There were 1,789 press releases posted in the last 24 hours and 400,247 in the last 365 days.

Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta d’iarratais ar chiste €100 milliún BEAM agus ar na Clinicí le hiarratais a dhéanamh ar líne

Tá síneadh curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu leis an spriocdháta don Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) agus leag sé amach pleananna maidir le tuilleadh tacaíochtaí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas ar BEAM a dhéanamh ar líne.

Osclaíodh an próiseas iarratais ar líne an 19 Lúnasa agus bhí sé sceidealaithe le dúnadh Dé Domhnaigh an 8 Meán Fómhair ach tá síneadh curtha leis sin go dtí meán oíche Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair.  Dúirt an tAire Creed “Táim an-sásta go bhfuil iarratas déanta ar líne cheana féin ag líon mór feirmeoirí don tacaíocht bharrthábhachtach seo.  Tá iarratas curtha ar aghaidh cheana féin ag thart ar 20,000 feirmeoir ach tá thart ar 70,000 feirmeoir ann a d'fhéadfadh a bheith incháilithe ar íocaíocht agus tá síneadh curtha agam leis an spriocdháta chun iarratais ón oiread feirmeoirí is féidir a éascú. Chomh maith leis sin ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh an Roinn in ann íocaíochtaí a dhéanamh le hiarratasóirí faoin dáta is luaithe is féidir agus dá bharr sin, mholfainn d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh faoin spriocdháta nua. ”

Chomh maith le síneadh a chur leis an spriocdháta, rinne an tAire fógra maidir le roinnt clinicí ar líne a chuirfidh a Roinnse ar fáil roimh an spriocdháta. Dúirt an tAire freisin “Le blianta beaga anuas, tá clinicí ar líne curtha i bhfeidhm ag mo Roinn ar fud na tíre inar féidir le feirmeoirí bualadh le duine de na baill foirne chun a n-iarratas a dhéanamh díreach ansin.  Bhí an-tóir ar na clinicí seo i measc feirmeoirí don BPS, agus táim sásta a fhógairt go mbeidh an tseirbhís chéanna á cur ar fáil arís i mbliana do BEAM.”

Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:

  • 076 1064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú le www.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl., nó
  • 076 1064420 maidir le fiosruithe chun an t-iarratas BEAM féin a líonadh nuair a bheifear cláraithe le www.agfood.ie nó chun ceist a chur maidir leis na clinicí duine le duine.

Dúirt an tAire ar deireadh  “Tuigim go maith go bhfuil feirmeoirí, agus feirmeoirí mairteola go háirithe, ag dul i ngleic le cúinsí faoi láthair atá an-dúshlánach. Faoin scéim seo cuirfear breis tacaíochta ioncaim ar fáil agus molaim d'aon duine atá incháilithe iarratas a dhéanamh.”

Chomh maith leis sin beidh foireann ar fáil in Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí chuile lá i rith na seachtaine as seo go dtí an spriocdháta do BEAM.

 

Meán Fómhair 2019 – Dátaí agus Ionaid do Chlinicí

 

Dáta

Am

Ionad

Déardaoin

An 5 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán Jackson,  Bealach Féich

Contae Dhún na nGall

Déardaoin

An 5 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán Brehon, Bóthar Mhucrois, Cill Airne,

Contae Chiarraí

Dé hAoine

An 6 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán TF Royal, Caisleán an Bharraigh

Contae Mhaigh Eo

Dé hAoine

An 6 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán an Chaisleáin, An Príomhshráid, An Sléibhín Thoir, Maigh Chromtha,

Contae Chorcaí

Dé Luain

An 9 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán Four Seasons, Cúil Seanach, Muineachán

Contae Mhuineacháin

Dé Luain

An 9 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán Twin Trees, Bóthar Chnoc na Ladhar, Cnoc na Ladhar, Béal an Átha,

Contae Mhaigh Eo

Dé Máirt

An 10 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Droim Seanbhó

Contae Liatroma

Dé Máirt

An 10 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán ArdRí, Bhaile an Mhuilinn, Tuaim,

Contae na Gaillimhe

Dé Céadaoin

An 11 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Sráid Fhearnáin.

Contae an Chabháin

Dé Céadaoin

An 11 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 2pm

Óstán Contae Treacys West, Bóthar Luimnigh, Inis,

Contae an Chláir

Dé Céadaoin

An 11 Meán Fómhair 2019

4am go dtí 8pm

Óstán Kilmurry Lodge

Contae Luimnigh

Déardaoin

An 12 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 2pm

Óstán Hannon’s, Bóthar Bhaile Átha Luain, na hAcraí, Ros Comáin,

Contae Ros Comáin

Déardaoin

An 12 Meán Fómhair 2019

4am go dtí 8pm

Óstán Mullingar Park, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Muileann gCearr,

Contae na hIarmhí

Déardaoin

An 12 Meán Fómhair 2019

10am go dtí 4pm

Óstán Firgrove, Baile Mhistéala,

Contae Chorcaí

Dé hAoine

An 13 Meán Fómhair 2019

12am go dtí 4pm

Óstán County Arms, Biorra.

Contae Uíbh Fhailí

Dé hAoine

An 13 Meán Fómhair 2019

12am go dtí 4pm

Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Caisleán Bhaile Sheáin

Contae Loch Garman

 

CRÍOCH

Date Released: 04 September 2019