Díghalrán Lámh Virapro tarraingthe den mhargadh
Tá an táirge díghalrán lámh Virapro Hand Sanitiser (PCS 100409) bainte den Chlár Táirgí Bithicíde ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar gheall ar chúiseanna sláinte poiblí a d'fhéadfadh a theacht chun cinn mar gheall air.
Léiríonn tástálacha a raibh an Roinn ina mbun nach bhfuil cuid den díghalrán atá ar díol ag comhlíonadh rialachán a rialaíonn an t-ábhar agus an éifeachtúlacht i dtáirgí den chineál sin. Tá meatánól seachas eatánól i gcuid de na táirgí sin. Má bhítear ag úsáid díghalrán den chineál sin go fadtéarmach d'fhéadfadh deirmitíteas, greannú súil, greannú sa chóras riospráide uachtarach agus tinnis cinn a bheidh mar thoradh air. Ní féidir leis an táirge seo fanacht ar an margadh ná a chur ar fáil lena úsáid. Tá treoir tugtha ag an Roinn don chuideachta tús a chur le gach táirge a bhaint den mhargadh láithreach. Comhairlítear don phobal stopadh den Díghalrán seo a úsáid láithreach bonn. Tá fiosrúchán ar bun ag an Roinn faoin gcás seo faoi láthair.
CRÍOCH
Date Released: 22 October 2020