There were 1,794 press releases posted in the last 24 hours and 399,687 in the last 365 days.

Feabhas ar Choinníollacha Trádála Mairteola leis an tSeapáin Fógartha ag Creed - Deireadh leis an Srian Faoi 30 Mí

Maidir le hidirbheartaíochtaí a bhí ar siúl le húdaráis na Seapáine sa Roinn Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Iascach (MAFF) agus sa Roinn Sláinte, Oibre agus Leasa (MHLW), dúirt an tAire Creed níos túisce inniu:

 

 “Táim an-sásta a fhógairt gur éirigh linn na téarmaí a bhaineann leis an deimhniú sláinte onnmhairíochta i leith mairteola a athrú agus go bhfuil deireadh leis an srian aoise faoi bhun 30 mí a bhí ann go dtí seo agus go mbeidh feoil ó eallach mairteola de gach aois incháilithe anois lena honnmhairiú as seo amach.” 

 

Mar thoradh ar iniúchadh, ar éirigh leis, a chuir foireann cigirí ón Roinn Sláinte, Oibre agus Leasa i gcrích in Éirinn i Márta 2019 atá seo tarlaithe. Idir an 10 agus an 12 Meitheamh, faoi cheann thart ar thrí seachtaine, beidh an tAire Creed ag dul i mbun toscaireachta ar an gcéad Mhisean Trádála agraibhia eile chun na Seapáine.

 

Maidir leis an dul chun cinn dearfach seo, dúirt an tAire: “Tá sé tráthúil go leor ó tharla go mbeidh mé ag tabhairt faoi Mhisean Trádála chun na Seapáine go luath agus go bhfuil dea-scéala sa tSín freisin maidir le monarcha mairteola in Éirinn a bheith ceadaithe chun feoil a onnmhairiú ansin. Is léiriú é seo ar an gcomhoibriú láidir a dhéanann Foireann na hÉireann agus ar an gcaidreamh fíorthairbheach atá againn lenár gcomhghleacaithe sa tSeapáin maidir le rochtain ar an margadh a chur chun cinn. Tiocfaidh méadú ar Fhoireann na hÉireann níos déanaí i mbliana trí ataisé talmhaíochta a cheapadh in Ambasáid na hÉireann i dTóiceo chomh maith le Speisialtóir Margaidh de chuid Bord Bia a lonnú sa tSeapáin.” 

 

D'onnmhairigh Éire luach €3.6 milliún nó 840 tonna de mhairteoil chun na Seapáine in 2018 de réir staitisticí trádála CSO. Is teangacha buaibheacha – ar sócamas iad sa tSeapáin –a bhí i bhformhór de seo, mar aon le scairteach mairteola eile.  Onnmhairíodh thart ar 22 tonna ó dheireadh mhí Márta 2019 ar aghaidh.

 

Ar deireadh, dúirt an tAire Creed “Rochtain a fháil ar an margadh caoireola anois an tosaíocht a bheidh ann roimh an Misean Trádála ansin agus lena linn. Táim ag súil le casadh le mo chomhghleacaí agus leis an Aire Sláinte, Oibre agus Leasa le linn mo Mhisin Trádála.”

 

Táthar ag súil go n-eiseofar Fógra do Lucht Trádála go luath maidir leis an athrú seo agus déanfar tairseach gréasáin rochtana margaidh an DAFM a nuashonrú chomh maith http://www.marketaccess.agriculture.gov.ie/

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Ar an iomlán, b'fhiú thart ar €115 milliún onnmhairí agraibhia na hÉireann chun na Seapáine in 2018. Ba táirgí muiceola agus táirgí déiríochta na catagóirí ba mhó (muiceoil: €41.3 milliún nó 14,805 tonna agus déiríocht: €40.7 milliún nó 12,169 tonna) (Staitisticí Trádála CSO).

 

Date Released: 17 May 2019