There were 1,608 press releases posted in the last 24 hours and 401,674 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2017

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD fáilte roimh an bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2017 a seoladh inniu.

“Cuirfidh mo Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí tacaíochtaí ar fáil don earnáil agraibhia chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar leith a bheidh le sárú nuair a imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach".  Dúirt an tAire Creed, “Cuirfidh mé béim láidir freisin i mbliana ar chuairteanna trádála chun na tíre isteach agus amach chun margaí atá ann a mhéadú agus chun margaí nua idirnáisiúnta a aimsiú dár dtáirgí".

Tá na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach leis na hearnálacha agraibhia agus mara i bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2017 ag teacht leis an straitéis Food Wise 2025 atá leagtha amach chun fás inmharthana a thabhairt chun cinn san earnáil sna deich mbliana atá le teacht.

Ar deireadh dúirt an tAire Creed ‘Táim dóchasach go mbainfear amach a bhfuil geallta sa Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2017 agus go mbeidh deiseanna tábhachtacha fostaíochta ar fáil sna hearnálacha agraibhia agus mara in áiteanna faoin tír agus le cósta".

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 15/2017 (pdf 358Kb) 

Date Released: 01 February 2017