There were 1,883 press releases posted in the last 24 hours and 399,297 in the last 365 days.

Ráitis N & F go Deireadh Fómhair 2017 ar fáil anois

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N&F) le haghaidh eallach amháin don tréimhse ó Eanáir go Deireadh Fómhair 2017 ar fáil anois ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo áisiúil go háirithe chun deis a thabhairt d’fheirmeoirí pleanáil i gcomhair an chuid eile den bhliain, lena chinntiú go gcloífidh siad le teorainneacha na Rialachán maidir le Níotráití, rud a fhágfaidh go seachnóidh siad pionóis as teorainneacha de 170 kgs Nítrigine in aghaidh an heicteáir a shárú nó an teorainn dóibh siúd a bhfuil maolú ceadaithe acu de 250 kgs Nítrigine in aghaidh an heicteáir.

Meabhraítear freisin d’fheirmeoirí nach mór taifid níotráití maidir le leasachán orgánach a bhogadh, gluaiseacht shealadach ainmhithe i rith na bliana nó comhaontuithe féaraigh gearrthéarmacha cíosa (Foirmeacha Taifead 3, 4, 5) a chur isteach anois.

Ba cheart na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:

An Rannán Níotráití,
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin,
Co. Loch Garman
Y35 PN52

Nó is féidir iad a chur isteach ar ríomhphost chuig nitrates@agriculture.gov.ie

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie go fóill sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’. Chun uimhir fón póca a chlárú i gcomhair foláireamh téacs i bhfoirm SMS a fháil amach anseo logáil isteach ar https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/ chun an fhoirm chlárúcháin a rochtain, nó téigh i dteagmháil leis an Rannán Níotráití ag 053-9163444.

 

CRÍOCH

Date Released: 20 November 2017