There were 1,765 press releases posted in the last 24 hours and 403,642 in the last 365 days.

An tAire Creed i mbun toscaireacht feola agus déiríochta atá ag casadh le custaiméirí trádála barrthábhachtacha i Shang-hai

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., críoch inniu leis an gcéad chuid dá mhisean trádála chun na Síne ina raibh cuideachtaí bia as Éirinn páirteach sa taispeántas nuálaíochta bia is mó san Áise, SIAL China i Shang-hai.

Dúirt an tAire Creed “Trí SIAL, cuirtear deis ar leith ar fáil do thionscal na hÉireann casadh le lucht ceannaigh, dáilte agus déantúsaíochta barrthábhachtacha ó earnáil bia na Síne agus caidreamh a dhéanamh leo. Trí sheastán Origin Green Ireland, cuirfear tiomantas thionscal bia na hÉireann do shábháilteacht, inbhuanaitheacht agus inchreidteacht bia i láthair na ndaoine a bheidh ag freastal ar an taispeántas, taispeántas a mheallfaidh breis agus 100,000 speisialtóirí trádála.”

 Tá an chomhpháirtíocht idir Éire agus an tSín san earnáil agraibhia fós ag forbairt agus is léiriú sin ar na comhpháirtíochtaí straitéiseacha láidre atá á bhforbairt idir cuideachtaí de chuid na Síne agus de chuid na hÉireann.

Ar an Luan, in éineacht le hAmbasadóir na hÉireann chun na Síne, oifigigh na Roinne agus Bord Bia, d'óstáil an tAire Creed roinnt imeachtaí líonraithe chomh maith le seimineár ‘China Focus’ do chuideachtaí na hÉireann agus dá gcustaiméirí, allmhairithe agus dáileoirí barrthábhachtacha.

Dúirt an tAire Creed  “Is margadh thar a bheith luachmhar margadh na Síne, atá ar cheann de na trí cheann scríbe is mó atá againn cheana do mhuiceoil agus táirgí déiríochta na hÉireann, agus tá cáil mhór air i ndáil le táirgí bia mara na tíre seo freisin.”

Maidir le mairteoil na hÉireann, dúirt an tAire “Bhí  mé thar a bheith sásta an díograis mhór atá i measc cheannaitheoirí agus thomhaltóirí na Síne i leith mhairteoil na hÉireann a fheiceáil, chomh maith leis na bealaí nuálacha inar féidir an táirge ardchaighdeáin seo a chur in oiriúint do chultúr bia na Síne agus do mhianta tomhaltóirí.

Léirítear i staitisticí trádála CSO gur onnmhairíodh 2,000 tonna de mhairteoil na hÉireann, dar luach €4.7 milliún, ó cuireadh tús le trádáil an samhradh seo caite suas go dtí deireadh mhí Feabhra. Tá fianaise láidir ann go bhfuil cuideachtaí na hÉireann ag fáil greim ar mhargadh na Síne faoi láthair, agus beidh siad in ann tuilleadh fáis agus forbartha a dhéanamh air sin amach anseo.”

“Chomh maith leis sin léirítear deis shuntasach d'earnáil chaoireola na hÉireann i margadh na Síne. Is príomhthosaíocht ag mo Roinnse in 2019 cainteanna a thabhairt ar aghaidh maidir leis an bpróiseas a bhaineann le rochtain a fháil ar an margadh caoireola”.

Dúirt Tara McCarthy, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia, “Tosaíocht de chuid Straitéis Feola Bhord Bia is ea margaí nua a aimsiú inar féidir an toradh is fearr a bhaint amach d'fheirmeoirí  agus táirgeoirí bia na hÉireann. Is lasmuigh den AE atá cuid mhaith de na margaí seo, custaiméirí, b’fhéidir, nach mbeadh in ann Éire a aimsiú ar an léarscáil fiú, gan trácht ar thuiscint a bheith acu ar na córais chliste sábháilteachta agus na córais táirgthe bia inbhuanaithe atá againn. D’oibríomar go crua dá bharr sin leis an gconradh a bhuachan chun bainistiú a dhéanamh ar fheachtas an AE chun mairteoil agus uaineoil a chur chun cinn sa tSín faoin mbratach “Mairteoil agus Uaineoil na hEorpa: Barr Feabhais i Sábháilteacht agus Inbhuanaitheacht Bhia”. Mar gheall ar an gconradh a bhuachan cuirtear Éire ar thús cadhnaíochta i ndáil leis an táirgeacht feola is fearr san AE agus tugtar deis do cheann de na tíortha is lú san Eoraip próifíl a fhorbairt leis an gcomhpháirtí trádála is mó de chuid an AE.

Dúirt an tAire Creed ar deireadh “trí fhreastal ag SIAL inniu cuideofar le cuideachtaí feola agus déiríochta na hÉireann a lorg sa mhargadh ollmhór seo a mhéadú.”

 

Nóta d'eagarthóirí:

Tá SIAL Shang-hai ar an tríú taispeántas nuálaíochta bia is mó ar domhan. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.sialchina.com

 

Minister Creed leads meat and dairy engagement with key trade customers in Shanghai

 

CRÍOCH

Date Released: 14 May 2019