There were 1,666 press releases posted in the last 24 hours and 402,448 in the last 365 days.

Creed i gceannas ar an Dícheall uile-Eorpach maidir le Freagra an Choimisiúin ar Thionchair COVID-19 ar Fheirmeoirí agus ar an Earnáil Agraibhia Níos Leithne Glao 27 Ballstáit maidir le dul i mbun Gnímh ag Leibhéal Eorpach faighte ag Éirinn

D'éirigh leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. tacaíocht a fháil ón fiche sé Ballstát eile ar fad maidir lena dhícheall leanúnach freagra Eorpach a fháil maidir le tionchar COVID-19 ar an earnáil agraibhia.

Dúirt an tAire, i ndiaidh aontú deiridh ar Chomhráiteas a cuireadh amach i ndiaidh rannpháirtíocht throm ag leibhéal oifigiúil, 'Tá ríméad orm go raibh sé sodhéanta ar mo chomhghleacaithe ar fad a bheith páirteach sa tionscnamh seo in éineacht le hÉirinn. Tá comhfhreagra Eorpach de dhíth ar fhadhb uile-Eorpach. Is léiriú an-láidir go deo é gur aontaigh an fiche seacht Ballstát ar fad an cur chuige i gcomhar seo ar an ndlúthpháirtíocht - dlúthpháirtíocht a mbeadh súil agam go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach aitheantas láidir dó agus go mbeidh gníomh cinniúnach mar thoradh air chomh luath agus is féidir.

Is i ndiaidh iarracht leanúnach an Aire Creed aitheantas a thabhairt do thionchar COVID-19 ar fheirmeoirí agus ar an earnáil agraibhia níos leithne agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar sin a tháinig an fhorbairt seo. Scríobh an tAire chuig an gCoimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, Janusz Wojciechowski, faoi dhó le cúpla seachtain anuas agus phléigh sé an t-ábhar le linn na físchomhdhála ag deireadh Márta idir na hAirí Talmhaíochta, agus labhair sé go díreach leis an gCoimisinéir ar fhíschomhdháil an tseachtain seo caite.

Dúirt an tAire Tá gach deis glactha agam, lena n-áirítear plé déthaobhach le déanaí leis an gCoimisinéir, béim a chur ar an ngá práinneach atá ann gníomhú ag leibhéal Eorpach. Cé go gcaithfear tús áite a thabhairt do shláinte an phobail a chosaint le linn na géarchéime sláinte poiblí seo nach bhfacthas riamh cheana, tá gá freisin ann tionchar COVID-19 ar an ngeilleagar a mheas, tionchar nach bhfuil an earnáil agraibhia ábalta a sheachaint. Go deimhin, is ag éirí níos géire atá na tionchair seo gach aon lá. Cuirim fáilte roimh an ngníomh níos leithne atá á ghlacadh cheana ag leibhéal Eorpach tríd an Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, ach is léir go bhfuil gá práinneach ann dul i ngleic le deacrachtaí ar leith atá feirmeoirí agus an earnáil agraibhia ag tabhairt aghaidh orthu.

Is é is aidhm le hiarrachtaí an Aire gníomh faoi na trí cheannteideal leathana seo a fháil:

  • an réimse beart tacaíochta ar fad a chuirtear ar fáil faoin Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí a chur i bhfeidhm go tapa - lena n-áirítear Cúnamh do Stóráil Phríobháideach maidir le déiríocht agus táirgí eile agus cúnamh eisceachtúil maidir le feirmeoirí mairteola agus caorach;
  • níos mó solúbthachta maidir le híocaíochtaí díreacha a chur i bhfeidhm faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí - lena n-áirítear i bhfoirm dátaí níos luaithe i ndáil le híocaíochtaí, rátaí níos airde réamhíocaíochta, agus i ndáil le rialú ar an láthair agus seiceálacha riaracháin: agus
  • níos mó solúbthachta den saghas sin maidir le Cláir Forbartha Tuaithe a chur i bhfeidhm.

 Bhí na gnéithe seo ar fad go láidir i gComhráiteas an lae inniu.

Mar fhocal scoir agus é ag deimhniú go raibh an Comhráiteas curtha ar aghaidh ag Éirinn chuig an gCoimisinéir Wojciechowski thar ceann na mBallstát ar fad, dúirt an tAire, "Is céim thábhachtach atá sa lá inniu maidir lenár n-iarrachtaí ar fad chun a chinntiú go mbeidh feirmeoirí agus an earnáil agraibhia - atá ag glacadh ról ríthábhachtach sa troid in aghaidh COVID-19 trí sholáthar bia a choinneáil ag imeacht le linn na tréimhse deacra seo - á gcosaint an méid agus is féidir ó thionchar geilleagrach a bheidh ann mar thoradh ar an ngéarchéim seo. Níl ann ach céim eile ina threo sin. Ní mór dúinn leanúint de seo i rannpháirtíocht leanúnach leis an gCoimisiún Eorpach. Táim ag súil le ról ceannasaíochta a ghlacadh ina leith sin.      

