus an tSín a chuimsíonn na cúig mhargadh onnmhairithe is mó.

Cuimsítear sonraí maidir le trádáil agraibhia in 2018 inár mBileog Eolais maidir le Trádáil do 2018 atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag https://www.agriculture.gov.ie/publications/.

Tá roinnt catagóirí agraibhia sainaitheanta agus comhaontaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus ag an bPríomhoifig Staidrimh (CSO) i staitisticí trádála an CSO. Áirítear ar na catagóirí sin táirgí bia traidisiúnta ar nós mairteola, táirgí déiríochta agus deochanna; chomh maith le nithe nach féidir a ithe ar nós bia-ábhar d'ainmhithe, foraoiseacht, agus seithí agus craicne ainmhithe.

Le linn 2018 thug DAFM faoi bheart chun scrúdú a dhéanamh ar an mbealach a dhéantar táirgí ón earnáil Agraibhia a rangú.  Déantar táirgí agus earraí Amha a rangú trí úsáid a bhaint as cóid ainmníochta (cóid CN), córas comhchuibhithe Eorpach a úsáidtear chun earraí a rangú chun críocha custaim agus trádála.  Mar thoradh ar an mbeart staitistiúil seo, cuireadh roinnt cód CN breise nua agus uathúil leis an earnáil Agraibhia, ar féidir a bhformhór díobh a chur i leith táirgí foraoiseachta agus adhmaid. Coinníodh dramhpháipéar, a n-áirítí faoi tháirgí foraoiseachta go traidisiúnta, amach as meastacháin agraibhia sna cóid CN a athbhreithníodh. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin cuireadh thart ar €250 milliún le luach onnmhairithe, agus an chuid is mó den luach breise curtha i leith táirgí foraoiseachta agus adhmaid.

Cuireadh dhá chatagóir nua don earnáil Agraibhia leis, is iad sin Táirgí bunaithe ar Adhmad agus Táirgí bunaithe ar Thorthaí & Glasraí, rud a thug líon iomlán na gcatagóirí agraibhia go dtí 26. Cruthaíodh na catagóirí nua seo chun tuilleadh idirdhealaithe a chur ar fáil idir táirgí príomha ag tánaisteacha agraibhia agus chun ionadaíocht níos fearr a dhéanamh ar an tionscal.

Tríd an mbeart sin, cinntíodh go bhfuil ionadaíocht staitistiúil atá cothrom le dáta agus mionsonraithe á déanamh ar earnáil Agraibhia na hÉireann. Cuireadh na cóid nua seo i bhfeidhm ar bhlianta roimhe seo agus tá staitisticí uasdátaithe ar fáil anois ó 2009-2018.

Is féidir teacht ar eolas faoin mBreatimeacht ag www.gov.ie/brexit.

 

 April hlic

 

 

CRÍOCH

Date Released: 05 April 2019