There were 1,779 press releases posted in the last 24 hours and 402,395 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag Creed roimh chomh maith is atá ag éirí le síolrú Chromán na gCearc

Tús le cur le híocaíochtaí feirmeoirí faoi Scéim 2019 an tseachtain seo

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., roimh thuarascáil Mhonatóireachta Chromán na gCearc do 2019 ina léirítear méadú 35% ar fhigiúr 2017 i líon chromán na gcearc óg atá cleitithe.  Tá an 81 sicín a chleitigh i mbliana ar an líon is airde le 14 bliain anuas. Chuir Clár Chromán na gCearc, atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, leis an rath seo.  Scéim atá sa Tionscadal seo atá stiúrtha, leagtha amach agus á riar go háitiúil, agus tá sé á mhaoiniú faoi Chlár Forbartha Tuaithe DAFM. Is é an Golden Eagle Trust a rinne monatóireacht ar Chromán na gCearc i gcomhar le foireann Chlár Chromán na gCearc.

Chuir Bainisteoir Clár Chromán na gCearc Fergal Monaghan, an tuarascáil i láthair an Aire Creed agus thug sé an t-eolas is déanaí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Dúirt an tAire Creed i ndiaidh an chuir i láthair “Bhí ríméad orm a fheiceáil go bhfuil méadú tagtha ar an líon sicíní de chuid chromán na gcearc a chleitigh i mbliana. Is mar gheall ar infheistíocht shuntasach ó mo Roinnse i gclár Chromán na gCearc agus gníomhaíochtaí na 1,524 feirmeoir ach go háirithe atá rannpháirteach go rabhthas in ann an méid seo a bhaint amach. Ar an iomlán, déanann na rannpháirtithe seo bainistiú ar níos mó ná  37,000 heicteár ar fud na 6 Limistéar Cosanta Speisialta agus cuireann siad go mór leis an tosaíocht bhithéagsúlachta seo. Mar gheall ar a gcuid gníomhaíochtaí chun gnáthóg d'ardchaighdeán a chur ar fáil do na héin, tá feabhas tagtha ar rath síolraithe phobal chromán na gcearc. Tá cúrsaí fós idir dhá cheann na meá agus ní féidir a bheith réchúiseach, ach táimid ag dul sa treo ceart.”

Bhí an méid céanna le rá ag Fergal Monaghan, Bainisteoir Chlár Chromán na gCearc, a dúirt “Bliain thar a bheith torthúil a bhí inti do chromán na gcearc.  D'fhág 81 sicín an nead in 2019, méadú 35% ar an líon a taifeadadh in 2017 nuair a cuireadh tús le Clár Chromán na gCearc. Is é sin an figiúr is mó a taifeadadh ó rinneadh an chéad Suirbhé SPA in 2015.”

 

D'fháiltigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., roimh an méadú suntasach atá tagtha ar líon chromán na gcearc a chleitigh in 2019; “Táim ag súil le rannpháirtíocht leanúnach mo Roinnse i gClár Chromán na gCearc agus i dtionscnaimh eile chun stádas caomhnaithe an speicis a fheabhsú. Tugaim ar aird go leagfar amach i bPlean Freagartha Bagairtí Chromán na gCearc, arna thabhairt chun críche ag mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, gníomhaíochtaí do gach earnáil atá dírithe ar ionchais fhadtéarmacha an speicis a fheabhsú.”

Chomh maith leis sin, d'fháiltigh an tAire Creed roimh thús a bheith á chur le híocaíochtaí gnáthóige 2019 d'fheirmeoirí faoi Chlár Chromán na gCearc. Gheobhaidh an tuairim is 1,500 feirmeoir atá páirteach tuairim ar €3 mhilliún in íocaíochtaí idir seo agus deireadh na bliana.

