There were 1,123 press releases posted in the last 24 hours and 400,927 in the last 365 days.

Foirmeacha um áireamh Gabhar agus Caorach 2016 sa phost

Gheobhaidh níos nó ná 44,000 úineir gabhar agus caorach a bhfuil cláraithe ar bhunachar sonraí an Roinn Talmaíochta, Bia agus Mara a gcuid foirmeacha um Áireamh Gabhar agus/nó Caorach Bliantúil 2016 i rith na seachtaine atá romhainn.

Roghnaigh an Roinn dé Sathairn 31ú Nollaig 2016 mar dáta an áirimh i mbliana. Is oibleagáid dhlíthúil é comhlíonadh agus filleadh an áirimh. Tá an dualgas ar an gcoimeadaí tréada cinntiú go bhfaightear na foirmeacha áirimh líonta roimh an dáta deiridh, 31ú Eanair 2017.

Soláthraíonn an t-áireamh eolas staitistiúil tairbheach don Roinn agus d’eagraíochtaí eile a bhfuil baint acu le forbairt na tionsclaíochta.

Níos tábhachtaí d’fheirmeoirí, tá cur isteach fhoirm Áirimh líonta tábhachtach agus iad ag dearbhú go bhfuil siad ag cloígh le rátaí stocála riachtanacha agus éascaíonn sé tarraingt anuas íocaíochtaí faoi scéimeanna ar nós Scéim na hÍocaíochtaí Bunúsaí, an Scéim um Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha, AEOS, GLAS srl agus an Scéim nua um Leas Caorach a bhí fógartha sa Bhuiséad.

Maidir leis an Scéim nua um Leas Caorach, ní mór tabhairt faoi deara gur riachtanas na scéime é go gcuireann úinéirí tréada a gcuid áireamh bliantúla isteach gan mhoill, fiú go mbainfidh úsáid as figiúirí ar cuireadh isteach iad i gcomhair Nollag 2014 agus Nollag 2015 mar thagairt stairiúil.

Úsáidtear eolas áirimh le linn chigireachtaí feirme/tréada freisin nuair atá sonraí thuairisceáin áirimh le haghaidh an ghabháltais i gcomhair na ceithre nó cúig bliana is déanaí ag an gcigire. Úsáidtear an t-eolas seo chun cinntiú go raibh taifid ainmhí coimeádta go sásúil.

Is féidir tuairisceáin áirimh a sheoladh ar ais tríd an bpost sa chlúdach iniata a bhfuil seoladh uirthi chuig Seefin Data Management, Bosca PO 17, An Post, Cahirdown, Lios Tuathail D.S.U, Co Chiarraí, nó ar líne ar agfood.ie, roimh 31ú Eanair 2017. Is féidir go mbeidh tionchar ar íocaíochtaí bainteach ón Roinn seo sa todhchaí muna seoltar an t-áireamh ar ais in am.

Ní mór d’úinéirí tabhairt faoi deireach gurb í admháil do Phost Cláraithe nó Express Post an t-aon chruthúnas poist amháin a nglacfar leis i gcás easaontais faoi thuarisceáin poist. Ní ghlactar le teastais poist mar chruthúnas poist a thuilleadh.

Is féidir le úsáideoirí a bhfuil cláraithe le agfood.ie tuairisceáin ar líne a dhéanamh idir 31ú Nollaig 2016 agus 31ú Eanair 2017. Rinne an Roinn feabhsúcháin ar an saoráid seo le déanaí a ndéanfaidh sé níos éifeachtúil agus sothuighte é a chomhlíonadh ar líne agus a thabharfaidh rochtain d’fheirmeoirí ar eolas a chuir siad isteach maidir leis an áireamh gabhar agus/nó caorach go stairiúil.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie go fóill clarú ar www.agfood.ie má chliceann siad ar an rogha clarúcháin. Ní mór tabhairt faoi deireadh go bhfuil an dáta deiridh de 31 Eanair 2017 i bhfeidhm maidir le tuairisceáin Áirimh ar líne freisin, dá réir ba cheart go dtugann úsáideoirí atá ag clarú do rochtain ar agfood.ie don chéad uair go leor ama dóibh féin chun a sonraí logála isteach a fháil tríd an bpost tar éis a gclarú. Beidh na sonraí logála isteach sin riachtanach chun an t-áireamh a chomhlíonadh ar líne.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 195/2016 (pdf 266Kb) 

 

Date Released: 16 December 2016