There were 1,692 press releases posted in the last 24 hours and 401,914 in the last 365 days.

Rabhadh láidir tugtha ag an Aire Creed faoin talamh a bheith á dó go mídhleathach

Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. rabhadh láidir inniu d’úinéirí talún gan dul ag dó talún go mídhleathach.

Dúirt an tAire “Ó tharla an éigeandáil ina bhfuil an tír faoi láthair ag an bpaindéim Covid-19, níor cheart d’aon duine, anois mó ná riamh, tine mhídhleathach a lasadh amuigh faoin tír. D’fhéadfadh acmhainní na seirbhísí éigeandála a bheith gafa ag leithéid nuair a theastódh siad in áit éigin eile. Cuireann loscadh sléibhe tithe agus slite beatha i mbaol díreach agus cuireann pobail thuaithe agus gnáthóga trína chéile. Ní ceadmhach cur isteach den chineál sin beag ná mór ar lucht tuaithe, daoine atá sean agus leochaileach ina measc, ag aon am ní hamháin le linn na héigeandála ina bhfuilimid.

Tá Córas Rátála Dainséir Dóiteáin gníomhachtaithe ag Roinn an Aire agus tá an tAire ag moladh d’úinéirí agus bainisteoirí coillte súil a chaitheamh ar phleananna dóiteáin agus iad a nuashonrú chomh maith le teagmhais ábhartha eile mar árachas, bearnaí tine, pointí rochtana agus uisce, conarthaí héileacaptair srl ionas go mbeifear ullamh go maith roimh thréimhsí ina bhfuil baol ard ann go dtarlódh dóiteáin.

Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a mheabhrú d’úinéirí talún agus don phobal freisin an tábhacht atá leis an séasúr atá coiscthe tinte a lasadh. An t-earrach agus tús an tsamhraidh an t-am is mó a ndéanann éin ghoir a gcuid neadacha, a mbíonn mamaigh ag pórú, a mbíonn borradh faoi fhásrach agus faoi ghnáthóga.   Tá sé deimhnithe ag an NPWS go bhfuil siad le faire leictreonach agus eile a chur gar d’anaclanna agus páirceanna náisiúnta.

Tá méadú mór ar an úsáid atá an pobal a bhaint as saoráidí lasmuigh agus as suíomhanna áineasa ó cuireadh bearta Covid-19 i bhfeidhm ar fud na tíre. Tá níos mó baol go dtarlódh tuilleadh in áiteanna sléibhe. Iarrtar ar lucht úsáide na bhforaoisí agus ar chuairteoirí a bheith freagrach, aird a thabhairt ar an bhfad a cheart fanacht ó dhuine agus páirceáil go cúramach ionas nach mbeadh na suíomhanna dúnta d’fheithiclí éigeandála.

Tá nasc láidir freisin idir loscadh sléibhe agus dumpáil mhídhleathach agus dramhaíl bhaile a bheith á dó in go leor áiteanna agus lasadh a bheith á dhéanamh go mailíseach ar shuíomhanna áineasa agus ar phortaigh atá oscailte don phobal. Iarrann an Roinn ar gach duine a bhaineann leas as an taobh tíre a bheith airdeallach, aon ghníomhaíocht amhrasach a thuairisciú don Gharda Síochána agus aon tine atá imithe ó smacht nó nach bhfuiltear ag faire uirthi a chur in iúl láithreach do na seirbhísí Éigeandála agus Dóiteáin via an tseirbhís 112/999."

Tá an Roinn ag tabhairt rabhadh do gach úinéir talún maidir le bheith ag dó go mídhleathach agus na rioscaí tromchúiseacha atá i gceist i dtaobh talamh incháilithe agus íocaíochtaí faoi scéimeanna talmhaíochta má lastar an talamh go mídhleathach.

Má dhónn tú talamh idir an 01 Márta agus 31 Lúnasa:

  • D’fhéadfaí tú a ionchúiseamh, fíneáil a ghearradh ort nó fiú tú a chur chun príosúin.
  • Ní bheidh talamh dá leithéid incháilithe feasta d'íocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí ná scéimeanna eile limistéarbhunaithe;
  • Trí thalamh atá dóite go mídhleathach a chur san áireamh san iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2020, d'fhéadfadh íocaíocht laghdaithe agus pionóis a bheith mar thoradh air faoin scéim seo agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe, e.g. Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha;
  • Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh talamh do chomharsan a bheith neamh-incháilithe d’íocaíocht mar gheall ar thalamh a dhó go mídhleathach;
  • Nuair a aithnítear gur dódh tailte le linn an tséasúir choiscthe, d'fhéadfadh oifigigh na Roinne talamh dá leithéid a scrúdú

Dúirt an tAire “Níor facthas riamh cheana na nithe atá ag titim amach in Éirinn faoi láthair agus ní mór do gach duine a gcuid a dhéanamh chun tacú leis na seirbhísí éigeandála agus a chinntiú nach gcuirtear seirbhísí in úsáid gan gá. Ní mór d’fheirmeoirí agus an pobal i gcoitinne, bíodh siad ag obair nó ag baint taitneamh as an taobh tíre, a bheith airdeallach ar an mbaol mór a bhaineann le tinte an t-am seo bliana agus a bheith ar an airdeall maidir leis an díobháil a dhéanann dó mídhleathanach don talamh agus do ghnáthóga.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

D’fhéadfadh talamh sléibhe a bheith an-éasca a lasadh san Earrach in Éirinn, go dtí go dtosóidh fásra glas arís amach san earrach agus i dtús an tsamhraidh. Leis na hAchtanna um Fhiadhúlra a dhéantar dó fásra a rialú. Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú le hAlt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) aon fhásra ar thalamh nach bhfuil saothraithe a dhó ón 1ú Márta go dtí 31ú Lúnasa in aon bhliain. Tá duine a mbéarfar air ag dó fásra laistigh den tréimhse choiscthe sin faoi réir ionchúiseamh ag an nGarda Síochána nó ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS). Níl aon ról ag an DAFM maidir le hionchúisimh.

Ní mór d'iarratasóirí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe cloí le Traschomhlíonadh, ina n-áirítear ceanglais maidir le fásra a dhó agus an díobháil a dhéantar do thalamh ainmnithe mar gheall air. Féadtar pionós a ghearradh ar íocaíochtaí atá dlite faoi na scéimeanna seo nuair a aithnítear iarratasóir a bheith ag sárú na gceanglas seo mar thoradh ar scrúdú a bheith déanta nó Trasthuairisc a bheith faighte ón NPWS.

Meastar talamh a aithnítear a bheith dóite le linn an tséasúir choiscthe sonraithe a bheith neamh-incháilithe go huathoibríoch do na scéimeanna tacaíochta éagsúla.

Is féidir teacht ar rabhaidh agus comhairle maidir le dóiteáin ag: https://www.agriculture.gov.ie/forestservice/firemanagement/ and https://www.teagasc.ie/crops/forestry/forest-fire-risk/

 

CRÍOCH

Date Released: 27 March 2020