Dheimhnigh an tAire Creed freisin go bhfuil tús curtha cheana féin le híocaíochtaí chuig 328 feirmeoir atá rannpháirteach i gClár Bhoirne agus go leanfar leis na híocaíochtaí sin ar bhonn seachtainiúil. Táthar ag súil go n-íocfar níos mó ná €700,000 le feirmeoirí rannpháirteacha roimh dheireadh na bliana i bhfoirm íocaíochtaí atá bunaithe ar ghnáthóga. Cuirfear tús le gairid le híocaíochtaí chuig rannpháirtithe Thionscadal an Diúilicín Péarla agus táthar ag súil go n-íocfar níos mó ná €900,000 le 342 rannpháirtí roimh dheireadh 2019.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire, “tá na tionscadail faoi stiúir áitiúil seo ar cheann de na gnéithe de chuid an Chláir Forbartha Tuaithe a bhfuil éirithe thar cionn leo agus déanaim comhghairdeas le lucht na dtionscadal ar fad mar gheall ar an obair leanúnach atá ar bun acu. Mholfainn do gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl faoi láthair chun ullmhú don chéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile agus cuidiú le todhchaí na scéimeanna faoi stiúir áitiúil agus beartas talmhaíochta a mhúnlú”.

 

Nótaí d'eagarthóirí:

Clár Chromán na gCearc

Is féidir an Tuarascáil Mhonatóireachta a fháil ag http://www.henharrierproject.ie/HHP_HH_Monitoring_2019.pdf

Scéim de chuid Chlár Forbartha Tuaithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara is ea Clár Chromán na gCearc. Is scéim í atá faoi cheannas áitiúil agus atá á leagan amach agus á riar go háitiúil faoi Fhoireann Bainistithe Tionscadail atá lonnaithe i gCo. na Gaillimhe.

Is clár 5 bliana atá ann atá dírithe go sonrach ar fheirmeoirí a dhéanann bainistíocht ar thalamh sna 6 SPA de chuid Chromán na gCearc ar thalamh i Limistéir Cosanta Speisialta (SPAnna) i Sliabh Beatha, Sliabh Bladhma, Sliabh Eibhlinne go dtí Sliabh an Airgid, Sliabh Eachtaí, Cnoc an Stacaigh go dtí Mullach an Radhairc, Cnoic Iarthar Luimnigh & Sliabh an Iolair agus Mullach an Ois go dtí Sliabh Mhuisire Mór.

Cuireadh tús le Clár Chromán na gCearc i mí Aibreán 2017 agus tá 1,524 duine rannpháirteach ann.

Tá an íocaíocht gnáthóige ar an gcéad cheann de thrí shruth íocaíochta faoinar féidir le rannpháirtithe tairbhe a bhaint as. 

Clár Bhoirne

Is scéim agra-chomhshaoil Clár Bhoirne atá faoi cheannaireacht áitiúil agus atá cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an AE. Téitear i mbun oibre le feirmeoirí chun cuidiú leo comhshaol na Boirne a chaomhnú agus beostoc ar ardchaighdeán a tháirgeadh ag an am céanna. Rinneadh an Clár a fhorbairt sa Bhoireann, don Bhoireann, trí dhul i mbun oibre le feirmeoirí an cheantair i rith Chlár Burren LIFE agus an Chláir um Fheirmeoireacht Chaomhnaithe sa Bhoirinn.

Tionscadal an Diúilicín Péarla

Tá Clár an Diúilicín Péarla ar an dara clár is mó de Thionscnamh Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta na hEorpa (EIP)/scéimeanna faoi stiúir áitiúil i ndiaidh Chlár Chromán na gCearc.

Tá an clár dírithe ach go háirithe ar fheirmeoirí a bhfuil talamh ainmnithe acu sna hocht ndobharcheantar SPA don diúilicín péarla. Is iad na dobharcheantair atá ag teacht faoi Chlár an Diúilicín Péarla:  An Poll Gorm, An Chárthach agus An Corrán i gCo. Chiarraí,  Bun Dorcha i gContae Mhaigh Eo, Damhras agus Abhainn an Chnoic i gCo. na Gaillimhe agus Glaskeelan i gCo. Dhún na nGall.

Obair i gcomhar a bheidh sa chlár agus tá tacaíocht ag Foireann an Diúilicín Péarla ó fhoireann leathan hidreolaithe, éiceolaithe, oibrithe allamuigh agus comhairleoirí feirme a thacóidh le leathadh amach an chláir ar an talamh.  Cuidíonn an DAFM, in éineacht le Seirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an EPA, Teagasc, LAWSAT agus saineolaithe eile chun an tionscadal a threorú agus chun tacú leis. 

 

 Minister Creed and Fergal Monaghan

CRÍOCH

Date Released: 07 November 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.