Foirgneamh Riaracháin Cuain nua oscailte ag an Aire Creed agus cigireacht déanta ar thionscadal forbartha €23.5m trína gcuirfear méadú faoi dhó ar spás na cé i mBaile Chaisleáin Bhéarra
“Méadú 275% tagtha ar luach na n-iasc a thugtar i dtír i mBaile Chaisleáin Bhéarra idir 2010 agus 2017.”
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. foirgneamh Riaracháin Cuain go hoifigiúil i mBaile Chaisleáin Bhéarra, agus thapaigh sé an deis cuairt a thabhairt ar an mbaile chun breathnú ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar an tionscadal chun síneadh €23.5m, 216 méadar a chur leis an gcé agus obair choimhdeach ar Dhuínis, mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.
Ag oscailt an fhoirgnimh, dúirt an tAire “Cuirtear oifigí ar fáil san fhoirgneamh seo atá oiriúnach don fheidhm agus inar féidir le lucht úsáidte an chuain dul i mbun gnó leis an Máistir Cuain i spás atá gairmiúil agus nua-aimseartha. Déanfar an foirgneamh a roinnt leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara. Ar an gcaoi sin cuirfear seirbhísí ar fáil ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí agus beidh sé ina ionad ilfreastail ag lucht úsáidte an chuain dá bharr.
Is é Baile Chaisleáin Bhéarra an príomhionad uirbeach, eacnamaíoch agus sóisialta ar Leithinis Bhéarra in Iardheisceart na hÉireann. Tá an cuan ar cheann de na cuanta nádúrtha is mó ar domhan atá suite idir Duínis ó dheas (ina bhfuil an chuid is mó den bhonneagar iascaigh agus den ghníomhaíocht próiseála lonnaithe) agus Baile Chaisleáin Bhéarra ó thuaidh. Tá Lárionad Chuan Iascaigh Bhaile Chaisleán Bhéarra ar cheann de na calafoirt iascaireachta is mó in Éirinn agus tá sé ar an gcalafort iasc geal is mó in Éirinn. Bíonn tóir ag soithí de chuid na hÉireann agus ag soithí iasachta ar Bhaile Chaisleáin Bhéarra mar láthair chun éisc a thabhairt i dtír mar gheall ar a chóngaracht do mheánna saibhre iascaireachta.
Dúirt an tAire freisin “Cuirfidh an Foirgneamh Riaracháin Cuain croílár nua eile ar fáil sa bhaile atá mar chuid de chlár leanúnach comhtháite níos leithne maidir le forbairt a dhéanamh ar an gcuan. Léiríonn sé tiomantas an Rialtais don fhorbairt tuaithe agus an tús cadhnaíochta atá tugtha i leith forbairtí eile sa bhaile atá beartaithe ag Comhairle Contae Chorcaí.”
Maidir leis an síneadh €23.5m, 216m atá curtha leis an gcé ar Dhuínis atá cómhaoinithe ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, dúirt an tAire ”Thapaigh mé an deis seo chun breathnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an infheistíocht mhór seo sa tionscal bia mara i mBaile Chaisleáin Bhéarra, agus tá an-áthas orm a rá go bhfuil sé á chur i gcrích laistigh den bhuiséad agus roimh an sprioc.”
Tá an clár chun síneadh a chur leis an gcé chomh maith leis an bhFoirgneamh Riaracháin Cuain nua ina chuid de chlár Forbartha Cuain níos leithne. Tríd an gcé shínithe nua seo cuirfear a dhá oiread spáis ar fáil d'iascairí chun éisc a thabhairt i dtír, maolófar fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le plódú agus beidh féidearthacht ann chun an méid iasc a thugtar i dtír a mhéadú chomh maith le deiseanna eile d'éagsúlú eacnamaíochta atá comhoiriúnach leis an tionscal iascaireachta.
Tháinig méadú 275% ar luach na n-iasc a tugadh i dtír i mBaile Chaisleáin Bhéarra idir 2010 agus 2017 ó €29.9m go dtí €112.3m, agus tháinig méadú 91% ar líonta le linn na tréimhse céanna ó 19,030 tonna go dtí 36,446 tonna.
Dúirt an tAire “nuair a bheidh an ché nua tugtha chun críche seasfaidh sí an aimsir don earnáil bia mara i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus leis sin cuirfear tionscal an iascaigh agus an geilleagar áitiúil ar Leithinis Bhéarra chun cinn agus éascófar mórfhorbairt ar an earnáil bia mara agus ar thionscail mara eile bhainteacha in Iardheisceart na tíre.
Dúirt an tAire ar deireadh “Ní hamháin gur teistiméireacht iad an dá thionscadal seo ar thacaíocht an Rialtais don tionscal iascaigh i mBaile Chaisleán Bhéarra agus ar fhorbairt leanúnach na hearnála bia mara trí chéile ach freisin dár dtiomantas d'fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta phobail le cósta. Nuair a bheidh na saoráidí nua i mBaile Caisleáin Bhéarra tugtha chun críche beidh siad ar chomhchéim leis an gcuid is fearr san Eoraip, agus beifear in ann an geilleagar a fhorleathnú tuilleadh trína gcuirfear timpeallacht ar fáil chun poist a chruthú sa cheantar ina bhfuil géarghá leo.”
Nóta d'eagarthóirí:
Is é Tionscadal Éireann 2040 straitéis fhadtéarmach uileghabhálach an Rialtais chun tír níos fearr a dhéanamh d'Éirinn do chách. Chomh maith le bonneagar fisiciúil a fhorbairt, tacaítear le gnónna agus le pobail ar fud na hÉireann, faoi Thionscadal Éireann 2040, chun barr a gcumas a bhaint amach.
CRÍOCH
Date Released: 10 May 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
