There were 1,859 press releases posted in the last 24 hours and 399,364 in the last 365 days.

Ráitis N & P go dtí an 31 Iúil 2019 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Eanáir go Iúil 2019 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú. 

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar  www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/ chun teacht ar an bhfoirm cláraithe.

 

CRÍOCH

Date Released: 17 September 2019