There were 1,849 press releases posted in the last 24 hours and 399,161 in the last 365 days.

Tionscnamh `Coinnigh Coirceog¿ seolta ar Lá Domhanda na mBeach

Mar chuid den cheiliúradh ar Lá Domhanda na mBeach inniu an 20 Bealtaine 2019, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, Andrew Doyle, T.D. An tionscnamh “Coinnigh Coirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”. Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. Tá Cumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.

Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil beacha meala freisin anois ag Teach na Talmhaíochta agus coirceoga curtha ag Ceanncheathrú Theach na Talmhaíochta i lár na cathrach ar Shráid Chill Dara. Bhí coirceoga curtha roimhe sin ar Campas Bhacastúin. 

Thug an tAire Doyle le fios “Tacaíonn mo Roinn go láidir le tionscnaimh atá fabhrach do phailneoirí agus leanaimid d’infheistíocht mhór a dhéanamh sa Phlean um Pailneoirí Uile-Éireann. Teastaíonn spás ó bheachairí i réimsí foráiste atá táirgiúil agus cá háit is fearr ná coirceog a chur i gcoillearnach dhúchasach. Níl aon amhras orm ach go mbeidh úinéirí foraoise in Éirinn ar bís deis a fháil beach mheala na hÉireann a thabhairt slán. Tacóidh sé seo freisin leis an iarracht náisiúnta beacha a chosaint agus a chaomhnú faoin bPlean Uile-Éireann do Phailneoirí.

Ní dhéantar dianbhainistiú ar choillearnach dhúchasach atá ag teacht faoi Chlár Náisiúnta Foraoiseachta na Roinne agus dá bhrí sin is áit fhíor-fheiliúnach é chun coirceoga a chur. Tá an Roinn ag scríobh chuig úinéirí coillearnaí a chuir coillearnach ar bun nó a rinne athnuachan ar choillearnach faoi Scéim na Coillearnaí Dúchasaí chun cuireadh a thabhairt dóibh teagmháil a dhéanamh leis cumann na mbeachairí más suim leo coirceog nó roinnt coirceog a chur sa choillearnach.

Níl aon obair ná costas i gceist don úinéir talún faoin scéim mar go bhfuil a gcuid árachais féin ag beachairí agus go gcuireann siad féin na coirceoga ar fáil agus go ndéanann siad cúram dóibh. Bíonn tairbhe le baint ag an úinéir talún as trí mhéadú ar phailniú sa choillearnach, agus an cumas cuidiú le fiontair déanta meala na háite cosúil le tionscnamh turasóireachta agraibhia ‘Nectar Way’ Chill Mhantáin. 

 

Tá na tionscnaimh seo ar na tionscnaimh is déanaí i sraith tacaíochtaí ón DAFM chun cuidiú agus tacú le beacha agus beachairí. Faoi scéimeanna de chuid DAFM atá faoi stiúir áitiúil, táimid anois chun €1.2m a infheistiú i dtionscadal pailneora ceithre bliana faoi stiúir an Ionad Náisiúnta Bithéagsúlachta. Beidh sé seo ag teacht go díreach le hobair na bhfeirmeoirí chun cuidiú leo a gcuid feirmeacha a bheith níos fabhraí do phailneoirí.

Bhí tionscnaimh eile ann roimhe seo ina measc deontais bhliantúla chuig Cónaidhmeanna Náisiúnta Beachairí na hÉireann chun cuidiú leis na baill tabhairt faoi cheird na mbeachairí, chun beacha a cheannach agus chun an pobal trí chéile a chur ar an eolas faoi mbaint atá ag beacha le bithéagsúlacht na hÉireann a choinneáil agus le táirgeadh barra. Feidhmíonn an DAFM an Clár Náisiúnta Beachadóireachta lena n-áirítear seirbhís saor in aisce do bheachairí na hÉireann ina ndéantar diagnóisic ar ghalair agus faoina maoinítear tionscadail shonracha taighde ar bheacha.

