There were 1,337 press releases posted in the last 24 hours and 412,841 in the last 365 days.

Doyle ag moladh nach mór a bheith aireach sna hidirbheartaíochtaí AE-Mercosur

- Tugtha ar aird go bhfuil dul chun cinn déanta sna hIdirbheartaíochtaí CAP agus Iascaigh ag Cruinniú Comhairle -

Ag cruinniú de chuid Chomhairle Airí Iascaigh & Talmhaíochta i Lucsamburg inniu, thapaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. an deis chun imní na hÉireann maidir le hidirbheartaíochtaí trádála AE-Mercosur a athdhearbhú, agus an staid is déanaí a phlé lena gcomhghleacaithe sa Pholainn agus san Ungáir, ag tráth a d'fhéadfadh a bheith ríthábhachtach sa phróiseas.

Sular thug an tAire Doyle a chuid tuairimí le linn na Comhairle, thug sé ar aird ábhar imní Aire na Polainne Jan Krzysztof Ardanowski agus Aire na hUngáire Istvan Nagy maidir le nithe atá tite amach le gairid, agus a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhféadfaí teacht ar réiteach sa ghearrthéarma. Dúirt sé: “Táthar ar an eolas go maith faoin imní atá in Éirinn faoin tionchar a bheadh ag comhaontú Mercosur ar earnáil talmhaíochta an AE, agus go háirithe ar an earnáil mairteola. Cuireadh leis na himní sin le déanaí, agus dá bharr sin, ba deis mhaith a bhí anseo cúrsaí a phlé leis na Ballstáit a bhfuil an dearcadh céanna acu, agus na tuairimí céanna atá againn a athnuachan nár cheart go ndéanfadh an tAE aon lamháltais bhreise eile sna hidirbheartaíochtaí seo."

Dúirt an tAire Doyle go bhfuil cainteanna an lae inniu ag teacht leis an bpróiseas dlúth-theagmhála atá curtha i gcrích againn le roinnt laethanta leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún Eorpach. Scríobh a chomhghleacaí, an tAire Michael Creed chuig an gCoimisinéir, gan trácht ar an teagmháil leanúnach ón gCoimisinéir Hogan, chun seasamh na hÉireann a chur in iúl arís agus beidh tuilleadh plé aige lena chomhghleacaí sa bhFrainc le linn Chomhdháil Airí an Aontais Eorpaigh-Aontas na hAfraice sa Róimh. Chomhshínigh an Rialtas litir inniu chuig Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker in éineacht leis an bhFrainc, an Pholainn agus an Bheilg ar an ábhar. Scríobh an tAire Heather Humphreys go foirmeálta freisin chuig an gCoimisinéir Trádála Cecilia Malmstreom.

Mar fhocal scoir ar Mercosur, dúirt an tAire Doyle: “Aithníonn agus tuigeann Éire an comhoibriú go dtí seo ó chomhghleacaithe sna Ballstáit a bhfuil an imní chéanna orthu linne. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis le chéile chun seasamh earnáil talmhaíochta an AE a chosaint agus earnáil na mairteola go háirithe. Tá mo chomhghleacaithe san Ungáir agus sa bPolainn go mór ar aon intinn le hÉirinn inniu. Leanfaidh muid ag obair go dlúth le chéile agus le Ballstáit eile sa tréimhse atá le teacht agus chun gach is féidir linn a dhéanamh lena chinntiú go bpléifear leis na hidirbheartaíochtaí seo ar bhealach a dhéanfaidh cosaint ar leasa earnáil talmhaíochta na hEorpa agus an earnáil mairteola ach go háirithe.

I ndiaidh Chomhairle an lae inniu, a bhí faoi mhaoirseacht Uachtarán na Rómáine go deiridh, chuir an tAire Doyle fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta ag an Uachtaránach maidir le tograí an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le CAP i ndiaidh 2020 chomh maith leo sin maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh cé gur thug sé ar aird an gá atá ann obair theicniúil bhreise a dhéanamh ar na comhaid CAP sular féidir teacht ar chomhaontú leis an gComhairle.

Maidir le CAP, dúirt an tAire: Tá jab breá déanta ag Uachtaránacht na Rómáine na tograí le hathchóiriú a dhéanamh ar CAP a bhrú chun cinn le sé mhí. Tá dul chun cinn déanta agus ní hamháin go léirítear sa Tuarascáil ar Dhul Cinn inniu na réimsí a bhfuil dul chun cinn déanta ach freisin na gnéithe sin a bhfuil obair mhór fós le déanamh ina leith sular féidir leis an gComhairle teacht ar chomhaontú. Tá nithe eile i gceist freisin, lena n-áirítear idirbheartaíochtaí ar Creat Airgeadais Ilbhliantúil an AE agus an seasamh a ghlacfaidh Parlaimint nua na hEorpa. Is bunús maith ina dhaidh sin féin an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn d’fhonn leanúint leis an obair agus guím gach rath ina leith sin ar Uachtaránacht na Fionlainne, faoi threoir an Aire Jari Lepp¿, sna míonna atá romhainn.

Maidir le cúrsaí iascaigh, chuir an tAire Doyle fáilte roimh an dul chun cinn ar an gCiste nua Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mbeidh an toradh deiridh faoi réir idirbheartaíochtaí le Parlaimint na hEorpa sa bhfómhar. Dúirt an tAire Doyle “táim sásta go dtacóidh an téacs atá aontaithe le forbairt leanúnach inmharthana earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe na hÉireann a bhfuil pobail le cósta ag brath go hiomlán ar an iascach mar shlí bheatha.

Bhí réamhphlé freisin ann faoi dheiseanna iascaigh don bhliain 2020.  Dúirt an tAire Doyle “beidh roinnt dúshlán ag baint le 2020 ní áirím an cuspóir uasta inmharthana a bhaint amach agus feidhmiú leanúnach na hoibleagáide gach gabháil a thabhairt i dtír. Beidh páirt iomlán ag Éire, i gcomhchomhairle le lucht tionscail agus páirtithe leasmhara eile, sa phlé a bheidh ann chun teacht ar dheiseanna iascaigh inmharthana agus cothrom do fhlíteanna na hÉireann.

Minister Doyle at Agrifish council June 2019 with Hungarian Minister

Minister Doyle at Agrifish council June 2019 with Polish Minister

CRÍOCH

Date Released: 18 June 2019