There were 1,851 press releases posted in the last 24 hours and 400,200 in the last 365 days.

Clár Aistrithe Feasa - Fógraíonn Creed síneadh leis an spriocdháta aon bhliain amháin go dtí 31 Iúil 2017

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., inniu go gcuirfear síneadh leis an mbun-spriocdháta den 31 Bealtaine do chomhlíonadh cruinnithe agus Plean Feabhsaithe Feirme i nGrúpaí Aistrithe Feasa go dtí 31 Iúil 2017.

Dúirt an tAire Creed “tabharfar am breise le síneadh an spriocdháta go dtí 31 Iúil do chomhairleoirí agus do phleanálaithe chun idirghníomhú le feirmeoirí ar bhonn aonair chun bearta riachtanacha faoin Scéim a chríochnú. Cuirfidh sé freisin ar chumas na dtréidlianna chun Beartas Sláinte Ainmhithe a chomhlíonadh le rannpháirtithe is feirmeoirí”

Cistítear an Clár Aistrithe Feasa faoin gClár Forbartha Tuaithe (CFT) 2014-2020, agus baineann idirghníomhú grúpa leis arna chomhlánú ag comhairle aonair ar fud réimse earnálacha. Leithdháiltear €100m faoin CFT do Ghrúpaí Aistrithe Feasa ar fud earnálacha na déiríochta, na mairteola, na heachaíochta, na gcaorach, na curaíochta agus na héanlaithe. Tá beagnach 20,000 feirmeoir i 1200 Grúpa Aistrithe Feasa tar éis freastal ar chruinnithe agus ar imeachtaí Aistrithe Feasa formheasta, ina dtacaítear le feirmeoirí, i dteannta le Plean Feabhsaithe Feirme sainoiriúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar réimse dúshlán iomaíochais agus inbhuanaitheachta os comhair na hearnála.

Dúirt an tAire Creed leis “Ag tráth gnóthach d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí araon, cuirfidh an síneadh seo ar a gcumas chun leas a bhaint as an am breise chun bearta a chomhlíonadh dá nGrúpaí Aistrithe Feasa agus chun cur leis an saothar iontach a rinneadh go nuige seo faoin scéim. Cuidíonn sé sin ar a sheal féin le feirmeoirí chun an tairbhe is mó a bhaint as an gClár Aistrithe Feasa.”

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 86/2017 (pdf 361Kb) 

Date Released: 16 May 2017