Ar deireadh dúirt an tAire “táimid ar fad ábalta ár gcuid a dhéanamh chun go mbeidh beacha in ann maireachtáil agus rath a bheith orthu in Éirinn agus tá mo Roinnse tiomanta go hiomlán cuidiú leis an obair sin ar bhealach ar bith is féidir agus is bealach iontach eile é ‘Coinnigh Coirceog’ chun sin a dhéanamh.

Nótaí don Eagarthóir:

Is féidir le duine ar bith ar suim leo coirceog a choinneáil teagmháil a dhéanamh le FIBKA www.irishbeekeeping.ie nó an IBA clg ag www.irishbeekeppersassociation.com

Tuilleadh eolais fáil: Anne Marie O’Connor, Cur Chun Cinn agus Oiliúint, An Rannán Foraoiseachta. 053 9170382

Tá tuilleadh eolais ar an tacaíocht a thugann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do bheachairí na hÉireann agus pailneoirí le fáil ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beekeepinghoney/

Tá an dara eagrán de Líonra Pailneoirí DAFM ina dtugtar léargas ar an réimse leathan gníomhaíochtaí atá ar bun ag an Roinn chun tacú le beacha agus pailneoirí le fáil ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beekeepinghoney/pollinators/

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim GLAS ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/glas/

Cuidíonn Líonra Pailneoirí DAFM faoi stiúir fhoireann na roinne le DAFM a cheangal le Ranna agus gníomhaireachtaí eile, le taighdeoirí, páirtithe leasmhara, an pobal feirmeoireachta agus an pobal trí chéile.  Is iad cuspóirí an líonra:

  • eolas a chur ar fáil maidir cinntí beartais, lena chinntiú go bhfuil cinntí á ndéanamh bunaithe ar fhianaise;
  • treoir agus tacaíocht a chur ar fáil agus dul ag obair i gcomhar le taighdeoirí agus institiúidí chun taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta a dhíriú mar is ceart;
  • ionchur maidir le straitéisí, scéimeanna talmhaíochta agus pailneoirí a dhearadh, a fhorbairt, feasacht a ardú ina leith agus cumarsáid,
  • ardán a chur ar fáil chun eolas agus saineolas a roinnt go hinmheánach agus go seachtrach; an leas is fearr a bhaint as saineolas, am agus acmhainní a roinnt,
  • cumarsáid, rannpháirtíocht agus gníomhaíochtaí for-rochtana a éascú i measc an phobail agus an phobail timpeallachta, caidrimh a chothú agus a neartú agus ár gcuid eolais agus ár gcuid oibre i gcomhar.

Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an bPlean um Pailneoirí Uile-Éireann a fháil ag: http://pollinators.ie

Thug Michael agus Anne Wilde ó Tara Holl Honey i dTuaisceart Loch Garman coirceog beacha meala na hÉireann dá gcuid féin, a roghnaíodh go speisialta óna mBeachlann i dTorchoill, don DAFM le cur ar dhíon Theach na Talmhaíochta.   Feileann aeráid na hÉireann na beacha sin atá an-socair agus frithsheasmhach in aghaidh galar agus atá ina dtáirgeoirí móra meala. Bailíonn siad fómhar mór meala agus ní bhíonn sé de nós acu bheith ag imeacht ar saithnín. Síolraítear go cúramach na beacha sin ina mbeachlann chúplála ar chósta Thuaisceart Loch Garman.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Rialtas do líon tionscadal chun taighde a dhéanamh ar Bheacha a thagann faoin Scéim Cúnaimh Deontais um Acmhainní Géiniteacha  (GRGAS). Faoin scéim seo, déantar gairm bhliantúil ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le caomhnú agus úsáid inbhunaithe acmhainní géiniteacha maidir le bia agus talmhaíocht. Áirítear staidéar ar Apismelliferamellifera, beach mheala dhúchasach na hÉireann, agus bumbóga sna tionscadail atá maoinithe.

 Host a Hive Initiative launched on World Bee Day           

CRÍOCH

Date Released: 21 May 2019