There were 1,667 press releases posted in the last 24 hours and 413,795 in the last 365 days.

Seolann Andrew Doyle T.D. Foilseachán COFORD - Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn

Sheol Andrew Doyle T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, foilseachán de chuid COFORD dar teideal Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn in Avondale, Co Chill Mhántáin inniu. Scríobh Juergen Huss, Padraic Joyce, Richard MacCarthy agus John Fennessy an leabhar.

Dúirt an t-Aire Doyle go raibh “lúcháir orm bheith anseo in Avondale inniu, áit dhúchais foraoiseacht na hÉireann, chun an leabhar nua Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn a sheoladh. Táim cinnte go léifidh foraoiseoirí an foilseachán breá sin go díocasach agus go mbainfidh siad taitneamh as.

Deimhníodh tábhacht crainn leathanduilleacha san athbhreithniú ar bheartas foraoiseachta, Foraoisí, tairgí agus daoine, agus sa Chlár Foraoiseachta 2014-2020, ina gcuirtear rátaí deontais agus préimhe ar fáil chun cur foraoiseachta leathanduilligh a spreagadh

“Is iad crainn leathanduilleacha níos mó ná ceathrú den eastát foraoiseachta anois agus trian den fhoraoisiú reatha. Is léir gur toradh na scéimeanna foraoisithe a mhaoiníonn mo Roinn an t-ardú seo ar chur crann leathanduilleach” a dúirt an t-Aire Doyle.

Mar fhocal scoir, dúirt an t-aire “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na húdair go léir ar thug siad an méid sin ama agus iarrachta chun an foilseachán tábhachtach seo a thabairt chun chríche.  Tá lúcháir orm baint a bheith agam leis an foilseachán nua seo agus táim cinnte go ndéanfaidh sé tairbhe do bhaint amach acmhainn crua-adhmaid ar ardcaighdeán don ghlúin reatha agus do na glúine atá le teacht”.

Nóta d’Eagarthóirí

Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn le Juergen Huss, Padraic Joyce, Richard MacCarthy agus John Fennessy. Tá an leabhar ar fail ach é a iarraidh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara – orla.cashen@agriculture.gov.ie - €55 postas agus pacáistiú san áireamh.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 147/2016 (pdf 370Kb) 

Added 28.10.16

Seoladh an fhoilseacháin COFORD Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn i dTeach Avondale, Cill Mhántáin: seolann an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. agus Ciara Joyce, gariníon Phádraig Joyce an leabhar leis na húdair John Fennessy, Richard MacCarthy agus Juergen Huss agus Barbara agus Ronan Joyce ós comhair an Chastáin Eorpaigh a chur Samuel Hayes díreach ós comhair Teach Avondale.

Added 28.10.16

Seoladh an fhoilseacháin COFORD Foraoiseacht Leathanduilleach in Éirinn i dTeach Avondale, Cill Mhántáin: údair John Fennessy, Richard MacCarthy agus Juergen Huss ós comhair an Chastáin Eorpaigh a chur Samuel Hayes díreach ós comhair Teach Avondale leis an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. agus Ciara agus Ronan Joyce agus Barbara Joyce.

Date Released: 28 October 2016