There were 1,798 press releases posted in the last 24 hours and 400,602 in the last 365 days.

Deimhníonn na hAirí Creed agus Murphy gur baineadh 'Maolú' Níotráite amach

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., agus an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy, T.D., inniu gur bronnadh ‘maolú’ go foirmiúil ar Éirinn faoin Treoir maidir le Níotráit i ndiaidh gur baineadh amach faomhadh dlíthiúil ó Choimisiún an AE.

Dúirt an tAire Creed “dea-nuacht is ea athnuachan an mhaolaithe ar feadh ceithre bliana breise d’fheirmeoirí na hÉireann mar gheall go gcuireann sé ar a chumas pleanáil chun cinn a dhéanamh le cinnteacht i gcaitheamh an mheántéarma.Tá ról tábhachtach le comhíonadh ag gach feirmeoir chun ár dtimpeallacht a chosaint, go háirithe iad siúd a dhéanann dianfheirmeoireacht.”

Dúirt an tAire Murphy, chomh maith, “léiríonn an cinneadh go bhfuil aitheantas á thabhairt ag comh-Bhallstáit an AE don ghealltanas cothrom atá á chothú ag Éirinn chun feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht an uisce agus luach níos mó a ghiniúint ón earnáil agraibhia i gcomhthráth.Tig leis an dá chuspóir a bheith comhoiriúnach agus thaispeáin an chaoi gur éirigh linn na Rialacháin Níotráite agus an maolú gaolmhar a chur i bhfeidhm i gcaitheamh na chéad trí Chlár Gníomhaíochta é sin.”.

Déantar an faomhadh foirmiúil dlíthiúil seo i ndiaidh vóta dearfach a caitheadh i Nollaig ag cruinniú Choiste Bainistíochta Níotráite an AE sa Bhruiséil agus i ndiaidh gur shínigh an tAire Murphy na Rialacháin Níotráite[1] an 20 Nollaig 2017 a thug éifeacht do cheathrú Clár Gníomhaíochta Níotráite na hÉireann. Leasófar an Clár seo anois chun téarmaí an mhaolaithe a chur san áireamh agus tabharfaidh seo an próiseas chun críche.

Dúirt an tAire Murphy, chomh maith, “caithfidh feirmeoirí a bheith ar an airdeall ar an leibhéal méadaithe de thiomantas i leith cháilíocht an uisce a theastaíonn uathu nuair a bhaineann sin le feirm ar rátaí níos déine stocála, go háirithe i gcomhthéacs torthaí cháilíocht an uisce a baineadh amach le déanaí a léiríonn go dteastaíonn dícheall breise i measc réimse earnálacha d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha um cháilíocht an uisce a bhaint amach sa Chreat-Treoir Uisce.”

Cuireann an maolú ar chumas níos mó dianfheirmeoirí oibriú ar ráta stocála níos airde ná mar a ordaítear sa Treoir, a fhad agus a chloíonn siad le rialacha níos déine a chuirfidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i bhfeidhm.  Beidh an maolú ar siúl go dtí deireadh 2021 nuair a thabharfar an ceathrú clár chun críche.

D’fhógair an tAire Creed, chomh maith, oscailt shaoráid iarratais ar líne 2018. “Spreagfainn feirmeoirí a bhfuil stoc níos déine acu chun tabhairt faoin bpróiseas iarratais seo go luath agus plé a dhéanamh ar an ngá atá le maolú lena gcomhairleoir talmhaíochta”, a luaigh an tAire, chomh maith.

Bhain breis agus 7,000 feirmeoir a bhfuil dianstoc acu leas as an maolú in 2017 agus tá súil leis go mbainfidh a chomhionann de líon leas as an tsaoráid in 2018. Is é an spriocdháta d’iarratais an 20 Aibreán 2018.   Meabhraítear d’fheirmeoirí a chuir isteach ar mhaolú in 2017 gur gá dóibh cuntais leasacháin a sheoladh ar ais faoin 20 Aibreán 2018 chomh maith.

Tá ráitis Nítrigine agus Fosfair dheireadh na bliana (ráitis N agus F) ar fáil don bhliain 2017 ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie. Cuirfear feirmeoirí a sháraigh na teorainneacha in 2017, bunaithe ar a líonta eallaigh, ar an eolas i scríbhinn air seo go luath ach ní chuirfear san áireamh sna figiúirí seo aon cháipéisíocht a seoladh ar ais chuig an Roinn faoin 31 Nollaig 2017.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana féin le haghaidh agfood.ie amhlaidh a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar www.agfood.ie agus an cnaipe ‘Cláraigh' a bhrú. Chun uimhir ghuthán póca a chlárú chun go seolfar foláirimh teachtaireacht téacs amach anseo chugat, tabhair cuairt ar https://www.agriculture.gov.ie/mobileupdates/chun teacht ar an bhfoirm sínithe isteach, nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig réigiúnach.

CRÍOC

[1] Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2017 I.R. 605 de 2017

Date Released: 15 February 2018

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.