There were 1,837 press releases posted in the last 24 hours and 399,122 in the last 365 days.

Ráiteas ón Aire Andrew Doyle maidir leis an bPróiseas Ceadúnaithe Foraoiseachta

Tá ráiteas eisithe inniu ag Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le moilleanna sealadacha i gceadúnais foraoiseachta a eisiúint. Tá freagracht fhoriomlán ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina cáil mar údarás náisiúnta foraoiseachta na hÉireann, chun iarratais a cheadú i leith crainn a leagan, foraoisí a chur agus bóithre foraoise a thógáil.   Tá moill curtha ar cheadúnais a eisiúint mar gheall ar athruithe riachtanacha sna nósanna imeachta maidir le Measúnacht Chuí, ar riachtanas é atá ina chuid den phróiseas ceadaithe.

 

Dúirt an tAire Doyle “Tuigim go maith gur cuireadh moill ar cheadúnais a eisiúint maidir le foraoiseacht agus crainn a leagan. Cé go leantar de cheadúnais a eisiúint gach seachtain, níl sé ag tarlú chomh tapa agus ba mhaith liom a fheiceáil. Bhí sé seo in údar díomá ag úinéirí foraoise, cuid mhaith acu ar chas mé leo le gairid. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun an t-eolas is déanaí a chur ar fáil maidir leis an obair leanúnach atá ar bun chun an próiseas a athchóiriú lena chinntiú go réiteofar an cur isteach sealadach chomh tapa agus is féidir.  Chomh maith leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl d'úinéirí talún go bhfuil gach iarracht á déanamh chun seachadadh na gceadúnas a fheabhsú agus iad a thabhairt ar ais ar aon dul leis na hamlínte a bhfuiltear ag súil leo maidir len iad a chur ar fáil”.

 

Agus ceadúnais á gceadú ag an Roinn, ní mór di a chinntiú go bhfuil na tionscadail ar fad ag teacht le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an AE agus dlí na hÉireann.  Ní mór scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar gach iarratas maidir leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil a bhaineann leis, lena n-áirítear cigireachtaí suímh, atreoraithe reachtúla, comhairliúchán poiblí, agus nósanna imeachta maidir le Measúnacht Chuí agus Measúnacht Tionchair Timpeallachta a chur i bhfeidhm.  Mar gheall ar rialuithe a rinneadh le gairid i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus i ndlí na hÉireann a bhaineann le láithreáin Natura a chosaint, i.e. SACanna agus SPAnna, rinneadh athruithe ar an bpróiseas seo, go háirithe maidir leis an nós imeachta a bhaineann le Measúnacht Chuí. Tá nósanna imeachta níos trédhearcaí agus níos láidre á dtabhairt isteach a léireoidh an próiseas trína dtiocfaidh an Roinn ar chinneadh deiridh maidir le cibé an mbeidh drochthionchar ar láithreán Natura mar gheall ar an tionscadal nó nach mbeidh, bíodh an tionscadal leis féin nó ina chuid de phleananna nó tionscadail eile. 

 

D'ainneoin na moilleanna atá ann faoi láthair, luaigh an tAire go bhfuil 3,200 heicteár breise de thalamh ceadaithe ag an earnáil foraoiseachta i mbliana atá ar fáil le plandáil a dhéanamh. Chomh maith leis sin, in ainneoin moilleanna le gairid, bhí 2019 ina bliain faoi leith go dtí seo ó thaobh ceadúnais chun crainn a leagan a eisiúint agus 3,866 eisithe go dtí seo i mbliana. Is méadú 23% é seo ar an tréimhse chéanna anuraidh.

 

Dúirt an tAire freisin “Cé gur cúis aiféala é an cur isteach gearrthéarmach a bhaineann leis na nósanna imeachta nua a thabhairt isteach, níl aon rogha eile againn ach an próiseas ceadúnaithe a athfhormáidiú. Tá sé de fhreagracht orainn a chinntiú go ndéanfar gach iarratas foraoiseachta a scrúdú agus a chinntiú go comhlíonann siad na caighdeáin comhshaoil is airde agus is féidir. I ndeireadh na dála, creidim go gcuirfidh na hathruithe seo le cáil na foraoiseachta maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus go mbeidh córas ceadúnaithe níos freagrúla ann dá mbarr. Chuir an Rialtas de chúram ar an earnáil foraoiseachta cuid de na spriocanna maidir le foraoiseacht faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a bhaint amach agus tríd an bpróiseas ceadaithe a athchóiriú anois, cinnteofar go mbeidh an próiseas oiriúnach don fheidhm maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach”.

 

Mar chuid den chóras nua seo a thabhairt isteach, áirítear saineolaithe éiceolaíochta breise a earcú agus athruithe a dhéanamh i nósanna imeachta do lucht cigireachta foraoiseachta na Roinne.  Chuaigh an Roinn i mbun fógraíochta d'éiceolaithe breise an tseachtain seo caite agus tá tacaíocht éiceolaíoch tugtha isteach aici agus cuirfear leis sin in am trátha. Tá cigirí DAFM gaibhte i mbun oiliúna cheana féin agus gheobhaidh siad tacaíocht agus oiliúint leanúnach maidir leis na nósanna imeachta nua a bhaint amach.  Chomh maith leis sin, tá catagóiriú á dhéanamh ar chomhaid a mbeidh tionchar ag na riachtanais seo orthu d'fhonn gníomhaíocht bhreise a bheidh ag teastáil, agus cé na dreamanna a mbeidh a leithéid ag teastáil uathu, a mheas chomh maith agus is féidir. 

 

Mar fhocal scoir, thug an tAire le fios go bhfuil comhairleoir coimisiúnaithe aige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis agus nósanna imeachta na Roinne maidir le hiarratais agus ceaduithe foraoiseachta atá cosúil leis an mbeart ar tugadh faoi in Albain.  Cuirfear an tuarascáil seo i gcrích ag deireadh mhí na Samhna. Tríd an athbhreithniú cuimsitheach seo, inar cuireadh tuairimí réimse leathan páirtithe leasmhara san áireamh, táthar ag súil go gcuirfear tuilleadh deiseanna ar fáil chun próisis ceadúnaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla amach anseo.

 

 Minister Doyle PR Budget 2020

 

CRÍOCH

Date Released: 08 November 2019