There were 304 press releases posted in the last 24 hours and 357,556 in the last 365 days.

Clinicí BPS Ar Líne fógartha ag an Aire Creed d'iarratais ar líne 2019

Tá achoimre tugtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., ar phleananna maidir le tuilleadh tacaíochtaí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 agus Aistriú Teidlíochtaí a dhéanamh ar líne.

I mí Feabhra osclaíodh an próiseas iarratais ar líne do 2019 agus dúirt an tAire “Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil iarratais ar líne déanta cheana ag líon mór feirmeoirí ó d'fhógair mé go raibh an tréimhse le hiarratas a dhéanamh do 2019 le hoscailt níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.  Tá iarratais ar líne déanta cheana féin ag níos mó ná 20,000 feirmeoir i mbliana.”

Dúirt an tAire freisin; “Ní mór, faoi rialacháin an AE, na hiarratais a chur ar aghaidh ar líne.  Is ar líne a rinne feirmeoirí ar fad na hÉireann iarratas anuraidh den chéad uair agus léiríonn sin an réimse buntáistí atá ann do na feirmeoirí iarratais a dhéanamh ar líne. Le blianta beaga anuas, tá clinicí BPS ar líne curtha i bhfeidhm ag mo Roinn ar fud na tíre inar féidir le feirmeoirí bualadh le duine de na baill foirne chun a n-iarratas BPS a dhéanamh díreach ansin.  Bhí an-tóir ar na clinicí seo i measc feirmeoirí, agus táim sásta a fhógairt go mbeidh an tseirbhís chéanna á cur ar fáil arís i mbliana.”

Tá na gnéithe ar fad a bhaineann leis na Scéimeanna Íocaíochta Dírí  (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochta, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) anois ar fáil ar líne.  Cuidíonn seo a chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.

Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:

  • 076 1064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú le www.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl., nó
  • 076 1064420 maidir le fiosruithe chun an t-iarratas BPS féin a líonadh nuair a bheifear cláraithe le www.agfood.ie nó chun ceist a chur maidir leis na clinicí duine le duine.

Dúirt an tAire ar deireadh “Mholfainn do gach feirmeoir leas a bhaint as an deis iarratas a dhéanamh ag an tráth seo ar an BPS tríd an gcóras ar líne.   Tá sé ar fáil d'fheirmeoirí chun sin a dhéanamh iad féin nó trí ghníomhaire.”

Chomh maith leis sin beidh foireann ar fáil in Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí chuile lá i rith na seachtaine as seo go dtí dáta dúnta an BPS an 15 Bealtaine 2019.

 

Aibreán 2019 – Dátaí agus Ionaid do Chlinicí

 

Dáta

Am

Ionad

Déardaoin

An 4 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Longford Arms, 25 An Príomhshráid, Currach an Déanaigh,

Contae an Longfoirt

Dé hAoine

An 5 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Caisleán Bhaile Sheáin Contae Loch Garman

Óstán Radisson Blu, Bóthar Bhaile an Chartha, An Ros,

Contae Shligigh

Dé Luain

An 8 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Carrickdale, Corr an Charnáin, Gleann na bhFiach, Dún Dealgan

Contae Lú

Dé Máirt

An 9 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Droim Seanbhó

Contae Liatroma

Dé Céadaoin

An 10 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Twin Trees, Bóthar Chnoc na Ladhar, Cnoc na Ladhar, Béal an Átha,

Contae Mhaigh Eo

Déardaoin

An 11 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Brehon, Bóthar Mhucrois, Cill Airne,

Contae Chiarraí

Dé hAoine

An 12 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Oranmore Lodge, Ceathrú na Manaoise, Órán Mór,

Contae na Gaillimhe

Dé Luain

An 15 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Sráid Fhearnáin.

Contae an Chabháin

Dé Máirt

An 16 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Shearwater, Marina Point, Béal Átha na Sluaighe  

Contae na Gaillimhe

Dé Céadaoin

An 17 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Arklow Bay, Sea Road, Port an Chalaidh, An tInbhear Mór,

Contae Chill Mhantáin

Déardaoin

An 18 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Firgrove, Baile Mhistéala,

Contae Chorcaí

Dé Máirt

An 23 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán County Arms, Biorra,

Contae Uíbh Fhailí

Dé Céadaoin

An 24 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Clonmel Park, Bóthar na Cathrach, Cluain Meala,

Contae Thiobrad Árann

Déardaoin

An 25 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Mullingar Park, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Muileann gCearr,

Contae na hIarmhí

Dé hAoine

An 26 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Four Seasons, Cúil Seanach, Muineachán

Contae Mhuineacháin

Dé Luain

An 29 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Jackson’s, An Príomhshráid, Bealach Féich,

Contae Dhún na nGall

Dé Máirt

An 30 Aibreán 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán McWilliam Park, Bóthar Chill Cholmáin, Clár Chlainne Mhuiris,

Contae Mhaigh Eo

 

 

Bealtaine 2019 – Dátaí agus Láithreacha do Chlinicí

 

Dáta

Am

Ionad

Dé Céadaoin

An 1 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Tigh Pheacock, An Lorgain, An Teach Dóite

Contae na Gaillimhe

Déardaoin

An 2 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Contae Treacys West, Bóthar Luimnigh, Inis,

Contae an Chláir

Dé hAoine

An 3 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán an Chaisleáin, An Príomhshráid, An Sléibhín Thoir, Maigh Chromtha,

Contae Chorcaí

Dé Máirt

An 7 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Hannon’s, Bóthar Bhaile Átha Luain, na hAcraí, Ros Comáin,

Contae Ros Comáin

Dé Céadaoin

An 8 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Harlequin, Bóthar Lannagh, Caisleán an Bharraigh,

Contae Mhaigh Eo

Déardaoin

An 9 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Manor, Ráth Teas, Trá Lí

Contae Chiarraí

Dé hAoine

An 10 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán ArdRí, Bhaile an Mhuilinn, Tuaim,

Contae na Gaillimhe

Dé Luain

An 13 Bealtaine 2019

9.00am go dtí 3.00pm

Óstán Great National South Court, An Ráithín, Luimneach

Contae Luimnigh

Added 26.03.19

CRÍOCH

Date Released: 26 March 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.