Meabhrú Maidir le Níotráití - Spriocdháta Chun Foirmeacha a Chur Isteach is ea an 31 Nollaig 2017
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag meabhrú d’fheirmeoirí nach mór taifid níotráití maidir le leasachán orgánach a bhogadh, gluaiseacht shealadach ainmhithe i rith na bliana nó comhaontuithe féaraigh gearrthéarmacha cíosa (Foirmeacha Taifead 3, 4, 5) a chur isteach an 31 Nollaig 2017 nó roimhe sin.
Ba cheart na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:
An Rannán Níotráití, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Y35 PN52Tá na foirmeacha seo tábhachtach go háirithe d’fheirmeoirí ar mian leo leas a bhaint as comhaontuithe den sórt sin lena chinntiú go gcloífidh siad le teorainneacha na Rialachán maidir le Níotráití, rud a fhágfaidh go seachnóidh siad pionóis as teorainneacha de 170 kgs Nítrigine in aghaidh an heicteáir a shárú nó an teorainn dóibh siúd a bhfuil maolú ceadaithe acu de 250 kgs Nítrigine in aghaidh an heicteáir. Ní féidir ach amháin Taifid a fuarthas roimh an spriocdháta a chur san áireamh nuair a bheidh leibhéil níotráite 2017 á ríomh.
I gcás na bhfeirmeoirí sin atá cláraithe le www.agfood.ie tá ráitis Nítrigine agus Fosfair le haghaidh eallach amháin ar fáil ar líne. Cuidíonn na ráitis sin le feirmeoirí fanacht laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le Níotráití. Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie go fóill sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe Cláraigh.
Chomh maith leis na ráitis atá ar fáil ar líne, eisítear teachtaireachtaí téacs SMS ina dtugtar faisnéis ar bhonn tréimhsiúil d’fheirmeoirí atá cláraithe chun iad a fháil ón Roinn. Is féidir le feirmeoirí ar mian leo na rabhaidh téacs a fháil sin a dhéanamh ach cliceáil ar an nasc “Déan Teagmháil Linn” ar leathanach baile shuíomh gréasáin na Roinne www.agriculture.gov.ie
CRÍOCH
Date Released: 14 November 2017