There were 1,859 press releases posted in the last 24 hours and 400,039 in the last 365 days.

Cathaoirleacht déanta ag Creed ar Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise, ina gclúdaítear ábhar ar nós an Breatimeacht, an Earnáil Bia Mara, Nuálaíocht agus an Straitéis Agraibhia go dtí 2030

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD cathaoirleacht inné ar an 23ú cruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise (HLIC) inar pléadh ullmhacht don Bhreatimeacht, na himpleachtaí a bhaineann le Breatimeacht gan Mhargadh don earnáil bia mara, torthaí fhoireann Nuálaíochta Food Wise agus an Straitéis Agraibhia go dtí 2030.

Maidir le hullmhacht don Bhreatimeacht, leag an tAire Creed béim ar sheimineáir de chuid a Roinne atá ar na bacáin maidir le  “Céimeanna praiticiúla chun trádáil agraibhia a choinneáil ag imeacht”  (www.agriculture.gov.ie/brexit/events/), a bheidh ar siúl níos deireanaí an mhí seo. Beidh spéis ag gnónna agraibhia de gach méid sna seimineáir seo, mar aon le cuideachtaí lóistíochta, tarlóirí, miondíoltóirí, allmhaireoirí/onnmhaireoirí, cuideachtaí iompair agus comhlachtaí ionadaíocha.

Labhair ionadaithe ón earnáil bia mara ag an gCoiste maidir leis na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le Breatimeacht gan Mhargadh ar fud na n-earnálacha príomhúla agus próiseála. D'aithin an tAire Creed na deacrachtaí faoi leith atá roimh an earnáil bia mara agus leag sé amach a rannpháirtíocht leanúnach maidir leis na saincheisteanna sin go náisiúnta agus le comhghleacaithe an AE.

Mar thoradh ar mholadh a rinneadh i Food Wise, cuireadh “Foireann Nuálaíochta” ar bun chun nuálaíocht san earnáil agraibhia a bhreithniú. Chuir an Fhoireann Nuálaíochta (Mella Frewen, Frank Roche and Paul Finnerty, arna dtacú ag rúnaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus DAFM) a gcuid torthaí faoi bhráid an HLIC, inar leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann leis an nuálaíocht chun forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe a spreagadh san earnáil agraibhia.

Is é Food Wise 2025 an straitéis reatha deich mbliana don earnáil agraibhia, agus tá tús curtha leis an ullmhúchán anois maidir leis an straitéis nua go dtí 2030.  Dúirt an tAire Creed “Cé go bhfuil dúshláin roimh an earnáil, go háirithe mar gheall ar neamhchinnteacht maidir leis an mBreatimeacht, tá sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas agus ar an tábhacht a bhaineann leis an earnáil don todhchaí, ní hamháin d'fheirmeoirí ach don gheilleagar i gcoitinne, agus do phobail faoin tuath agus le cósta ach go háirithe”.

Beidh an comhairliúchán poiblí maidir leis an Straitéis nua Agraibhia ar siúl go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019. Reáchtálfaidh DAFM comhdháil i ndáil le “Díospóireacht Oscailte Beartais” maidir leis an Straitéis nua an 16 Deireadh Fómhair 2019 i Staid Aviva (sonraí le teacht).

Nótaí d'eagarthóirí

Straitéis Agraibhia go dtí 2030

Tá an comhairliúchán seo ar cheann de shraith comhairliúchán atá mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt. Is féidir gach eolas a fháil ag an nasc seo a leanas https://www.agriculture.gov.ie/customerservice/publicconsultations/

Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019.

 

CRÍOCH

Date Released: 06 September 2019