There were 1,683 press releases posted in the last 24 hours and 403,775 in the last 365 days.

Oibríochtaí marglainne sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán le linn Leibhéal 4 de Chreat Náisiúnta um Bearta Sriantacha an Rialtais mar Fhreagra ar COVID-19

 

D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin TD an 14 Deireadh Fómhair go mbeadh bearta sriantacha Leibhéal 4 i bhfeidhm sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán ó mheán oíche aréir, an 15 Deireadh Fómhair.  Mar fhreagra air sin, tá treoir tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do mharglanna beostoic sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán a gcuid oibreachtaí a oiriúnú mar a leanas ó mheán oíche aréir:

 

  • Is féidir cró díolacháin a choinneáil oscailte, ach 2 mhéadar a bheith idir daoine ag an gcró agus ar fud áitreabh na marglainne agus sin a chur i bhfeidhm;
  • Ní mór do dhíoltóirí a mbeostoc a thabhairt chuig áitreabh na marglainne agus ansin an áit a fhágáil;
  • Nuair is féidir, ba cheart do phearsanra de chuid na marglainne an beostoc a dhíluchtú, ba cheart go bhfanfadh na díoltóirí ina bhfeithiclí agus na pasanna a shíneadh chuig pearsanra de chuid na marglainne;
  • Ní cheadaítear breathnú ar bheostoc le taobh an chró roimh cheannach;
  • Caithfidh an fhoireann agus cuairteoirí araon clúdaigh éadain a chaitheamh in áitreabh na marglainne.

 

Ní mór do mharglanna lonnaithe sa trí chontae luaite atá ag iarraidh díolacháin i gcró agus ar ceant a úsáid nós imeachta oibríochta caighdeánach Leibhéal 4 maidir le Covid-19 leasaithe a chur faoi bhráid a nOifig Tréidliachta Réigiúnach (RVO) lena cheadú. 

 

Tá an riachtanas seo curtha in iúl ag an DAFM do mharglanna beostoic agus na heagraíochtaí ionadaíocha marglann.  Amhail an 15 Deireadh Fómhair tá 77 as an 86 marglann ceadúnaithe i bun oibre.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 16 October 2020