There were 1,826 press releases posted in the last 24 hours and 403,548 in the last 365 days.

Aerfoirt Chorcaí agus na Sionainne ainmnithe ag an Aire mar phointí iontrála ceadaithe le peataí a thabhairt isteach sa tír

Tá sé fógartha ag an Aire Creed inniu go bhfuil aerfoirt Chorcaí agus na Sionainne ainmnithe mar phointí iontrála ceadaithe le peataí madraí, cait agus firéid a thabhairt isteach go hÉirinn ó thíortha nach tíortha AE/EEA iad.  

Tá aerfoirt na Sionainne anois curtha ar an liosta de Phointí Iontrála in Éirinn do Thaistealaithe in éineacht le Aerfort Bhaile Átha Cliath, Europort Ros Láir agus Calafort Chorcaí - Rinn an Scidígh - inar féidir peataí madraí, cait agus firéid a thabhairt isteach go hÉirinn ó thíortha nach tíortha AE/EEA iad.

Dúirt an tAire Creed: “Léiriú an gníomh seo gur mian le níos mó agus níos mó cuairteoirí go hÉirinn a gcuid peataí a thabhairt leo - madraí den chuid is mó - agus gur mian leo teacht isteach i gCorcaigh nó sa tSionainn.  Anois go bhfuil na hAerfoirt seo ainmnithe mar phointí iontrála chun peataí - madraí, cait agus firéid - a thabhairt isteach ó thíortha nach tíortha AE iad beidh níos mó saoirse ag na cuairteoirí seo chun a n-áit iontrála go hÉirinn a roghnú.

Sin ráite tá Éire saor ó chonfadh ó 1903.  Beidh mo Roinn airdeallach lena chinntiú nach dtabharfar confadh isteach go hÉirinn ar mhadraí, cait nó firéid a thiocfadh isteach.  Tá an baol maidir le confadh íseal in Éirinn, ach mar gheall go bhfuil níos mó ainmhithe á dtabhairt isteach chun na hEorpa agus níos mó gluaiseachta ar fud na hEorpa, ní mór dúinn a bheith ar an airdeall i gcónaí.  Tá eolas maidir leis na riachtanais a bhaineann le peataí a thabhairt isteach go hÉirinn le fáil faoi rannóg Ag Taisteal le Peataí ar láithreán gréasáin mo Roinne.

Nótaí d'eagarthóirí

Faoi Rialacháin AE a bhaineann le Peataí agus Taisteal (Rialachán 576 de 2013), ní mór do Bhallstáit “Pointí Iontrála Taistealaithe” a ainmniú  - calafoirt ar féidir peataí madraí, cait, agus firéid ó thíortha nach tíortha AE/EEA iad a thabhairt isteach i dtír de chuid an AE.  Tá madraí, cait agus firéid grúpáilte le chéile faoi reachtaíocht an AE ó tharla na speiceas sin siocrach do chonfadh. Tá Éire saor ó chonfadh ó 1903.  Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na rialacha a bhaineann le peataí agus taisteal téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/pets/, nó seol ríomhphost chuig livetrade@agriculture.gov.ie.

 

 Minister designates Cork and Shannon Airports as approved entry points for pets

CRÍOCH

Date Released: 07 June 2019