There were 1,657 press releases posted in the last 24 hours and 413,702 in the last 365 days.

Físeáin nua oiliúna ar fheirmeoireacht ar mhaithe le caomhnú seolta ag an Aire Físeáin iontacha le heisiúint uair sa tseachtain ar na meáin shóisialta agus ar láithreán gréasáin na Léirítear dea-chleachtas maidir le bainistíocht a…

 

 

Sheol an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Cúrsaí Bithéagsúlachta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett inniu an chéad fhíseán as sraith d'fhíseáin oiliúna d'fheirmeoirí arna bhforbairt ag Tionscadal Chromán na gCearc agus arna maoiniú ag a Roinn.  Ón lá inniu ar aghaidh eiseofar na hocht bhfíseán ar bhonn seachtainiúil ar láithreán gréasáin na Roinne, ar leathanach Vimeo an tionscadail agus ar na meáin shóisialta.

 

Mhol an tAire caighdeán na bhfíseán agus í ag fógairt go mbainfeadh an chéad cheann díobh le Bonneagar Féarach, "Is iontach na scannáin iad seo agus táim ag súil le ceann nua a bheith curtha ar fáil gach seachtain.  Baintear pléisiúr as an bhfoghlaim dá mbarr agus cuirtear i gcuimhne dúinn chomh hálainn agus atá tailte na tíre fad agus a gcuirtear teagasc ar fáil dúinn maidir leis an mbealach is fearr chun iad a chosaint. Cuirtear comhairle ar fheirmeoirí sa chéad fhíseán maidir leis an mbealach is fearr le hinfhesitíocht a dhéanamh i bhfálta, i ngeataí agus in uisce ar féidir a ól a sholáthar fad agus atáthar ag tabhairt na huirlisí dóibh féarach a dhíriú i dtreo na háite ina dteastaíonn sé agus nuair a theastaíonn sé."

 

Cé go mbeidh an scannán a bhaineann le Bonneagar Féarach, arb é an chéad scannán sa tsraith é, ar fáil i gcoitinne ar láithreán gréasáin na Roinne, déanfar é a dháileadh ar fheirmeoirí a bhfuil baint ar leith acu le clár Chromán na gCearc trí nasc a sheolfar ar theachtaireacht SMS chuig comhaltaí de chuid na scéime lena mbainfidh sé go sonrach.  Cuirtear ar fáil iad in am chun go mbeidh siad ábalta iarratas a dhéanamh ar thacaíocht maidir leis na gníomhaíochtaí a leagtar béim orthu sa scannán idir seo agus deireadh na bliana.

 

Chomh maith leis sin dúirt an tAire Hackett maidir le bunús na bhfíseán seo, "Sampla maith iad na scannáin seo ar nach mbíonn néal gan ghealán.  Ní bheadh na scannáin seo curtha le chéile ar chor ar bith murach an tionchar a bhí ag Covid 19 ar chumas Thionscadal Chromán na gCearc oiliúint a chur ar fáil duine ar dhuine.  Ach a bhuíochas do chruthaitheacht Fergal Monaghan agus a fhoireann, mar aon leis an gcomhoibriú a fuarthas ó fheirmeoirí Thionscadal Chromán na gCearc ar rinneadh scannánaíocht ar a gcuid tailte tá sraith iontach, faisnéiseach de scannáin againn ina gcuimsítear réimse cleachtaí feirmeoireachta atá curtha faoinár mbráid ar bhealach atá spéisiúil do chách. Tá an-áthas orm go rabhthas ábalta tacaíocht a thabhairt i ndáil leis na hocht scannán seo atá déanta cheana agus i ndáil leis an sé scannán eile atá i mbun léirithe agus tá súil agam go mbainfidh go leor daoine, cibé an bhfuil baint acu le saol na feirmeoireachta nó nach bhfuil, sult agus tairbhe astu."

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire, "Sampla maith í an tsraith físeán seo den obair a dhéanann scéimeanna faoi stiúir áitiúil a bhfuil an-áthas orm a bheith ag tabhairt tacaíochta ina leith trínár gClár Forbartha Tuaithe.  Go deimhin, léiriú eile atá sa leithdháileadh a fógraíodh sa bhuiséad an tseachtain seo caite do thionscadail nádúrbhunaithe ar thiomantas mo Roinne i ndáil leis an gcur chuige seo agus táim ag súil go mór le toradh na hoibre sin a fheiceáil chomh maith.  Idir an dá linn, mholfainn do gach duine sult a bhaint as scannán na seachtaine seo agus nóta a dhéanamh a mheabhrú dóibh féin breathnú ar an gcuid eile den tsraith. Faoin "bPortach a Chosaint" a bheidh scannán na seachtaine seo chugainn, píosa scannánaíochta faoi mar a dhéantar maitheas don chaomhnú agus don ghníomhú ar son na haeráide trí thalamh féaraigh agus maoschláir a bhainistiú."  

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is tionscadal €25m é Tionscadal Chromán na gCearc arna mhaoiniú ag DAFM faoi chlár RDP na hÉireann. Scéim Íocaíochta Agra-Chomhshaoil Torthaí-Bhunaithe í an scéim atá i bhfeidhm ó 2017 agus beidh sí ar siúl go dtí earrach na bliana 2023. Oibríonn an clár le breis is 1,500 feirmeoir ó ar fud na sé Limistéar Cosanta Speisialta (SPAnna) don speiceas. Déanann na feirmeoirí seo 38,000 ha de thírdhreach ardtailte a bhainistiú sna Limistéir Chosanta Speisialta.

Is clár 5 bliana atá ann atá dírithe go sonrach ar fheirmeoirí a dhéanann bainistíocht ar thalamh sna 6 SPA de chuid Chromán na gCearc ar thalamh i Limistéir Cosanta Speisialta (SPAnna) i Sliabh Beatha, Sliabh Bladhma, Sliabh Eibhlinne go dtí Sliabh an Airgid, Sliabh Eachtaí, Cnoc an Stacaigh go dtí Mullach an Radhairc, Cnoic Iarthar Luimnigh & Sliabh an Iolair agus Mullach an Ois go dtí Sliabh Mhuisire Mór.

Cuirfear físeáin ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara gach Céadaoin ón 21 Deireadh Fómhair 2020.

Clúdófar a leanas sa chéad sraith d'fhíseáin:

  • Bonneagar Féarach
  • An Portach a Cosaint
  • Clúdach d'Éin Fhiáine
  • Gnáthóga ar Thalamh Féaraigh
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Thalamh Féaraigh
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Luachair
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Thalamh Ard
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Eallach ar Thalamh Ard

 

Clúdófar a leanas sna scannáin atá fós i mbun léirithe:

  • Sláinte Ainmhithe
  • Corraíl ar Neadacha a Laghdú
  • Athléimneacht in aghaidh Fhalscaithe,
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Fhraoch,
  • Bainistiú a Dhéanamh ar Aiteann,
  • Locháin Ilchuspóireacha

 

Cuirfear nasc chuig na scannáin chuig comhairleoirí feirmeoirí agus chuig scéimeanna faoi stiúir áitiúil a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint astu agus atá á maoiniú ag Roinn an Aire. Beidh siad ar fáil chomh maith don phobal i gcoitinne ar láithreáin gréasáin Thionscadal Chromán na gCearc, DAFM agus NRN.  

https://vimeo.com/showcase/7670361

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/europeaninnovationpartnershipincludinglocallyledschemes/locallyledschemes/henharrierprogramme/

 

CRÍOCH

 

Date Released: 21 October 2020