There were 1,785 press releases posted in the last 24 hours and 399,691 in the last 365 days.

Deimhnithe ag Creed go bhfuil €1.14bn íoctha go dtí seo faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí – Tús Curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu, go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 agus Glasú.

 

Agus tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe BPS, is ionann an t-iomlán atá íoctha le breis agus 120,000 feirmeoir faoi Scéim 2019 go dtí seo agus €1.14bn.  Dúirt an tAire "Thosaigh mo Roinnse ag eisiúint 70% de na réamhíocaíochtaí faoi BPS chuig feirmeoirí ar fud na tíre i lár mhí Dheireadh Fómhair.  I mbliana, fuair 94% d'fheirmeoirí incháilithe réamhíocaíocht faoin gcéad tsraith íocaíochtaí.  Tá sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm ó mhí Dheireadh Fómhair, agus tá mé sásta a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe 30% faoi BPS mar a bhí beartaithe.”

 

Dheimhnigh an tAire freisin go gcuirfear tús freisin le híocaíochtaí faoi Scéim an Fheirmeora Óig agus faoi Chúlchiste Náisiúnta 2019 in éineacht leis an íocaíocht chomhardaithe do BPS 2019. 

 

Dúirt an tAire “Leanann mo Roinnse d'íocaíochtaí a eisiúint ar fud réimse leathan scéimeanna agus ag ráta atá an-fhabhrach nuair a chuirtear an ráta sin i gcomparáid leis na córais atá i bhfeidhm i mBallstáit eile.  Tuigim go rímhaith go dtugann na híocaíochtaí seo cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair agus do gheilleagar na tuaithe i gcoitinne.”

 

Fanfaidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm faoi BPS 2019 de réir mar a bheidh cásanna á gceadú i leith íocaíochta.  D'iarr an tAire ar na feirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh.  Mar fhocal scoir dúirt an tAire “is tosaíocht thábhachtach de chuid mo Roinne é go ndéanfar na híocaíochtaí a phróiseáil in am trátha, toisc go dtuigim chomh tábhachtach is atá na scéimeanna sin don phobal feirmeoireachta.”

 

Tá sé beartaithe tús a chur le híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an tseachtain seo chugainn.

 

CRÍOCH

Date Released: 02 December 2019