There were 1,735 press releases posted in the last 24 hours and 402,511 in the last 365 days.

Fianaise aimsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go raibh teagmháil ag sáible a tugadh isteach sa tír leis an lisivíreas

Tá fianaise aimsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go raibh teagmháil ag sáible (mamach beag feoiliteach) a tugadh isteach sa tír mar pheata leis an lisivíreas. Is féidir leis an lisivíreas cur isteach ar gach uile mhamach. Áirítear an víreas confaidh leis an ngrúpa Lisivíris. 

 

Cuireadh in iúl don DAFM ar an 7 Eanáir 2020 go raibh an sáible á iompar féin ar bhealach neamhghnách anois agus arís. Tugadh le fios le linn na bhfiosrúchán a rinne an DAFM gur coinníodh an t-ainmhí go sábháilte in áitreabh príobháideach i gContae Chorcaí agus nach raibh fianaise ar bith ann go raibh teagmháil aige le hainmhí ar bith taobh amuigh den teaghlach. Ach rinneadh eotanáis ar an ainmhí mar nach rabhadar ábalta ionfhabhtú confaidh a chur as an áireamh leis an bhfiosrúchán agus rinneadh sin de réir phlean teagmhasach um ullmhacht éigeandála na Roinne.

 

Ag an am céanna chuaigh an Roinn i gcomhairle go dlúth le Rannóg Sláinte Poiblí réigiúnach agus le Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) araon.  D'aithin an HSE líon beag ainmhithe aonair a raibh baol ann go raibh teagmháil acu leis an ainmhí agus tá an HSE á fhiosrú seo.

 

Toradh diúltach a bhí ar na chéad scagthástálacha a rinne Lárshaotharlann Tréidliachta na Roinne agus Saotharlann Tagartha na hEorpa (EURL) sa Fhrainc. Ar an 23 Eanáir, tar éis tabhairt faoi mhodhanna tástálacha deimhniúcháin breise, thuairiscigh an EURL go raibh fianaise ann go raibh ábhar géiniteach ar leibhéal íseal den lisivíris i samplaí inchinne an ainmhí. Ní féidir confadh sa sáible a chur as an áireamh bunaithe ar na torthaí seo ón EURL.

Níor aithníodh go raibh teagmháil ag an sáible le haon ainmhí eile taobh amuigh den teaghlach. Cé go bhfuil an baol go scaipfeadh an lisivíreas chuig ainmhithe eile sa cheantar an-íseal, tá an DAFM le bearta réamhchúramacha breise a chur i bhfeidhm sa limistéar faireachais atá leagtha amach sa mhapa san Iarscríbhinn atá leis seo:

(a) Beidh cosc ar mhadraí, ar chait nó ar fhiréid a thabhairt le chéile, áirítear air sin, fiach, díolacháin, aontaí etc. 

(b) Ní mór tuairisc a thabhairt don DAFM ar ainmhí ar bith a fhaightear marbh sa cheantar.

Beidh na bearta sealadacha seo i bhfeidhm ar feadh míosa agus beidh faoi réir athbhreithnithe.

 

Moltar d'úinéirí madraí, cat agus firéad monatóireacht a dhéanamh ar shláinte agus ar iompar a n-ainmhithe agus tuairisc ar aon iompar aisteach nó neamhghnách a thabhairt don DAFM. Is féidir le haon bhall den phobal laistigh den limistéar faireachais atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil glaoch a chur ar Oifig Réigiúnach an DAFM i gCorcaigh ar 021 4851400.

 

Tá tuilleadh eolais maidir le confadh ar fáil ar láithreán gréasáin an DAFM ag https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/diseasecontrol/rabies/ agus ar láithreán gréasáin an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte  An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC). 

Iarscríbhinn:

 Map

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/diseasecontrol/rabies/, ar láthreán gréasáin an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) agus ar láithreán gréasáin na hEagraíochta Domhanda Sláinte   

 

CRÍOCH

 

Date Released: