There were 1,439 press releases posted in the last 24 hours and 401,429 in the last 365 days.

Fógraíonn an tAire Creed gur cuireadh tús le híocaíochtaí faoin BDGP

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu gur cuireadh tús le híocaíochtaí faoin gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola.

Dúirt an tAire Creed “Táim thar a bheith sásta gur cuireadh tús le híocaíochtaí don tríú bliain den Chlár nuálach seo a bhainfidh laghduithe amach ar astaíochtaí  gás ceaptha teasa agus a thabharfaidh teicneolaíocht ghéiniteach isteach sa tréad náisiúnta a fheabhsóidh brabúsacht feirme dá bharr. Cuireadh tús leis na híocaíochtaí seo, ar fiú €37 milliún iad, a eisiúint do 21,000 feirmeoir a dheimhnigh a gcomhlíonadh le riachtanais 2017.”

Dúirt an tAire, chomh maith “Cuirfear tús, chomh maith, le híocaíochtaí faoin BDGP II sna laethanta amach romhainn. Le roinnt míonna anuas, bhí íocaíochtaí á n-eisiúint ag mo Roinn d’fheirmeoirí i measc réimse scéimeanna, an BPS, ANC, Aistriú Eolais, GLAS, agus an Scéim nua Leasa Caorach ina measc.  Táimse an-fheasach ar thábhacht na scéimeanna seo don phobal feirmeoireachta, agus soláthraíonn siad neartú suntasach airgeadais d’fheirmeoirí aonair agus don gheilleagar tuaithe níos fairsinge.”

Leanfar le híocaíochtaí BDGP a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhníonn níos mó feirmeoirí go gcomhlíonann siad riachtanais scéime 2017. Spreag an tAire feirmeoirí “chun gach suirbhé agus sampla géinitíopála a sheoladh ar ais agus/nó chun nuashonrú an treoraí carbóin a chomhlánú a luaithe agus is féidir chun íocaíocht a éascú.”

CRÍOCH

Date Released: 14 December 2017