Síneadh curtha ag Creed leis an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoi Scéim Leasa na gCaorach
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., inniu, go bhfuil síneadh curtha leis an dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh faoin scéim nua, Scéim Leasa na gCaorach. Dé hAoine an 3ú Feabhra an spriocdháta atá anois ann.
Tá an tAire ag éileamh ar fheirmeoirí caorach incháilithe, nach bhfuil iarratas déanta acu ar an scéim go dtí seo, déanamh amhlaidh faoi dheireadh na seachtaine. Deir sé "fágann síneadh ar an spriocdháta d'iarratais faoi Scéim Leasa na gCaorach go mbeidh a oiread iarratasóirí agus is féidir in ann leas a bhaint as an íocaíocht €10 an caora más feirmeoirí iad atá ag gabháil do ghníomhartha a chuireann le leas an tréada."
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 11/2017 (pdf 398Kb)
Date Released: 31 January 2017
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
