There were 1,768 press releases posted in the last 24 hours and 399,700 in the last 365 days.

Sonraí maidir le Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola €100 milliún fógartha ag Creed.

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu (Dé Luain) sonraí maidir leis an mBeart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM). Beidh an beart seo á mhaoiniú ag meascán de chúnamh eisceachtúil ón AE agus le tacaíocht ón Státchiste, atá á chur ar fáil i bhfianaise na gcúinsí deacra ina bhfuil feirmeoirí na hÉireann mar thoradh ar an luaineacht agus an neamhchinnteacht margaidh atá ann mar gheall ar an mBreatimeacht.

Dúirt an tAire, “Tuigim go maith go raibh cúrsaí an-deacair ag feirmeoirí mairteola le roinnt míonna anuas. Bhí tréimhse fhada eisceachtúil ann ón bhfómhar seo caite ina raibh praghsanna íslithe, agus tá an neamhchinnteacht  leanúnach a bhaineann leis an toradh a bheidh ar an mBreatimeacht, i measc nithe eile, ag cur leis an gcorraíl seo sa mhargadh.

“Tríd an tacaíocht seo ón AE agus ón Státchiste a bheith ar fáil, chomh maith leis an scéim phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) a tugadh isteach níos luaithe i mbliana, cuirfear infheistíocht suas le €120m i gcúnamh ar fáil don earnáil mairteola in 2019.”

Faoi BEAM, cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí mairteola na hÉireann agus díreofar ar na feirmeoirí is mó atá buailte. Tá BEAM leagtha amach chun riachtanais arna leagan amach ag an gCoimisiún a shásamh freisin, lena n-áirítear tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí atá ag tabhairt faoi ghníomhartha trína gcuirfear lena n-acmhainneacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach.

Is scéim dheonach, éileamh bhunaithe í scéim BEAM. Beidh ar fheirmeoirí a shásóidh na bunchritéir incháilitheachta a chur de cheangal orthu féin na coinníollacha seo a leanas a bhaint amach d'fhonn a bheith incháilithe do chúnamh. Ní mór do gach rannpháirtí:

  • a bheith ina bhall de Scéim Dearbhú Cáilíochta Bord Bia nó ina bhall de scéim comhshaoil de chuid DAFM; agus
  • an méid nítrigine ó aoileach beostoc buaibheach (figiúr iomlán) a tháirgtear a laghdú 5% in aghaidh an tréada don spriocthréimhse (1 Iúil 2020 - 30 Meitheamh 2021) i gcomparáid le tréimhse thagartha  (1 Iúil 2018 – 30 Meitheamh 2019).

Sonraí

  • Íocfar an cúnamh ar eallach lánfhásta a maraíodh idir an 24 Meán Fómhair 2018 agus an 12 Bealtaine 2019, ag ráta €100 in aghaidh an ainmhí - faoi réir 100 ainmhí ar a mhéad a bheith maraithe in aghaidh an tréada.
  • Íocfar an cúnamh chomh maith ar bha diúil a raibh lao acu in 2018, ag an ráta €40 in aghaidh an ainmhí - faoi réir 40 bó dhiúil ar a mhéad in aghaidh an tréada.

 

  • Níl tréada déiríochta incháilithe don bheart, seachas tréada déiríochta ina bhfuil níos lú ná 40 bó déiríochta. Is minic a bhíonn fiontar feirmeoireachta measctha i gceist le feirmeacha déiríochta níos lú, bíonn ioncam feirme déiríochta níos lú ná an meán acu freisin, agus is fiontar mairteola a bhíonn i gceist le sciar níos mó den ioncam iomlán ar fheirmeacha. 
  • Níl ainmhithe faoi rialú eagraíochtaí maraithe ná tréada faoi rialú ceannaithe/gníomhairí incháilithe don chúnamh airgeadais seo.
  • Sa chás go mbeadh ró-éileamh ar BEAM, d'fhéadfadh rátaí íocaíochta a bheith faoi réir athbhreithnithe beaga.

Osclófar BEAM d'iarratais le linn an tríú seachtain de mhí Lúnasa 2019. Glacfar le hiarratais ar líne ar AgFood.ie.

Dúirt an tAire freisin, “Tá an scéim seo leagtha amach d'fhonn an próiseas iarratais a dhéanamh chomh sothuigthe agus chun go mbeidh fáil ag an oiread feirmeoirí agus is féidir uirthi. Tá ríméad orm a dheimhniú go mbeidh feirmeoirí in ann iarratas a dhéanamh laistigh de roinnt seachtainí, agus táthar ag súil go ndéanfar íocaíochtaí le feirmeoirí chomh luath agus is féidir.”

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le BEAM ag www.agriculture.gov.ie/schemes/beefexceptionalaidmeasure/

Lena n-áirítear an fógra faoin scéim a cuireadh ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach.

Foilseofar téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe in am trátha.

 

CRÍOCH

Date Released: 28 July 2019