There were 1,822 press releases posted in the last 24 hours and 399,408 in the last 365 days.

An tAire Creed ag iarraidh go bhfanfaidh an Fóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh ina ghlór láidir don earnáil

D'óstáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., inniu an 19ú cruinniú den Fhóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh (NIFF) ag Teach na Talmhaíochta, Baile Átha Cliath.

Tá na Fóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh, a bunaíodh in 2014, ag dul trí phróiseas athnuaite faoi láthair agus roinnt ball ag teannadh le deireadh a gcuid téarmaí agus tá cathaoirligh agus leas-chathaoirligh nua á gceapadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid réigiún sa bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh. Thapaigh an tAire an deis chun buíochas a ghlacadh leis na daoine atá ag imeacht: “Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a bhí sásta ionadaíocht a dhéanamh ar an earnáil. Gan an tiomantas agus ag dúthracht a léirigh sibh, ní bheadh an tionscnamh seo tagtha chun cinn mar ghlór tábhachtach don earnáil mar atá tarlaithe ó shin i leith.” Ó tháinig sé le chéile den chéad uair an 15 Eanáir 2015, tá suíocháin tugtha don Fhóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh ina cháil mar ionadaithe iascaigh intíre ar roinnt ardán comhairleach lena n-áirítear an Coiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí  agus Coiste Monatóireachta Chlár Oibríochtúil an EMFF.

Agus é ag trácht ar an taifead atá ag na Fóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh maidir le beartas a fhorbairt, thug an tAire ar aird, “Tá ocht mbeart caomhnaithe tugtha isteach mar gheall ar an obair ar cuireadh tús léi i gceann amháin de na sé réigiún a fuair tacaíocht an t-am sin ó NIFF. Tá BIM ag obair le NIFF chun an chéad straitéis cois cladaigh tionscaltreoraithe a chur i bhfeidhm toisc go bhfuil tús áite tugtha ag NIFF dó sin. Bhí sé dúshlánach ag pointí áirithe ach tá súil agam go leanfaidh cur chuige  réamhghníomhach an NIFF de bheith éifeachtach beag beann ar an duine atá sa chathaoir don réigiún ina bhfuil siad lonnaithe. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin ar nós an Athraithe Aeráide agus beartais nua á leathadh amach mar Pleanáil Spásúlachta Mara, tá sé riachtanach go mbeidh glór ionadaíoch ann atá láidir agus trínar féidir an Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh a threorú.”

CRÍOCH

 

Date Released: 28 November 2019