Nóta d'Eagarthóirí:

Cóip den Chomhráiteas thíos.

 

Comhráiteas 27 Aire Talmhaíochta an AE maidir leis an bhfreagra atá de dhíth ag leibhéal Eorpach, faoin gComhbheartas Talmhaíochta, ar ghéarchéim COVID-19

 

Aithníonn Airí Talmhaíochta na hÉireann, na hOstaire, na Beilge, na Bulgáire, na Cipire, na Seicia, na Danmhairge, na hEastóine, na Fionlainne, na Fraince, na Gearmáine, na Gréige, na hUngáire, na hIodáile, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, Mhálta, na hÍsiltíre, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóvaice, na Slóivéine, na Spáinne, na Sualainne arna tacú ag an Chróit:

 

tionchar Ghéarchéim COVID-19 ar gach Saoránach de chuid na hEorpa;

 

Leagaimid béim ar gur príomhthosaíocht i gcomhar láithreach é saol agus sláinte na ndaoine a chosaint le linn na géarchéime sláinte poiblí seo;

 

Leagaimid béim ar an ról ríthábhachtach atá ag feirmeoirí agus ag an earnáil agraibia níos leithne slándáil agus soláthar bia a choinneáil ag imeacht san Eoraip le linn na géarchéime seo chomh maith le creat riachtanach atá á chur ar fáil ag an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP) ina leith, agus ar an ngá atá le CAP láidir a bheith ann amach anseo;

 

Glaoimid ar na Ballstáit ar fad oibriú i gcomhar i spiorad dlúthpháirtíocht na hEorpa;

 

Tugann ar aird, le himní, na tionchair ar an margadh atá ag teacht chun cinn de bharr ghéarchéim COVID-19 san earnáil agraibhia, tionchair atá suntasach cheana féin i gcás cuid de na fo-earnálacha;

 

Déanaimid na tionchair mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a d'fhéadfadh a bheith an-dian agus fadsheasmhach d'fheirmeoirí na hEorpa, don tionscal bia, agus don gheilleagar tuaithe a mheas;

 

Fáiltímid roimh an dlúthpháirtíocht a léirítear le freagra na hEorpa go dtí seo, lena n-áirítear tríd an gcreat Cúnaimh Stáit sealadach nua, na Treoirlínte maidir le bainistiú teorann agus gluaiseachtaí gan srian ar oibrithe, agus an dá chéim den Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, lena n-áirítear roinnt solúbthachtaí maidir le scéim CAP a chur i bhfeidhm;

 

Mar sin féin, measaimid go bhfuil gá práinneach ann fós bearta breise cuí agus freagrach a chur i bhfeidhm faoi CAP ag an tráth seo.

 

Mar sin, mar Airí Talmhaíochta iarraimid ar an gCoimisiún a leanas a éascú:

 

  • Bearta a chur i bhfeidhm faoi Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí (CMO) CAP, lena n-áirítear cúnamh ar leith do stóráil phríobháideach, tacú leis na hearnálacha ina bhfuil corraíolacha suntasacha margaidh agus tionchair ar phraghsanna athbhreithnithe, chomh maith le cúnamh eisceachtúil d’fheirmeoirí sna hearnálacha is mó atá buailte faoi Airteagal 219 agus 221 de Rialachán an CMO;
  •  
  • Athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar gach earnáil sa tréimhse amach romhainn, agus a bheith réidh chun tuilleadh bearta CMO a thabhairt isteach de réir mar is gá;
  •  
  • Síneadh láithreach a chur le tuilleadh solúbthachtaí maidir le Ballstáit faoi dhá cholún CAP, lena n-áirítear maidir le dátaí na híocaíochta, rátaí níos airde réamhíocaíochta ná mar a bhí fógartha cheana féin, bearta ar leith a chur i bhfeidhm laistigh de chláir forbartha tuaithe, agus rialú ar an láthair agus seiceálacha riaracháin a chur i bhfeidhm gan éifeachtúlacht an chórais rialaithe a laghdú;
  •  
  • Freagra leanúnach láidir agus comhordaithe Eorpach a léiríonn do shaoránaigh na hEorpa ar fad an ról tábhachtach atá ag ár bhfeirmeoirí agus ag an earnáil agraibhia níos leithne maidir leis an bhfreagra ar COVID-19, chomh maith le chomh láidir agus atá CAP i ndáil le tacaíocht a thabhairt do shlándáil bia, cosaint timpeallachta agus do cheantair bhríomhara thuaithe le linn na tréimhse seo agus amach anseo.
  •  
  • Chomh réidh agus atá feirmeacha na hEorpa dul i ngleic le géarchéim COVID-19 chomh maith le dúshláin eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta ina measc.
  •  

16 Aibreán 2020

 

 

CRÍOCH

Date Released: 18 April 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.