There were 1,677 press releases posted in the last 24 hours and 403,780 in the last 365 days.

Oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2020 ar fiú €6 mhilliún é fógartha ag an Aire Doyle

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Ghairneoireacht, Andrew Doyle T.D., inniu go bhfuil cead an AE faighte agus dá bharr sin gur féidir iarratais a dhéanamh ar an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt anois. Leithdháileadh €6 mhilliún chun an scéim a chur i bhfeidhm mar chuid de Bhuiséad 2019.

 

Dúirt an tAire Doyle agus an Scéim á seoladh aige, "Léirítear leis an scéim seo tiomantas leanúnach an Rialtais don earnáil seo ina gcuirtear cabhair bhreise ar fáil d'fhonn tacú lena forbairt amach anseo. Éascaíonn an scéim seo soláthar leanúnach do na margaí baile agus fairsingiú a d'fhéadfaí a dhéanamh i margaí nua atá ann chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an mBreatimeacht.

 

Is scéim iomaíoch í an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a fhorbairt is féidir leis na hearnálacha gairneoireachta ar fad – glasraí páirce, beacáin, barra bia atá faoi chosaint, barra taitneamhachta, bogthorthaí, úlla agus beachaireacht - cur isteach uirthi agus faoin scéim cuirfear cúnamh deontais ar fáil ag an ráta 40%, d'infheistíochtaí caipitil a bheidh ceadaithe. Is é an 17 Eanáir 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar scéim 2020.

 

Dúirt an tAire; “Chuir earnáil gairneoireachta na hÉireann breis is €433m le luach an aschuir ag leibhéal geata na feirme anuraidh agus meastar gurb í an earnáil sin ba chúis leis an 6,600 post a cruthaíodh, agus gurbh í an earnáil sin freisin ba chúis le go leor daoine eile a bheith fostaithe go hindíreach san earnáil. Is iomaí dúshlán atá roimh an earnáil seo fós. Tá an scéim seo rí-thábhachtach d'fhonn tacú leis an earnáil gairneoireachta in Éirinn agus d'fhonn éagsúlú gníomhaíochtaí feirme a chur chun cinn atá tábhachtach mar gheall ar an gealltanas atá tugtha againn astaíochtaí ó thalmhaíocht a laghdú.

 

Nótaí d'eagarthóirí

Is féidir sonraí na scéime chomh maith le foirmeacha iarratais don scéim a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo nó ó:

 

An Rannóg um Ghairneoireacht agus Sláinte Plandaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, An Foirgneamh Riaracháin, Campas Bhacastún, Crois an tSiúnaigh, Cill Droichid, Co. Chill Dara, W23 X3PH 01 5058886.

 

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 28 November 2019