There were 1,725 press releases posted in the last 24 hours and 401,936 in the last 365 days.

Scéim Tacaíochta Dobharshaothraithe Covid-19 fógartha ag an Aire McConalogue

Ag labhairt ag Seimineár Gréasáin Dobharshaothraithe an IFA inniu Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair, d'fhógair Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, scéim tacaíochta airgeadais speisialta Covid-19 d'fheirmeoirí diúilicíní téada agus oisrí faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na Roinne 2014-20, atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

                                                                                       

Nuair a bhí an scéim tacaíochta nua á fógairt ag an Aire McConalogue, dúirt sé "Bhí tionchar ollmhór ag deacrachtaí a bhaineann le teacht a bheith ar mhargaí agus deacrachtaí praghsanna ag feirmeoirí diúilicíní téada agus oisrí sa chéad leath den bhliain 2020 mar gheall ar Phaindéim Covid-19.  Cé gur mhaolaigh na fadhbanna sin nuair a d'imigh an chéad mhaidhm den Phaindéim,  d'fhág an tionchar mar gheall ar dhíolacháin agus táirgeadh nár tharla ualach airgeadais go fadtéarmach ar na fiontair dobharshaothraithe seo.  Bhí ar fheirmeoirí diúilicíní téada dul i ngleic le titim 34% ar dhíolacháin idir mí Feabhra agus Meitheamh, agus bhí titim 59% ar dhíolacháin na bhfeirmeoirí oisrí.  Cuireann na preaba nach mbíonn súil leo inmharthanacht leanúnach na bhfiontar SME seo i mbaol, agus tá go leor de na gnólachtaí seo ag streachailt a gcostais sheasta a sheasamh agus an costas a bhaineann le síol a cheannach lena gcuid barr a fhás an chéad bhliain a chistiú."

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith, "Tá scéim tacaíochta speisialta á fógairt inniu agam do tháirgeoirí diúilicíní téada agus oisrí faoina gcuirfear íocaíocht aonuaire sheasta idir €6,800 agus €16,300 ar fáil do gach gnólacht incháilithe feirmeoireachta oisrí agus idir €1,300 agus €9,000 ar fáil do tháirgeoirí diúilicíní téada. Beidh íocaíochtaí éagsúla i gceist ag brath ar thrí rangú méide bunaithe ar na leibhéil táirgthe a bhí acu cheana atá coinnithe ag BIM.  Measaim go mbeidh BIM ag lorg iarratas go luath i mí na Samhna agus go mbeidh sé i gceist na hiarratasóirí a n-éireoidh leo a íoc sa bhliain 2020".

Beidh tuileadh sonraí ar an Scéim ar fáil go luath ó BIM.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Seoladh Clár Oibríochta EMFF in Eanáir na bliana 2016.  Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.  Cuirtear €30 milliún ar fáil don earnáil dobharshaothraithe faoin gClár.  Tá tacaíocht á cur ar fáil faoi láthair faoi dhá scéim, Scéim um Dobharshaothrú Inbhuanaithe chun tacú le hinfheistíocht chaipitil agus Scéim um Thairseach Feasa chun tacú leis an nuálaíocht agus pleanáil ghnó.

 

Beidh Scéim Tacaíochta Dobharshaothraithe nua Covid-19 ar fáil d'fheirmeoirí diúilicíní téada agus oisrí agus sin amháin.  Beidh incháilitheacht teoranta do na fiontair sin a raibh stoc ar an suíomh acu sa bhliain 2020.  Áireofar ar na Téarmaí agus Coinníollacha, inter-alia, coinníollacha maidir le ceadúnais dobharshaothraithe agus urthrá a bheith comhlíonta, deimhniú imréitigh cánach, agus an Suirbhé Táirgthe Dobharshaothraithe agus Fostaíochta maidir le gach bliain den trí bliana idir 2017-19 a bheith curtha ar aghaidh chuig BIM.

Chun críocha na scéime, déanfar táirgeoirí a rangú de réir a gcuid leibhéil táirgthe roimhe seo sa tréimhse idir 2017-19, bunaithe ar thrí chatagóir, 0 go 50 tona táirgeachta, 50 go 100 tona agus níos mó ná 100 tona.  Taispeántar sa tábla thíos sonraí na n-íocaíochtaí aon-uaire seasta a thairgfear do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo agus líon na bhfiontar a mheastar a bhainfidh tairbhe astu.   

Diúilicíní Téada

Oisrí

Táirgeadh Stairiúil

0-50 T

50-100 T

>100 T

0-50 T

50-100 T

>100 T

Líon fiontar

16

10

24

82

26

23

Íocaíocht Sheasta

€1,300

€3,600

€9,000

€6,800

€11,300

€16,300

 

 

CRÍOCH

Date Released: 22 October 2020