There were 1,703 press releases posted in the last 24 hours and 401,913 in the last 365 days.

Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil tús curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2019

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu, go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2019.

Dúirt an tAire “Agus tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe ANC, is ionann an t-iomlán atá íoctha le 95k feirmeoir faoi Scéim ANC 2019 go dtí seo agus €238m.  Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le Scéim an ANC d'fheirmeoirí, agus tá an buiséad iomlán don Scéim seo méadaithe arís i mbliana go dtí €250m”.

Mar thoradh ar na ceanglais a leagtar amach i Rialacháin an AE, tá Scéim an ANC á híoc ar an mbunús réamhíocaíocht agus íocaíocht chomhardaithe a bheith i gceist. Leanfar de shraitheanna rialta íocaíochtaí a dhéanamh faoi Scéim ANC 2019 de réir mar a bheidh cásanna á gceadú i leith íocaíochta.  Chomh maith leis sin, d'iarr an tAire ar na feirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh. 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire “is tosaíocht thábhachtach de chuid mo Roinne é go ndéanfar na híocaíochtaí a phróiseáil in am trátha, toisc go dtuigim chomh tábhachtach is atá na scéimeanna sin don phobal feirmeoireachta.”

Cuireadh tús le híocaíochtaí faoi na príomhscéimeanna do 2019 i mí Mheán Fómhair leis an réamhíocaíocht faoi Scéim ANC.  Ó shin i leith, tá suim iomlán €1,599,852,138.68 íoctha amach faoi réimse scéimeanna atá á reáchtáil ag mo Roinnse.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 10 December 2019