There were 1,733 press releases posted in the last 24 hours and 402,549 in the last 365 days.

Ráiteas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD maidir le tabhairt i gcrích na Cainteanna Mairteola

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia & Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfuil comhaontú bainte amach idir Ionadaithe ón Tionscal Mairteola agus Eagraíochtaí Feirme (IFA, ICMSA, ICSA, Macra na Feirme, INHFA, an Beef Plan Movement agus Independent Farmers) maidir le comhaontú dhá shraith chun Earnáil Mairteola na hÉireann a athchóiriú. 

 

Tá roinnt idirghabhála i gceist leis an gComhaontú a mbainfidh táirgeoirí mairteola leas astu ar an bpointe, chomh maith le réimse de bhearta straitéiseacha a mbeidh sé mar aidhm leo dul i ngleic le neamhchothromaíocht struchtúrtha san earnáil.

 

Dúirt an tAire agus é ag deimhniú sonraí an Chomhaontaithe "bainfidh táirgeoirí mairteola leas láithreach as méadú ar réimse bónas, lena n-áirítear

  • méadú 66% ar an mbónas in-spec atá ann faoi láthair maidir le bulláin agus bodóga ó 12c/kg go 20c/kg:
  • tabharfar bónas nua 8c/kg isteach maidir le bulláin agus bodóga atá idir 30 agus 36 mí d'aois, a mbainfidh amach na critéir ghaolmhara in-spec ar fad atá ann nach mbaineann le haois, agus nach bhfuil aon bhónas faighte ina leith go dtí seo; 
  • chomh maith le réimse bónas agus athchóirithe nua a thabhairt isteach. 

 

Bunófar Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola chun ceannaireacht a chur ar fáil chun cosán inbhuanaithe a fhorbairt do thodhchaí na hearnála mairteola i ndáil le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, timpeallachta agus shóisialta.    Duine a bheidh ceaptha ag an Aire a dhéanfaidh cathaoirleacht neamhspleách ar an Tascfhórsa, agus beidh an DAFM, gníomhaireachtaí cuí Stáit agus ainmnithe ó eagraíochtaí feirme agus ón tionscal feola air.  Déanfaidh an Tascfhórsa soláthair do struchtúr láidir forfheidhmiúcháin do na gealltanais atá sa Chomhaontú seo, chomh maith le sceidil ama agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara.  Ina theannta sin, cuirfear ardán cuí le haghaidh rannpháirtíocht straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara mar miondíoltóirí, údaráis rialála etc ar fáil le Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola.

 

Is éard a dúirt an tAire maidir leis na hathchóirithe struchtúracha atá comhaontaithe: "Aontaíodh roinnt beart sna réimsí a bhaineann le trédhearcacht an mhargaidh, cur chun cinn na mairteola agus an áit atá ag an bhfeirmeoir sa slabhra soláthair a neartú. Mar shampla:

  • go ndéanfadh Teagasc athbhreithniú eolaíochta láithreach ar an nGreille Íocaíochta Caighdeáin;
  • athbhreithniú neamhspleách ar riachtanais an mhargaidh agus ar riachtanais na gcustaiméirí, go háirithe i ndáil leis an gceithre chritéar bónais in-spec atá i bhfeidhm faoi láthair in earnáil mairteola na hÉireann;

Socraíonn na bearta a comhaontaíodh bóthar i dtreo soiléireacht níos mó do na páirtithe leasmhara ar fad a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair mairteola, na feirmeoirí ach go háirithe."

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire "Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil do gach duine a bhí páirteachas sa phróiseas seo agus as an gcúnamh a thug siad i ndáil le bealach chun cinn a chomhaontú d'earnáil mairteola na hÉireann. Tá súil agam go mbeidh an Comhaontú seo ar an gcéad chéim chun cinn chun comhpháirtíocht níos láidre a bhaint amach san earnáil ríthábhachtach seo do gheilleagar na hÉireann agus faoin Tuath in Éirinn. “

 

Nótaí don Eagarthóir:

Comhaontú i ndáil le hEarnáil Mairteola na hÉireann an 15 Meán Fómhair 2019

Baineann an Comhaontú seo, a baineadh amach an 15 Meán Fómhair 2019, i dTeach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 le hEarnáil Mairteola na hÉireann.  Ba chóir an comhaontú seo a léamh in éineacht le cáipéis Bhacastúin 'Conclúidí agus Na Chéad Chéimeanna Eile' dar dáta an 21 Lúnasa.

