Fógraíonn Creed go ndéanfar broic a vacsaíniú mar chuid den chlár díothaithe eitinne bólachta
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu go gcuirfear tús le broic a vacsaíniú in aghaidh eitinne mar chuid lárnach den chlár díothaithe eitinne bólachta ó Eanáir 2018 ar aghaidh.
Dúirt an tAire Creed, “Céim mhór chun cinn é seo sa chlár díothaithe eitinne bólachta. Tugadh aghaidh ar an mbeart i ndiaidh go leor blianta de thaighde eolaíochta a dhéanamh a chistigh mo Roinn ar vacsaín BCG a úsáid i measc broc, atá in ainm is an tionchar a imríonn galar a laghdú san óstach fiadhúlra seo ar ais isteach sa daonra eallaí”.
Dúirt an tAire, chomh maith, “Deimhníonn na torthaí taighde is déanaí gur féidir le broic a vacsaíniú ról a chomhlíonadh chun an leibhéal ionfhabhtaithe i measc eallaí a laghdú. Cé nach ionann broic a vacsaíniú agus réiteach deiridh ar an gceist, tá sé tábhachtach sa mhéid go dtéann sé i ngleic leis na gnéithe ríthábhachtacha laistigh den dúshlán casta chun deireadh a chur le heitinn. Cuirfidh seo ar ár gcumas bogadh ar aghaidh go luath i mbliana chun straitéis chuimsitheach a fhorbairt agus a athsheoladh, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, chun deireadh a chur le heitinn”.
Tabharfaidh an fhoireann ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi bhroic a vacsaíniú. Cuirfear tús leis an gclár vacsaínithe i gceantair a bhí mar chuid de na trialacha allamuigh cheana féin a léiríonn chomh héifeachtach atá sé broic a vacsaíniú. Tabharfar isteach é go hincriminteach chuig codanna eile den tír le himeacht ama, agus trí bhroic a vacsaíniú, ní bheidh gá ann fáil réidh leo diaidh ar ndiaidh.
Dúirt an tAire Creed mar fhocal scoir, trí fháilte a chur roimh bhroic a vacsaíniú, cuirtear ar chumas na hÉireann bogadh ar aghaidh i dtreo eitinne bhólachta a dhíothú ar bhealach rialaithe agus iomlánaíoch, a dhéanfaidh an daonra broc a chosaint agus a dhéanfaidh eallaí agus slite maireachtála feirmeoirí a chosaint, chomh maith.
Nótaí d’eagarthóirí:
Cruthaíonn eitinn i measc eallaí bagairt do shláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus do thrádáil. Infheistíonn an Roinn agus an tionscal suimeanna móra i gclár díothaithe eitinne gach bliain.
Is é ionfhabhtú Mycobacterium Bovis is cúis le heitinn bhólachta, agus féadfaidh an t-orgánach seo broic a ionfhabhtú chomh maith. Tá ionfhabhtú forleathan ann sa daonra broc in Éirinn. Féadfaidh broic ionfhabhtaithe eitinn a tharchur d’eallaí.
Sa chlár reatha díothaithe eitinne, déantar broic a bhaint faoi cheadúnas faoi chúinsí áirithe, i ndiaidh go ndearnadh imscrúduithe eipidéimeolaíochta a chruthaigh go bhfuil ceangal idir ionfhabhtú i measc eallaí agus broic. Tá an straitéis idirghabhála seo in ainm is leathnú tarchuir ó bhroic go cait a laghdú.
Sínitheoir í Éire le Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, agus tá sé tiomanta d’fhiadhúlra na hÉireann a chosaint. Ní straitéis inbhuanaithe ná inmhianaithe broic a bhaint go fadtéarmach.
Thaispeáin taighde a chistigh an RTBM go n-imríonn sé tionchar cosanta chun broic a vacsaíniú le Bacillus Calmette Guérin (BCG), ar vacsaín eitinne í a úsáidtear i measc daoine. Thug an taighde is déanaí le fios, chomh maith, go n-imríonn clár vacsaínithe broc, faoi mar a oibrítear é i dtimpeallacht na trialach allamuigh, a mhacasamhail de thionchar a imríonn broic a bhaint maidir leis an riosca i leith eitinn a tharchur ó bhroic go heallaí a laghdú.
CRÍOCH
Seoladh an ríomhphost seo chugat mar gheall go ndearna tú idirchaidreamh linn roimhe seo nó léirigh tú gur spéis leat a bheith san áireamh ar ár liosta seoltaí. Mura mian leat ríomhphoist ina bhfuil sonraí faoi phreaseisiúintí a fháil a thuilleadh, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig press@agriculture.gov.ie agus scríobh ‘díliostáil’ sa líne ábhair agus bainfimid thú ónár dtaifid.
Date Released: 15 January 2018
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.