There were 1,788 press releases posted in the last 24 hours and 446,390 in the last 365 days.

Tús na Scéime Infheistíochta Laonna curtha i gcuimhne ag an Aire d'fheirmeoirí

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ar an Scéim Infheistíochta Laonna (CIS) ón lá amárach, an 7 Eanáir 2020. Is tionscnamh nua de na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara atá sa scéim seo ina ndéanfar cistiú €1.5m le haghaidh infheistíocht ar an bhfeirm a leithroinnt ar réimse infheistíochta lena n-áirítear beathaitheoirí laonna, córais beathaithe laonna agus cairteacha bainne le meascthóirí san áireamh.

Tá réimse de mhíreanna infheistíochta breise ar fáil lena roghnú sa bhreis ar na príomhinfheistíochtaí seo. Déanfar cúnamh deontais suas le €3,000 an gabháltas i leith na míreanna infheistíochta sin.

Dúirt an tAire "scéim nua í seo a chuirfidh go mór le hacmhainneacht ar fheirmeacha na hÉireann chun laonna a thógáil agus cuirfear tuilleadh leis an gclú atá ar thalmhaíocht na hÉireann ó thaobh sláinte agus leasa de. Mholfainn d'fheirmeoirí smaoineamh ar infheistiú sna bearta seo agus tá súil agam go mbeidh leibhéal ard rannpháirtíochta sa tionscnamh seo."

Beifear ábalta iarratas a dhéanamh ar an scéim seo, iarratais nach mór a chur ar aghaidh ar ríomhphost, ón lá amárach, Dé Máirt an 7 Eanáir go dtí an 28 Eanáir 2020. Is féidir tuilleadh eolais, lena n-áirítear an fhoirm iarratais agus nóta maidir le ceisteanna a chuirtear go minic, a aimsiú ar láithreán gréasáin na Roinne ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/calfinvestmentscheme/

 

CRÍOCH

 

Date Released: 07 January 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.