There were 1,447 press releases posted in the last 24 hours and 401,434 in the last 365 days.

Taispeántas de scéimeanna agra-chomhshaoil a bhfuiltear ina mbun go háitiúil oscailte ag an Aire Stáit Andrew Doyle i Loch Garman

Tá taispeántas oscailte ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D  inniu in oifig na Roinne in Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach i Loch Garman chun na 23 scéim EIP agra-chomhshaoil faoi threoir áitiúil atá á maoiniú ag an Roinn a chur os comhair an phobail.  Rachaidh an taispeántas, a taispeánadh ar dtús i dTeach na Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath, chuig ionaid DAFM ar fud na hÉireann ina dhiaidh sin.  Tá €59 milliún ar fad infheistithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sna scéimeanna seo thar shaolré an RDP.

‌Dúirt an tAire “Is infheistíocht i ndíograis na ndaoine san earnáil talmhaíochta chun feabhas a chur ar an gcomhshaol atá sa réimse leathan tionscadal atá maoinithe ag mo Roinnse faoin tionscnamh EIP seo. Gné thábhachtach den tionscnamh EIP ar an iomlán is ea an áit atá ag an tionscnamh sa phobal áitiúil. Trí scéimeanna a bheith ann atá á stiúradh agus á leagan amach ar bhonn áitiúil, cuirtear solúbthacht níos mó ar fáil chun dul i ngleic leis na dúshláin faoi leith a bhaineann le ceantair éagsúla.”

Chomh maith leis sin bhí béim ar leith ag imeacht an lae inniu ar na scéimeanna faoi threoir áitiúil i réigiún an Oirdheiscirt. Bhí ionadaithe ó EIP Thodhchaí Feirmeoireachta na Staighrí Dubha, a bhfuil mar aidhm leis seirbhísí nuálacha éiceachórais a chur ar fáil sna Staighrí Dubha i gContae Cheatharlach agus i gContae Loch Garman, i láthair.   Thug an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta míniú ar na bearta a chuirfear i bhfeidhm chun pailneoirí talún feirme a chosaint.  Is éard is aidhm le tionscadal SUAS i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin ná dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le coimíneachtaí agus feirmeacha a bhainistiú i gceantair sléibhe, agus tá sé mar aidhm le Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann stádas na Brataí Goirme a fháil ar ais agus a choinneáil san fhadtréimhse ag trá Dhún Canann i gContae Loch Garman.

Dúirt an tAire “tá na tionscadail tráthúil ós rud é go mbeidh Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta ar siúl an tseachtain seo chugainn. Tá na 23 tionscadal atá á maoiniú againn ar chuid de na tionscadail is nuálaí atá ann trína gcuirfear feabhas mór ar bhithéagsúlacht ar fud na tíre”.

Leagtar béim sa taispeántas ar an obair éagsúil a ndeachaigh grúpaí Tionscadail EIP ina bun lena n-áirítear bithéagsúlacht, táirgeadh orgánach, pailneoirí, cáilíocht uisce, bainistiú tuilte, ithreacha, feirmeoireacht i dtírdhreach seandálaíochta agus díriú ar bhithmhais talmhaíochta nach bhfuil in úsáid.

Cuirfear an taispeántas chuig oifigí poiblí eile de chuid DAFM ar fud na tíre i ndiaidh é a chur ar taispeáint i Loch Garman.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is beart nua comhoibre faoi Airteagal 35(1) den rialachán é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP). Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibriúcháin a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm trí bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil.   

Roghnaíodh 21 tionscadal i ndiaidh dhá ghlao oscailte a dhéanamh. Ina theannta sin, tá dhá mhórthionscadal faoin tionscnamh EIP i gceist a bhaineann le speicis atá i mbaol -  scéim Chromán na gCearc agus clár an Diúilicín Péarla. Is iad na tionscadail a mbeifear ag díriú orthu inniu ná:

Todhchaí Feirmeoireachta na Staighrí Dubha: Buiséad €1,500,000:  Is iad na cuspóirí atá ann ná sruth ioncaim nua a fhorbairt d'fheirmeoirí coimíneachta sna Staighrí Dubha, talamh feirme HNV a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus ina ndírítear freisin ar ghnáthóg a chur in oiriúint don chearc fhraoigh, modh rialachais éifeachtach do choimíneachtaí na hÉireann a fhorbairt agus a thástáil chun tacú le comhoibriú laistigh de choimíneachtaí agus eatarthu agus eile chun dul i ngleic le dúshláin reatha agus dúshláin amach anseo.

Pailneoirí Talún Feirme a Chosaint: Buiséad €1,194,679:  Is iad na cuspóirí atá leis ná an tionchar atá ag réimse bearta do phailneoirí a thástáil agus na bearta is mó tionchair agus is éifeachtaí ó thaobh costais de a aithint agus córas scórála simplí a fhorbairt chun oiriúnacht feirmeacha do phailneoirí a mheas.

Scéim Agra-Chomhshaoil Inbhuanaithe do Thalamh Ard (SUAS): Buiséad €1,950,000:  Grúpaí coimíneachta nua a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar mheath na bithéagsúlachta i gceantair sléibhe, ar imharthanacht feirmeoirí a dhéanann bainistiú ar cheantair sléibhe, ar ábhar imní socheacnamaíochta maidir le pobail áitiúla, eolas agus muinín feirmeoirí agus geallsealbhóirí a mhéadú agus úinéireacht níos mó a ghlacadh ar na dúshláin.

Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann: Buiséad €550,000:  Is éard is cuspóir leis an scéim stádas na brataí goirme a fháil ar ais agus a choinneáil do thrá Dhún Canann trí cháilíocht baictéir an dá shruth cósta atá ag dul le sruth ar an trá a fheabhsú. Cáilíocht na n-uiscí snámha agus abhann a thabhairt ar ais agus a fheabhsú, múnla éifeachtach a fhorbairt d'fhonn bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar dhobharcheantair cosúil leis amach anseo, agus caidreamh dearfach a chothú idir feirmeoirí agus sealbhóirí tithe.

Minister of State Andrew Doyle opens Wexford Exhibition of  locally-led agri-environment schemes

CRÍOCH

Date Released: 16 May 2019