 

Sraith a hAon: Leasanna láithreach do na feirmeoirí

Baineann Sraith a hAon den Chomhaontú le roinnt idirghabhála a chuirfidh leas láithreach ar fáil do tháirgeoirí mairteola. Comhaontaíodh na hidirghabhálacha seo a leanas:

 

  • Tabharfar bónas nua 8c/kg isteach maidir le bulláin agus bodóga atá idir 30 agus 36 mí d'aois,,   a mbainfidh amach na critéir ghaolmhara in-spec ar fad atá ann nach mbaineann le haois, agus nach bhfuil aon bhónas faighte ina leith go dtí seo.
  • Méadú dhá thrian láithreach ar an mbónas in-spec atá ann faoi láthair maidir le bulláin agus bodóga, ó 12c/kg go 20c/kg.
  • Tabhairt isteach bónas in-spec nua 12c/kg maidir le bulláin agus bodóga faoi 30 mí sna catagóirí a bhfuil grád O- agus scór saille  4+ acu , nach bhfuil ag cáiliú d'aon bhónas i láthair na huaire.
  • Laghdófar an riachtanas i ndáil le cónaitheacht 70 lá in-spec go dtí 60 lá ar an bhfeirm dheireanach.
  • Déanfaidh Bord Bia samhail d'innéacs praghsanna ar an margadh mairteola a fhorbairt bunaithe ar 3 ghné: innéacs praghsanna eallaigh, innéacs praghsanna ar an margadh mairteola (miondíol agus mórdhíol) agus táscaire praghsanna scairtí, a bheidh le tabhairt isteach an tseachtain dar tús an 16 Meán Fómhair.
  • Tabharfaidh Teagasc athbhreithniú eolaíochta láithreach ar an nGreille Íocaíochta Caighdeáin; an chéad chéim den athbhreithniú, anailís deisce ar struchtúr praghsála an ghreille ar an mbonn toradh feola/déanamh chun críche faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.
  • Bunófar Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola.

 

Sraith a Dó:  Athchóirithe Struchtúracha Straitéiseacha:

Leagtar amach i Sraith a Dó den Chomhaontú na bearta straitéiseacha a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar neamhchothromaíochtaí struchtúracha san earnáil mairteola.  

 

Grinnscrúdú ar an Margadh

Áireofar i measc na dtionscnamh a bheidh dírithe ar fhaisnéis a fheabhsú feadh an tslabhra soláthair na tuarascálacha seo a leanas a choimisiúnú láithreach, agus iad a bheith curtha i gcló faoi dheireadh na bliana 2019:

 

  • athbhreithniú neamhspleách ar riachtanais an mhargaidh agus ar riachtanais na gcustaiméirí, go háirithe i ndáil leis an gceithre chritéar bónais in-spec atá i bhfeidhm faoi láthair in earnáil mairteola na hÉireann;
  • scrúdú neamhspleách ar chomhdhéanamh na bpraghsanna i ndáil le luach iomlán an ainmhí, lena n-áirítear an cúigiú ceathrú feadh an tslabhra soláthair.  Déanfaidh na torthaí eolas do bhearta amach anseo de réir mar is cuí.  Comhoibreoidh an tionscal mairteola i ndáil le sonraí a chur ar fáil; agus
  • achoimre ar fhadhbanna a bhaineann le dlí  iomaíochta mar a bhaineann le hearnáil mairteola na hÉireann.

 

Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola

Mar chuid de shraith 1 agus mar bhuntaca faoi Shraith a Dó, bunófar Tascfhórsa don Mhargadh Mairteola chun ceannaireacht a chur ar fáil chun cosán inbhuanaithe a fhorbairt do thodhchaí na hearnála mairteola i ndáil le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, timpeallachta agus shóisialta.  Duine a bheidh ceaptha ag an Aire a dhéanfaidh cathaoirleacht neamhspleách ar an Tascfhórsa, agus beidh an DAFM, gníomhaireachtaí cuí Stáit agus ainmnithe ó eagraíochtaí feirme agus ón tionscal feola air.  Déanfaidh an Tascfhórsa soláthair do struchtúr láidir forfheidhmiúcháin do na gealltanais atá sa Chomhaontú seo, chomh maith le sceidil ama agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara.  Ina theannta sin, cuirfear ardán cuí le haghaidh rannpháirtíocht straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara mar miondíoltóirí, údaráis rialála etc ar fáil leis an Tascfhórsa don Mhargadh Mairteola. 

 

Déanfaidh an Tascfhórsa athbhreithniú ar bhearta a chuideoidh le feirmeoirí imeacht ó ainmhithe ar ghrád níos ísle i dtreo ainmhithe i gcatagóirí ardsonraíochta trí nuálaíocht agus teicneolaíocht nua. 

 

Cur chun cinn

  • Neartóidh Bord Bia ar ghníomhaíocht cur chun cinn i leith mhairteoil na hÉireann ar fud príomh-mhargaí AE agus sa tSín.
  • Tá an DAFM agus Bord Bia i mbun rannpháirtíochta le Coimisiún an AE maidir le  Tásc Geografach faoi Chosaint do mhairteoil na hÉireann a fhorbairt.

