There were 1,601 press releases posted in the last 24 hours and 401,660 in the last 365 days.

Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil an Chéad Eagraíocht Táirgeoirí Mairteola a bhfuil aitheantas faighte aici ón DAFM bunaithe

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D go bhfuil aitheantas faighte ag an gcéad Eagraíocht Táirgeoirí faoi reachtaíocht náisiúnta ina ndéantar foráil chun eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta a bhunú in earnáil na mairteola.

 

Is féidir le hEagraíocht Táirgeoirí aitheanta, faoi réir choinníollacha áirithe, dul i mbun idirbheartaíochta thar ceann a cuid ball, maidir le cuid de tháirgeadh comhiomlán a cuid ball nó maidir leis an táirgeadh comhiomlán ar fad, chomh maith le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí eile atá dírithe ar chur le héifeachtúlacht, mar shampla, soláthar comhpháirteach ar ionchur, faoi Airteagal 170 de Rialachán 1308/2013 ón gComhairle:

https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/farmingsectors/beef/beefproducerorganisations/RelevantArticlesRegulation270917.docx

 

Fuair Táirgeoirí Mairteola Ghlasáin, atá ag trádáil mar “Irish Beef Producers” fógra foirmiúil inniu gur glacadh lena n-iarratas le haitheantas a bhaint amach ar chlár na nEagraíochtaí Táirgeoirí Mairteola.

 

Dúirt an tAire “Táim an-sásta a fhógairt go bhfuil aitheantas faighte ag eagraíocht táirgeoirí mairteola in Éirinn den chéad uair, toisc go gcreidim go mór go bhfuil an-tábhacht ag baint le heagraíochtaí táirgeoirí chun teacht aniar a fhorbairt san earnáil trí staid an táirgeora tosaigh a láidriú sa slabhra soláthair.

 

Tá maoiniú á chur ar fáil faoin gClár Forbartha Tuaithe reatha chun tacú le hEagraíochtaí Táirgeoirí Mairteola a bhunú.  Tá an maoiniú seo ann chun cuidiú le heagraíochtaí éascaitheoirí atá ceadaithe ag an Roinn a fhostú le linn an phróisis iarratais le haitheantas mar eagraíocht táirgeoirí a bhaint amach.  Tá maoiniú suas le €3,000 ar fáil do gach grúpa.

 

Is féidir tuilleadh eolais maidir le hEagraíochtaí Táirgeoirí Mairteola a bhunú a fháil ar láithreán gréasáin an DAFM:

https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beefproducerorganisations/

 

Chomh maith leis sin, beidh eolas agus comhairle ar fáil maidir le hEagraíocht Táirgeoirí Mairteola a bhunú ag seastán an DAFM ag an gComórtas Treabhdóireachta an tseachtain seo chugainn.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 11 September 2019