There were 1,925 press releases posted in the last 24 hours and 399,290 in the last 365 days.

An nuacht is déanaí maidir leis an mBreatimeacht tugtha ag an Aire Creed ag Cruinniú Choiste Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara agus béim leagtha aige ar ullmhacht i leith an Bhreatimeachta

Thionóil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. an 13ú cruinniú de Choiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara an Bhreatimeachta inné.

D'aithin an tAire Creed go bhfuil aird na bpáirtithe leasmhara dírithe le gairid ar thionchar Covid 19 a íoslaghdú agus a mhaolú, ach thapaigh sé an deis lena chur i gcuimhne dóibh "gan dearmad a dhéanamh ar na hathruithe atá ar tí tarlú ag deireadh na tréimhse aistrithe mar thoradh ar an mBreatimeacht agus a bheith dírithe air sin."

Dúirt an tAire chomh maith "Thug an cruinniú deis dúinn cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara maidir le cúrsaí mar atá siad faoi láthair ó thaobh idirbheartaíochtaí an AE-RA agus ó thaobh Chur i bhFeidhm an Chomhaontaithe Aistarraingthe, lena n-áirítear an Prótacal ar Éirinn/Tuaisceart Éireann.  Cibé toradh a bheidh ar na hidirbheartaíochtaí i ndáil le Comhpháirtíocht AE-RA sa Todhchaí, beidh athrú ar chúrsaí trádála, agus beidh athrú mór le déanamh ina leith sin, go háirithe na gnóthaí a bhíonn ag trádáil leis an mBreatain Mhór."

Thug oifigigh Roinne an t-eolas is déanaí do pháirtithe leasmhara maidir leis an réimse leathan oibre atá déanta le bheith ullamh don Bhreatimeacht agus ar an obair bhreise leanúnach a bheidh le déanamh.  Moladh arís do pháirtithe leasmhara a iarraidh ar a gcuid ball a bhíonn ag trádáil leis an RA clárú leis an Roinn ionas go bhfaighidh siad faisnéis chuí go díreach, agus clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun uimhir EORI a fháil.

 

Cuirfear tús le babhta eile idirbheartaíochtaí idir an RA agus an AE ar an 1 Meitheamh, babhta a mhairfidh seachtain, sula mbeidh Comhdháil Ardleibhéil an AE-RA ar siúl níos déanaí an mhí sin. Déanfar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mheas ag an bpointe sin.  Creideann an tAire agus an Rialtas i gcónaí gur chuir mandáid idirbheartaíochta an AE agus an dréacht-téacs dlí a cuireadh ar fáil bunchloch fhlaithiúil agus chothrom ar fáil ar ar féidir caidreamh nua AE-RA a thógáil uirthi.

Thug oifigigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus ó na Coimisinéirí Ioncaim, an t-eolas is déanaí chomh maith le cuir i láthair mhionsonraithe ar chúrsaí mar atá faoi láthair sna hidirbheartaíochtaí AE-RA, agus ar na Rialacha Tionscnaimh faoi seach.

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire, "Molaim do pháirtithe leasmhara a chinntiú go bhfuil a gcuid ball ag leanúint leis an ullmhúchán lena chinntiú go mbeidh siad ullamh go hiomlán le dul i mbun trádála leis an RA nuair a bheidh an t-aistriú déanta.

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Cé go idirbheartaíochtaí an AE-RA fós ar bun ag am neamhchinnte seo a bhaineann le Covid 19, tá leanta ar aghaidh leis an obair ar fud an Rialtais, gan aon chur isteach uirthi, ar Ullmhúcháin don Bhreatimeacht. Leanann an Coimisiún Eorpach d'fhógraí maidir le hullmhacht don Bhreatimeacht a fhoilsiú agus a nuashonrú d'fhonn cuidiú le riaracháin phoiblí, gnóthaí agus saoránaigh a bheith ullamh do na hathruithe teicniúla a bheidh i gceist nuair bheidh deireadh leis an tréimhse aistrithe.  Is féidir teacht orthu sin ar láithreán gréasáin an Choimisiúin agus ar láithreán gréasáin an DAFM ar

 

https://ec.europa.eu/info/european-union-and-united-kingdom-forging-new-partnership/future-partnership/getting-ready-end-transition-period_en#

 

agus ar láithreán gréasáin an DAFM ag

 

https://www.agriculture.gov.ie/brexit/preparingforbrexit/futurerelationship/

 

Áirítear ar chainéil chumarsáide na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le pleanáil a dhéanamh do Bhreatimeacht mí-ordúil:

Seoladh ríomhphoist Brexitcall:                 Brexitcall@agriculture.gov.ie

Ríomhphost clárúcháin Breatimeachta:      Brexitregistration@agriculture.gov.ie

Uimhir an Ionaid Glaonna:                        076-1064443

Láithreán Gréasáin:                                  https://www.agriculture.gov.ie/brexit/           

Fógraí faoi leith do Thrádálaithe:               Arna sheoladh ag an Roinn chuig páirtithe leasmhara agus á gcur ar láithreán gréasáin an DAFM

 

Déanfar an chomhairle phraiticiúil is déanaí ón Rialtas a óstáil ar phríomhláithreán gréasáin an Rialtais Gov.ie. Cuirfear an t-eolas is deireanaí ar an láithreán gréasáin lárnach seo.

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 28 May 2020