 

Trédhearcacht

  • Sula ndéanfar Rialachán nua ón AE a chur i bhfeidhm maidir le tuairisciú praghsanna ar fud an AE, cuirfidh an DAFM breis tuairiscithe mionsonraithe ar fáil ar an Aip Beef PriceWatch.Tabharfar cuireadh do shaineolaithe AE chun an Tascfhórsa a chur ar an eolas ar an modheolaíocht níos leithne atá ag réadlann mhargadh feola an AE.
  • Iarrfar ar phríomhchustaiméirí tomhaltóra an Tascfhórsa a chur ar an eolas maidir le riachtanais sa mhargadh.
  • Scrúdóidh an Tascfhórsa samhlacha trédhearcachta i ndlínse eile. 
  • Seolfar próiseas comhairliúcháin maidir leis An Treoir maidir le Cleachtais Trádála ‏Éagóracha (UTP) a thrasuí  lena n-áirítear an riachtanas atá le rialaitheoir neamhspleách a bhreithniú.  
  • Tuairisceoidh DAFM a cuid torthaí cigireachta maidir le rangú conablach ar bhonn rialta. Foilseofar tuarascáil ó shaineolaithe ar rangú meicniúil conablach go luath. Tá córas achomharc do mhonarchana ina ndéantar grádáil de lámh le tabhairt isteach.
  • Déanfaidh Teagasc athbhreithniú ar an gcóras meá te/fuar.
  • Cinnteoidh FSAI agus DAFM go beidh forfheidhmiú dian ann i ndáil le dlíthe lipéadaithe an AE.

 

Áit an fheirmeora sa slabhra soláthair a neartú

Tá DAFM i mbun rannpháirtíocht ghníomhach le roinnt eagraíochtaí a bhfuil sé i gceist acu Eagraíochtaí Táirgthe Mairteola a bhunú amach anseo b'fhéidir agus ag cuidiú leo sa phróiseas iarratais. Cheadaigh an DAFM an chéad PO mairteola an tseachtain seo.

 

Is margadh ríthábhachtach é an réimse onnmhairithe beo chun cúrsaí iomaíochta a fheabhsú san earnáil. Tá DAFM tiomanta d'fhócas straitéiseach leanúnach chun an trádáil seo a éascú agus a fhorbairt ar bhonn inmharthana, agus aird á tabhairt ar chaighdeáin géara leasa agus sláinte ainmhithe.

 

Gealltanais éagsúla ón tionscal

  • Dheimhnigh tionscal na feola go mbeidh feidhm leis an mbunphraghas ag leibhéal na monarchana aonair i gcás bullán agus bodóg beag beann ar aois nó pór.
  • Ní dhéanfar aon athrú ar theorainn meáchain gan ar a laghad fógra 4 mhí a thabhairt don fheirmeoir.
  • Beidh sé de cheart ag feirmeoirí teacht a bheith acu ar íomhánna den chonablach.
  • Cuirfear seirbhísí meá sáinseáin ar fáil, arna iarraidh, a bhféadfadh muirear ainmniúil a bheith i gceist leis.
  • Deimhniú scríofa maidir téarmaí díolacháin nuair a iarrtar sin.
  • Is féidir le feirmeoirí socrú gan a bheith páirteach i scéim árachais d'ainmhithe a thugtar chuig monarchana.

 

Réiteach ar an Díospóid

Tá gach páirtí ag dul i mbun an chomhaontuithe seo le dea-intinn. An rún atá ann gach saincheist atá gan réiteach idir feirmeoirí agus próiseálaithe a réiteach. Aontaímid mar seo a leanas:

 

  • Go gcuirfear deireadh le himshuí agus agóidí láithreach agus cinnteoidh gach páirtí sa chomhaontú seo go ndéanfar amhlaidh.
  • Geallfaidh próiseálaithe mairteola ina dhiaidh sin go dtarraingeofar siar aon nósanna imeachtaí dlí i gcoinne eagraíochtaí feirmeoireachta agus/nó feirmeoirí aonair maidir leis an ábhar seo.
  • Aontaíonn gach páirtí go dtabharfar aon díospóidí a thitfeadh amach amach anseo a chur faoi bhráid Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola ar dtús d'fhonn an Comhaontú seo a choinneáil slán.
  • Má mhainníonn aon pháirtí cloí leis na forálacha seo, rachaidh an Comhaontú i léig.
  • Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a luaithe a bheidh deireadh le agóidí agus le himshuí.

 

Is iad na páirtithe atá sa chomhaontú seo, arna éascú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an 15 Meán Fómhair 2019: 

 

  • Tionscal Feola Éireann                                           
  • Cumann Feirmeoirí Eallaigh agus Caorach na hÉireann
  • Macra na Feirme                                                     
  • Eagraíocht Feirmeoirí Neamhspleácha na hÉireann
  • Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann            
  • Beef Plan Movement
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann                                        
  • Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann

 

CRÍOCH

Date Released: 15 September 2019